English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Nós Imeachta le haghaidh Aiseolais/Gearán ó Chustaiméirí



Aisfhreaga Custaiméir

Mura bhfuil tú sásta le cáilíocht na seirbhíse a fuair tú ón Roinn seo, nó dá mba mhaith leat roinnt moltaí a dhéanamh ar mhaithe lenár seirbhísí a fheabhsú, téigh i dteagmháil díreach linn le do thoil. Cuirimid fáilte roimh gach nóta tráchta agus déileálfaimid le do ghearáin/cheisteanna/mholtaí go héifeachtach agus faoi rún.


Gearán

Más mian leat gearán a dhéanamh faoi aon ghné den tseirbhís a fuair tú ón Roinn seo, lean na céimeanna taobh thíos le do thoil. Má bhaineann do ghearán le seirbhís ó údarás áitiúil nó gníomhaireacht a oibríonn faoi scáth na Roinne is ceart dul i dteagmháil leis an údaráis nó gníomhaireacht féin.

  • Céim 1 - Is ceart an gearán a thabhairt ar aird (litir/fón/ríomhphost) sa bhfoirne ina mbainneann sé agus iarracht a dhéanamh chuile mionsonra maidir le do ghearán a chur in iúl dóibh siúd atá chun plé leis.
  • Céim 2 - Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fuair tú ón duine thuas, ba chóir duit dul i dteagmháil lenár nOifigeach um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí (QCS) ag:-

Oifigeach um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Aonad Cumarsáide, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath D01 W6X0.

Ríomhphost:qcsofficer@housing.gov.ie


Ombudsman

Tá súil againn gur éirigh linn do ghearán a réiteach go sásúil. Má tá tú míshásta, áfach, leis an bhfreagra a fuair tú uainn, is féidir leat do ghearán a chur faoi bhráid Oifig an Ombudsman. Tá seirbhísí an Ombudsman cothrom, neamhspleách, agus éasca le húsáid.

Lorgóidh an tOmbudsman sonraí maidir le do ghearán uait agus cóip den litir/ríomhphost seo (ár bhfreagra deiridh ar do ghearán). Seo a leanas an bealach is fearr chun teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman:

  • Cliceáil ar an nasc 'Gearán a dhéanamh’ ag www.ombudsman.ie
  • Nó seol nóta i scríbhinn chuig: Oifig an Ombudsman, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
  • Nó glaoigh ar an Ombudsman ag an uimhir 01 639 5600 má tá aon cheist agat nó má theastaíonn cabhair uait chun gearán a dhéanamh.”

Office of the Ombudsman

Seoladh:
6 Earlsfort Terrace, Dublin 2, D02 W773
Suíomh Gréasáin:
Teileafón:
01 639 5600

Oifigigh Fhiosraithe faoin Acht um Míchumais 2005

Tá Oifigeach Fiosrúchán againn le gearáin a rinneadh faoi Alt 38 den Acht um Míchumas a scrúdú.

Is féidir gearán a dhéanamh don Oifigeach Fiosraithe mas rud é nár chloí an Roinn le haltanna 25, 26, 27 nó 28 den Acht um Míchumais 2005.

Is féidir gearán a dhéanamh go pearsanta, i scríbhinn, ar an bhfón, trí fhacs nó trí ríomhphost.

Déanfaidh an tOifigeach Fiosrúchán mionscrúduithe go príobháideach, agus déanfaidh siad tuairisc:

  • an bhfuil bonn le do ghearán
  • ina dtabharfar le fios cibé acu ar theip nó nár theip orainn i ndáil le do ghearán.

San áit ar tharla faillí, leagfaidh sí amach na céimeanna a thógfar chun a chinntiú go mbeidh comhlíonadh ann amach anseo. Cuirfear an tuairisc seo ar fáil dár nArd-Rúnaí agus don duine a rinne an gearán

Seo iad sonraí teagmhála an Oifigigh Fhiosraithe:

Danny O'Sullivan, Aonad Bainistíochta Áiseanna,

Ríomhphost:danny.osullivan@housing.gov.ie


Trácht Charta

Chun cabhrú linn monatóireacht a dhéanamh ar leibhéal ár seirbhísí agus é a fheabhsú, b'áthas linn agus ba mhór againn do chuid tuairimí agus moltaí maidir le feabhsú a chloisteáil. Is féidir dul i dteagmháil lenár nOifigeach QCS de réir na sonraí teagmhála atá leagtha amach thuas, nó trínár gcárta tráchta ar líne a chomhlánú.

Tá an cárta tráchta ar fáil freisin mar pdf in-íoslódáilte nó mar chóip chrua ar iarratas ó aon bhall dár bhfoireann.

Seirbhís do Chustaiméirí - Trácht Chárta
Amharc amharc