Scéim Ghinearálta den Bhille um Timpeallacht Uisce (Astarraingtí) 2018
- Foilsithe: 14 Meán Fómhair 2018
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 29 Lúnasa 2018
- Dúnadh na haighneachtaí: 12 Deireadh Fómhair 2018
- An t-eolas is déanaí: 2 Meitheamh 2022
Consultation is closed
Cuireann an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy T.D., fáilte roimh aighneachtaí, barúlacha agus ráitis ar an Scéim Ghinearálta den Bhille um Timpeallacht Uisce (Astarraingtí) 2018.
Is é cuspóir an phróisis comhairliúcháin poiblí seo ná deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí maidir leis an reachtaíocht atá beartaithe a roinnt.
Cén fáth a bhfuifimid ag seoladh Comhairliúcháin Poiblí?
Aisghairmfidh an Scéim Ghinearálta beartaithe an tAcht um Soláthairtí Uisce 1942 agus cuid den Acht um Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Slántaíochta) 1964 agus cuirfidh sí píosa nua reachtaíochta phríomha ina n-áit chun astarraingtí ar uisce a rialú. Is dualgas é faoi Chreat-Treoir Uisce an AE córas rialaithe agus clárúcháin ar astarraingtí uisce a thabhairt isteach. Toisc nach bhfuil córas cuimsitheach rialaithe sa réimse seo in Éirinn go dtí seo, teastaíonn ón Aire tuairimí a fháil ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara maidir leis na hathruithe polasaithe atá beartaithe.
Conas páirt a ghlacadh
Tugann an Roinn cuireadh d’aon pháirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh chun bonn eolais breise a chur leis an bpróiseas reachtach.
Chun páirt a ghlacadh, cuir do thuairimí nó barúlacha chugainn ar an ríomhphost ag waterquality@housing.gov.ie roimh 12 Deireadh Fómhair 2018. Ba chóir go mbeadh do aigneacht scríofa nó do thuairimí ar an Scéim Ghinearálta i bhfoim 'Word'.
Mar mhalairt air sin, is féidir freagraí a chur sa phost chuig: An Rannóg Cáilíochta Uisce, An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Tithe an Rialtais, Bóthar an Bhaile Nua, Loch Garman, Y35 AP90.
Mar chúnamh duit, is féidir teach ar cháipéisí ábharthacha trí chliceáil ar an nasc dar teideal 'Cáipéisí':
Cáipéisí
Eolas Breise
D’fhéadfadh go mbeadh an t-eolas sna nascanna seo a leanas úsáideach duit roimh aighneacht a dhéanamh:
Téarmaí agus Coinníollacha
Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaorfháil Faisnéise 2014 agus faoi réir reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Ní cóir go mbeadh aon eolas pearsanta, rúnda nó atá íogair ó thaobh na tráchtála de i d’aighneacht agus glactar leis go bhfuil gach eolas atá san aighneacht agatsa inscaoilithe faoin Acht um Shaorfháil Faisnéise 2014.
Cad a dhéanfaimid le d’aighneacht
Tabhair faoi deara go bhfuil seans go gcuirfear aon aighneachtaí a fhaightear ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne. Ar aon nós, beidh gach aighneacht a fhaightear faoi réir na bhforálacha den Acht um Shaorfháil Faisnéise agus den reachtaíocht ar Chosaint Sonraí.