English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Nochtaí Cosanta


Tá an roinn tiomanta go láidir don phróiseas um nochtadh cosanta agus a bheith ag tacú le daoine labhairt amach faoin imní atá acu maidir le haon éagóir a rinneadh, mar atá leagtha amach sa reachtaíocht.


Cad is nochtadh cosanta ann?

Is éard atá i nochtadh cosanta ná faisnéis ábhartha a nochtadh atá, de réir creideamh réasúnta oibrí, claonadh chun éagóir ábhartha amháin nó níos mó a thaispeáint a tháinig ar aird an oibrí i gcomhthéacs a bhaineann leis an obair agus a nochtar ar an modh a leagtar síos san Acht um Nochtadh Cosanta 2014 arna leasú leis an Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú) 2022.


Cé a d'fhéadfadh nochtadh cosanta a dhéanamh?

Is é atá i gceist le hoibrí, dar le Cuid 3 den Acht um Nochtaí Cosanta, ná duine a bhfuil eolas acu faoi éagóir ábhartha a rinneadh i gcomhthéacs bainteach leis an obair.


Cá háit is féidir nochtadh cosanta a dhéanamh?

Chun nochtadh cosanta a dhéanamh, mar atá sainmhínithe sna nósanna imeachta seo, go hinmheánach don roinn ba chóir duit aghaidh a thabhairt ar nochtadh den sórt sin mar seo a leanas:

Trí ríomhphost: protected@housing.gov.ie

Trí phost: Ba chóir nochtaí a chuirtear sa phost a mharcáil faoi rún agus ba chóir iad a sheoladh chuig:

Ceann an Aonaid Tacaíochta Straitéisí agus Gnó,

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ,

Bóthar an Bhaile Nua,

Loch Garman ,

Y35 AP90.


Nochtadh cosanta a dhéanamh don Aire nó d’Airí Stáit

Ní mór nochtaí a fhaigheann Airí agus Airí Stáit a chur ar aghaidh chuig an gCoimisinéir um Nochtaí Cosanta. Déanfaidh an roinn a dícheall an nochtadh a tharchur chuig an gCoimisinéir um Nochtaí Cosanta laistigh de 10 lá féilire tar éis é a fháil.

Déileálfar le céannacht an duine tuairiscithe faoi rún de réir an Achta um Nochtadh Cosanta 2014 arna leasú ag an Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2022.

Sonraí teagmhála:

An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil, agus Oidhreachta

Trí ríomhphost: minister@housing.gov.ie

Trí phost: Ba chóir nochtaí a chuirtear sa phost a mharcáil faoi rún agus ba chóir iad a sheoladh chuig:

An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil, agus Oidhreachta, Oifig an Aire, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath, D01 W6X0.

Uimhir Fóin: +353 (0)1 888 2403

Aire Stáit do Rialtas Áitiúil agus Pleanáil

Trí ríomhphost: ministerofstate@housing.gov.ie

Trí phost: Ba chóir nochtaí a chuirtear sa phost a mharcáil faoi rún agus ba chóir iad a sheoladh chuig:

Aire Stáit do Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath, D01 W6X0.

Uimhir Fóin: +353 (0)1 888 2597

Aire Stáit Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin

Trí ríomhphost: MOS@housing.gov.ie

Trí phost: Ba chóir nochtaí a chuirtear sa phost a mharcáil faoi rún agus ba chóir iad a sheoladh chuig:

Aire Stáit Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath, D01 W6X0.

Uimhir Fóin: +353 (0)1 888 2425


Tacaíocht atá ar fáil má tá nochtadh cosanta á dhéanamh agat

Transparency International (TI) Ireland

Cuireann Transparency International Ireland comhairle neamhspleách agus rúnda ar fáil d'aon duine atá ag machnamh ar imní a thuairisciú nó nochtadh cosanta a dhéanamh agus chuir siad an treoirleabhar seo le chéile: Treoirleabhar Labhairt Amach go Sábháilte

Is féidir dul i dteagmháil leo:

Más cuí, is féidir leis an líne chabhrach glaoiteoirí a threorú chun comhairle dhlíthiúil saor in aisce a fháil ón Ionad um Chomhairle Dhlíthiúil Trédhearcachta

Seirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe na Státseirbhíse (SCFS)

Soláthraíonn Seirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe na Státseirbhíse (SCFS) Clár Cúnaimh d’Fhostaithe inmheánach d’Fhoireann na Státseirbhíse.

Is seirbhís ghairmiúil obair-bhunaithe í an tSeirbhís atá deartha chun cabhrú le fostaithe deacrachtaí oibre agus pearsanta a bhainistiú/réiteach a d’fhéadfadh drochthionchar a bheith aige ar thinreamh, ar fheidhmíocht oibre agus ar cháilíocht na beatha mura ndéantar freastal orthu. Aithníonn an Státseirbhís a foireann mar acmhainn luachmhar. Tá sé mar aidhm aige fórsa saothair athléimneach a thógáil agus a chothabháil chun seirbhísí éifeachtacha a sholáthar trí fheasacht a ardú ar mheabhairshláinte mhaith san ionad oibre agus a chur chun cinn.

Téigh i dteagmháil ar:


Tuarascáil Bhliantúil um Nochtaí Cosanta

Dar leis an Tuarascáil Bhliantúil um Nochtaí Cosanta 2014 tá sé éigeantach d'fhoráis phoiblí Tuarascáil Bhliantúil a fhoilsiú maidir le nochtaí cosanta.

Is féidir Tuarascáil Bhliantúil um Nochtaí Cosanta na roinne a fháil anseo.


Ráiteas Príobháideachais

Nochtuithe Cosanta - Ráiteas Príobháideachais
Amharc amharc