English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

James Gandon

Bhí aois an dá scór sroichte ag James Gandon faoin am gur tháinig sé i dtír in Éirinn i mí Aibreáin 1781 chun tosú ar an obair ar Theach an Chustaim. Le Teach an Chustaim, leathnú Theach na dTiarnaí, na Ceithre Chúirt agus Óstaí an Rí, bhí sé le hathrú radacach a dhéanamh ar lár Bhaile Átha Cliath tráth a bhí ina aois órga don ailtireacht sa chathair.

Tháinig sé ar an saol i Londain in 1742 de shliocht na nÚgóineach. Chuaigh sé le hoifig William Chambers mar a raibh sé ina phrintíseach ar feadh seacht mbliana. D'éirigh sé gafa leis an luí a bhí ag Chambers le stíl choimeádach acadúil: cosúil lena mháistir bhí an ghráin aige ar mhuintir na Gréige, meas aige ar mhuintir na Róimhe agus is i dtreo na bhFrancach a bhí a shúil go háirithe le haghaidh disciplín a gcuid saoirseachta cáiréisí.

Rugadh an bua air sa chomórtas don Mhalartán Ríoga i mBaile Átha Cliath in 1768 agus fágadh sa dara háit é. Bhí roinnt teagmhálacha déanta aige i Londain a bhí tábhachtach ó thaobh na hÉireann. Tar éis dó a bheith curtha in aithne do John Beresford a d'iarr léaráidí air do Theach nua an Chustaim, foirgneamh ar cuireadh síos air le himeacht ama mar 'ghlóir Bhaile Átha Cliath'

Lean Gandon ar aghaidh le bheith ina chónaí in Éirinn tar éis dó éirí as obair. Tá sé curtha i nDroim Conrach, Baile Átha Cliath.