English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Suirbhé ar líne maidir le lochtanna in árasáin agus in árasáin dhá urláir

Consultation is closed


Achoimre

Tá sraith suirbhéanna ar líne á seoladh ag an Mheitheal um Lochtanna sa Tithíocht a Scrúdú. Bhunaigh an tAire Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht Darragh O’Brien, TD, an mheitheal chun lochtanna sa tithíocht a scrúdú.

Bainfidh an Mheitheal úsáid as freagraí an tsuirbhé mar bhonn eolais lena thuarascáil ar nádúr, scála agus deacrachtaí a eascraíonn as aimsiú lochtanna den sórt sin. Cuirfidh sé faisnéis ar fáil freisin faoi na costais agus na tobhaigh a bhaineann le feabhas a chur ar lochtanna.

Ba mhaith leis an Meitheal buíochas a ghabháil leat as páirt a ghlacadh sna suirbhéanna seo.


Cad í an Mheitheal um Lochtanna sa Tithíocht a Scrúdú?

Sa Chlár don Rialtas leagtar roinnt gealltanas amach maidir leis an réimse tábhachtach beartais a thugann aghaidh ar lochtanna tógála. Tá sé tiomanta do scrúdú a dhéanamh ar lochtanna tithíochta, ag féachaint do mholtaí thuarascáil Chomhchoiste an Oireachtais um Thithíocht, "Safe as Houses?". Athdhearbhaítear an tiomantas seo i dTithíocht do Chách, plean náisiúnta an Rialtais maidir le tithíocht, don tréimhse suas go dtí 2030.

Sa chomhthéacs seo, tá an tAire Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht, Darragh O’Brien, TD, tar éis Meitheal a bhunú chun Lochtanna sa Tithíocht a Scrúdú.

Tá a bhallraíocht agus a théarmaí tagartha ar fáil le híoslódáil ag an gceannteideal Cáipéisí thíos.

Faigheann an Mheitheal tacaíocht riaracháin agus theicniúil ón Roinn agus ón nGníomhaireacht Tithíochta.


Cén fáth a bhfuil an Mheitheal ag seoladh Comhairliúcháin Phoiblí?

Go dtí seo, tá an Mheitheal i dteagmháil le príomhpháirtithe leasmhara agus le grúpaí ionadaíocha do pháirtithe leasmhara. Tá sé anois ag lorg na heispéiris a bhí ag:

  • Úinéirí tí (idir úinéirí reatha agus úinéirí roimhe seo)
  • Tiarnaí talún (lena n-áirítear infheisteoir/úinéir príobháideach, institiúideach/tráchtála, Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta, Údarás Áitiúil srl.)
  • Stiúrthóirí Cuideachtaí Bainistíochta Úinéirí (OMC)
  • Gníomhairí Bainistíochta Maoine.

Tá an Mheitheal ag iarraidh ar dhaoine faisnéis a chur ar fáil faoina n-eispéireas maidir le lochtanna a bhaineann le sábháilteacht dóiteáin, sábháilteacht struchtúrach agus lochtanna ó thaobh uisce teacht isteach in árasáin agus in árasáin dhá urláir a tógadh in Éirinn idir na blianta 1991 agus 2013.

Lorgaítear faisnéis ó dhaoine beag beann an bhfuiltear ar an eolas faoi lochtanna den sórt sin sa mhaoin sin nó nach bhfuil nó beag beann ar tháinig aon locht den sórt sin chun cinn.


Cén úsáid a bhainfidh an Mheitheal as d’fhreagra?

Bainfidh an Mheitheal úsáid as freagraí an tsuirbhé chun a théarmaí tagartha a chomhlíonadh, maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:

  • nádúr agus scála na saincheiste a bhaineann le sábháilteacht dóiteáin, sábháilteacht struchtúrach agus lochtanna ó thaobh uisce teacht isteach
  • na deacrachtaí a thagann chun cinn tar éis teacht ar na lochtanna seo
  • na costais agus na tobhaigh a bhaineann leis na lochtanna a fheabhsú.

Beidh freagraí an tsuirbhé mar bhonn le bailiú eolais ag an Meitheal. Úsáidfear í seo chun bonn eolais a chur faoi bheartas sa réimse seo amach anseo agus ní úsáidfear é chun críche forfheidhmithe.


Conas páirt a ghlacadh ann

Tá suirbhé ar leith ullmhaithe ag an Meitheal do gach grúpa. Táthar ag súil go dtógfaidh sé idir 5 agus 20 nóiméad na suirbhéanna a chomhlánú, ag brath ar an suirbhé. Táthar ag súil go dtógfaidh an suirbhé níos lú ama don úinéirí tí ná an suirbhé don Ghníomhaire Bainistíochta Maoine.

Mairfidh na suirbhéanna ar feadh sé seachtaine ó Dé Luain 31 Eanáir 2022 go 5in Dé Domhnaigh 20 Márta 2022 agus is féidir teacht orthu ag na naisc seo a leanas:

Déantar na suirbhéanna a óstáil ar EUsurvey, ardán suirbhé a fhaigheann tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach.

Tá suirbhé an Aontais Eorpach comhoiriúnach leis an dá leagan is déanaí de Microsoft Edge, Mozilla Firefox agus Google Chrome chomh maith leis an gcuid is mó de na brabhsálaithe gréasáin soghluaiste. Má úsáidtear brabhsálaithe eile, d’fhéadfadh sé seo bheith mar chúis le fadhbanna comhoiriúnachta.


Cáipéisí

Membership of the Working Group to Examine Defects in Housing
Amharc amharc
Terms of Reference for the Working Group to Examine Defects in Housing
Amharc amharc
Ráiteas Príobháideachais - Suirbhé ar líne maidir le lochtanna in árasáin agus in árasáin dhá urláir
Amharc amharc

Téarmaí agus Coinníollacha

Cuirtear in iúl d’fhreagróirí go bhfuil freagraí an tsuirbhé faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014, agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.

Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a áireamh i d’aighneacht agus toimhdeofar go bhfuil gach faisnéis atá i d’aighneacht in-scaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.

Tabhair faoi deara go bhféadfaidh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta achoimre ar thorthaí an tsuirbhé a fhoilsiú agus féadfaidh siad sonraí gan ainm ó na freagraí a fuarthas a fhoilsiú.

Tá ráiteas príobháideachta a bhaineann le haon sonraí pearsanta a d’fhéadfaí a chur ar fáil ar fáil le híoslódáil faoin gceannteideal Cáipéisí thuas.

toradh an chomhairliúcháin

Report of the Working Group to Examine Defects in Housing
Amharc amharc