English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

An Rannán um Sheachadadh Tithíochta Sóisialta

Tá an rannán seo freagrach as seachadadh gealltanas sa Chlár Rialtais a threorú agus a mhaoirsiú, maidir le:

  • seachadadh tithíochta sóisialta agus
  • cuspóirí gaolmhara a chur chun cinn faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus faoi Thionscadal Éireann 2040.

Áirítear leis seo an stoc tithíochta sóisialta a mhéadú níos mó ná 50,000 sna cúig bliana amach romhainn, trí oibriú le húdaráis áitiúla agus Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta chun seachadadh tithe tithíochta sóisialta a luathú agus a mhéadú, trí raon clár tógála, fála agus léasaithe, lena n-áirítear díriú ar mhaoin fholamh.

Tá an Rannán freagrach freisin as:

  • bainistíocht agus maoirseacht an bhuiséid tithíochta sóisialta €2.5 billiún
  • tuairisciú ar sheachadadh agus aschuir tithíochta, lena n-áirítear tuilleadh forbartha ar chórais tuairiscithe sóisialta agus sonraí.