Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

An Rannán Pleanála

Tá sé de chúram ar an Rannán Pleanála a chinntiú go bhfuil an creat straitéiseach beartais agus pleanála reachtaíochta i bhfeidhm chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus forbairt réigiúnach chothrom a chur chun cinn (mar shampla: trí Thionscadal Éireann 2040 agus an Creat Pleanála Náisiúnta (NPF) a chur i bhfeidhm) agus córas pleanála trédhearcach láidir a chothabháil, agus treoir agus acmhainní beartais iomchuí a sholáthar d’údaráis phleanála agus don Bhord Pleanála chun a bhfeidhmeanna agus a riachtanais reachtúla agus a bhfeidhmeanna nua a bhaineann le hOifig an Rialtóra Pleanála (OPR) a sheachadadh.

Is éard atá i gceist leis seo idirghníomhaíocht ar Straitéisí Réigiúnacha Spásúla agus Eacnamaíocha (RSES), beartas athghiniúna uirbí lena n-áirítear an Ciste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí agus beartas bainistíochta talún, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht Forbartha Talún.

Tá an rannán freagrach freisin as pleanáil mhuirí, trí chéad Phlean Spásúil Mara na hÉireann a fhorbairt agus trí fhorbairt agus gníomhaíocht a rialáil ar an imeall trá a shíneann feadh níos mó ná 3000 km de líne chladaigh ón líne bairr láin go 12 mhuirmhíle (22km) de réir fhorálacha an Achta Imeall Trágh 1933, arna leasú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat