Met Éireann
- Foilsithe: 7 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 2 Samhain 2021
Is é Met Éireann Seirbhís Náisiúnta Mheitéareolaíochta na hÉireann.
Is é an príomhsholáthraí d’fhaisnéis ar an gcomhshaol é chomh maith le seirbhísí gaolmhara d’Éirinn. Is é a mhisean ná an riachtanas náisiúnta le réamhaisnéisí ardchaighdeáin aimsire agus seirbhísí bainteacha a chomhlíonadh, leis an éifeachtúlacht agus an luach is fearr ar airgead.
An tSeirbhís Náisiúnta Mheitéareolaíochta
- cabhraíonn le cosaint agus sábháilteacht bheatha agus mhaoin daoine a chinntiú trí réamhaisnéisí agus rabhaidh phoiblí aimsire a eisiúint
- cuireann leis an rathúnas náisiúnta agus le cuspóirí an Rialtais go héifeachtach trí sheirbhísí ábhartha meitéareolaíocha a sholáthar do gach earnáil den eacnamaíocht
- cinntíonn sástacht na gcustaiméirí trí raon agus cháilíocht ár réamhaisnéisí a fheabhsú go leanúnach, chomh maith le costéifeachtacht ár n-oibriúchán agus caighdeán foriomlán ár seirbhíse
- cothaíonn timpeallacht oibre gairmiúil tacúil a mheallann, a choinníonn agus a fhorbraíonn fostaithe a bhíonn tiomanta tugtha dá n-obair
- cinntíonn go gcoinnítear bonneagar ardchaighdeáin costéifeachtach meitéarolaíoch ar bun, ag teacht le riachtanais agus acmhainní náisiúnta
- comhlíonann oibleagáidí an Stáit le seirbhísí meitéareolaíochta a sholáthar don earnáil Eitlíochta
- breisíonn cáilíocht ár gcartlainne aeráideolaíochta agus soláthraíonn bealaí le teacht ar ár mbunachair shonraí go héasca éifeachtach
- glacann páirt san fhorbairt leanúnach ar an eolaíocht mheitéarolaíoch agus ar na bealaí, gur féidir í a úsáid, i gcomhar lenár gcomhpháirtithe Eorpacha agus leis an bpobal idirnáisiúnta ar bhonn níos leithne
- cabhraíonn le monatóireacht éifeachtach ar an gcomhshaol nádúrtha agus é a bhainistiú go maith.
Tá a thuilleadh faisnéise ar fáil ar shuíomh idirlín Met Éireann.