English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Faisnéis Earnála Poiblí a Ath-úsáid

Comhlíonann an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta na Rialacháin maidir le hAthúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí agus spreagaimid daoine leis an bhfaisnéis a tháirgimid a athúsáid.

Tá an fhaisnéis ar fad atá ar ár suíomh idirlín faoi chóipcheart na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ach amháin sa chás go dtugtar a mhalairt le fios. Féadfaidh tú an fhaisnéis ar an suíomh idirlín seo a athúsáid saor in aisce in aon fhormáid ar bith.

San áireamh le hathúsáid tá: cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craoladh agus aistriú faisnéise go teangacha eile. Clúdaíonn sé taighde agus staidéar neamhthráchtála freisin.

Bíonn athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas. Caithfidh tú:

  • an fhoinse a admháil chomh maith lenár gcóipcheart i gcáis go soláthraíonn tú an fhaisnéis do dhaoine eile
  • an fhaisnéis a atháirgeadh go cruinn
  • gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach a chuirfeadh duine amú
  • gan an fhaisnéis a úsáid chun críocha fógraíochta nó chun táirge nó seirbhís áirithe a chur chun cinn agus chun na gcríoch sin amháin
  • gan an fhaisnéis a úsáid le haghaidh nó chun tacú le cuspóirí mídhleathacha, mímhorálta nó calaoiseacha.

Níl an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faoi dhliteanas as aon chaillteanas nó dliteanas a bhaineann leis an athúsáid fhaisnéise agus ní dheimhníonn an Roinn go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta nó saor ó earráidí. Ní údaraíonn an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta d’aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith acu chun a faisnéis a athúsáid.