Maidir leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
- Foilsithe: 2 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 15 Márta 2024
Tús
Is é misean na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tacú le seachadadh inbhuanaithe agus éifeachtúil tithe dea-phleanáilte agus rialtas áitiúil éifeachtach.
Leagann Ráiteas Straitéise na Roinne amach conas a bhainfidh sí amach na spriocanna atá aici:
- chinntiú go gcuireann an phleanáil agus an tógáil inár réigiúin agus inár bpobail le forbairt chothrom inbhuanaithe
- soláthar cobhsaí inbhuanaithe tithíochta ar dhea-chaighdeán a chumasú
- creat a chur ar fáil le haghaidh acmhainní uisce a bhainistiú go hinbhuanaithe ón bhfoinse go dtí an fharraige
- rialtas áitiúil atá daonlathach, freagrúil agus éifeachtach, bainistíocht éifeachtach toghcháin agus bainistíocht seirbhísí dóiteáin agus éigeandála ar ardchaighdeán a chur ar aghaidh agus a chumasú
- freastal ar an tsochaí trí fhaisnéis aimsire agus aeráide iontaofa a tháirgeadh agus a chur in iúl chun beatha agus maoin a chosaint agus chun ról Mhet Éireann a fheabhsú mar an guth údarásach maidir le haimsir ard-tionchair in Éirinn.
Ón 9 Meán Fómhair 2020 tá an roinn freagrach freisin as:
- freagrachtaí caomhnaithe dúlra Stát na hÉireann a bhainistiú faoin dlí náisiúnta agus Eorpach
- beartas a bhaineann le hoidhreacht ailtireachta na hÉireann a fhoirmliú agus a chur i bhfeidhm
- oidhreacht thógtha lena n-áirítear Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta
Codanna den Roinn
- An Rannán Tacaíochta Corparáidí agus Gnó
- An Rannán um Beartas Tithíochta, Rialachas agus Reachtaíocht
- An Rannán um Sheachadadh Tithíochta Sóisialta
- An Rannán Inacmhainneachta Tithíochta, Cuimsitheachta agus Easpa Dídine
- Rannán Uisce
- An Rannán Pleanála
- An Rannán Rialtais Áitiúil
- Rannán Met Éireann
- Rannán na Seirbhíse Iniúchta Rialtais Áitiúil
Naisc Chorparáideacha
- Iarratais ar Fhoilseacháin Inrochtana
- Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (AIE)
- Tuarascáil Bhliantúil
- Teagmháil leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
- Creat Rialachais Chorparáidigh
- Aiseolas ó Chustaiméirí / Nós Imeachta um Ghearáin
- Cosaint Sonraí
- Saoráil Faisnéise
- Soláthar
- Stair na roinne
- Scéim na Gaeilge 2020-2023
- Bord Bainistíochta
- Dialanna na nAirí
- Sonraí Oscailte
- Cairt Eagraíochta
- Tuairisceáin Íocaíochta Pras
- Nochtuithe Cosanta
- Seirbhís Custaiméara Ardcháilíochta
- Earcaíocht
- Rialáil Brústocaireachta
- Faisnéis Earnála Poiblí a Ath-úsáid
- Dialanna an Ard-Rúnaí
- Comhlachtaí Stáit
- Ráiteas Straitéise
- Teach an Chustaim