Iarratas - Foilseacháin Inrochtana
- Foilsithe: 2 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 22 Lúnasa 2024
- Seirbhísí Inrochtana
- Foilseacháin Inrochtana
- Samplaí d’Fhormáidí Inrochtana a d’fhéadfadh a bheith ar fáil, ar iarratas
- Conas iarratas a dhéanamh ar Fhoilseachán Inrochtana
- Oifigigh Rochtana faoin Acht um Míchumas 2005
Seirbhísí Inrochtana
Leagadh síos an Straitéis Náisiúnta Míchumais agus an tAcht um Míchumas 2005 agus iarracht á déanamh a chur ar chumas daoine atá faoi mhíchumas a bheith rannpháirteach go hiomlán i saol geilleagrach, sóisialta agus cultúrtha an phobail. Tá freagracht mhór ar gach comhlacht poiblí a chinntiú go bhfuil rochtain ag cách ar sheirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal, lena n-áirítear eolas inrochtana a bheith ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas.
Foilseacháin Inrochtana
Táimid meáite, nuair is féidir agus nuair atá maoiniú ar fáil na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- chinntiú go gcuirfear ar fáil i bhformáid inrochtana gach foirm agus bileog eolais nuair a iarrfar sin (tá Foirm Iarratais ar leithligh le haghaidh Eolas Inrochtana ar fáil). Fógróimid go hoscailte freisin inrochtaineacht an eolais sin don fhoireann agus don phobal
- Smaoineofar ar riachtanais chustaiméirí agus foirmeacha, bileoga agus foilseacháin á ndearadh sula bhfoilseofar iad trí cháipéisí mar “First Steps in Producing Accessible Publications” de chuid an Údaráis Náisiúnta Míchumais agus Treoirlínte & Seicliostaí "See it Right" de chuid an RNIB
- a chinntiú go scríobhfar gach foilseachán dár gcuid i dteanga chomh saor ó bhéarlagair agus is féidir. I gcásanna nach bhféadfar é sin a dhéanamh, mar gheall ar an gcineál cáipéise agus ábhar na cáipéise, tabharfaidh baill foirne cúnamh, nuair a iarrfar sin.
B’fhéidir nach bhféadfaí gach cáipéis a chur ar fáil go héasca don phobal i ngach formáid, ach breithneoimid aon iarratas a gheofar, ag féachaint do riachtanais an chustaiméara agus don mhaoiniú a bheidh ar fáil
Samplaí d’Fhormáidí Inrochtana a d’fhéadfadh a bheith ar fáil, ar iarratas
- leagan le cló mór
- leagan éisteachta CD nó méaróg chuimhne
- Braille
- formáid éasca le léamh
- leagan leictreonach HTML
Conas iarratas a dhéanamh ar Fhoilseachán Inrochtana
Líon isteach Foirm Iarratais le haghaidh Eolas Inrochtana le do thoil agus seol ar ais í chuig:
John McGee, Rochtain ar Fhoilsitheoireacht, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Aonad Cumarsáide, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath D01, W6X0.
Fón: +353 (0)1 888 2058
Ríomhphost: John.McGee@housing.gov.ie