Soláthar
- Foilsithe: 15 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 15 Márta 2024
- Conarthaí poiblí bronnta os cionn €25,000
- Íocaíochtaí a bhaineann le soláthar os cionn €20,000
- Beartas Príobháideachais Soláthair
- An Oifig um Sholáthar Rialtais
- Comórtais tairisceana
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tiomanta do sheachadadh seirbhíse éifeachtach trí úsáid a bhaint as próisis soláthair atá comhlíontach, cothrom agus trédhearcach. Soláthróidh siad seo oibreacha, earraí agus seirbhísí atá luach ar airgead de réir an Chreata Beartais Náisiúnta um Sholáthar Poiblí (NPPPF). Tá rialacha agus nósanna imeachta soláthair na Roinne á rialú ag:
- treoracha AE
- rialacháin agus treoirlínte náisiúnta
- beartais agus nósanna imeachta inmheánacha.
Conarthaí poiblí bronnta os cionn €25,000
De réir na Scéime Foilsithe um Shaoráil Faisnéise, ceanglaítear ar chomhlachtaí poiblí sonraí na gconarthaí poiblí a bronnadh ar luach os cionn €25,000 (gan CBL san áireamh) a fhoilsiú.
Íocaíochtaí a bhaineann le soláthar os cionn €20,000
De réir na Scéime Foilsithe um Shaoráil Faisnéise, ceanglaítear ar chomhlachtaí poiblí íocaíochtaí a bhaineann le soláthar, os cionn €20,000 (CBL san áireamh nuair is cuí) a fhoilsiú ar bhonn ráithiúil.
Beartas Príobháideachais Soláthair
Míníonn an ráiteas príobháideachais seo conas a phróiseálfaidh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, mar an Rialaitheoir Sonraí, na sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil di maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar.
An Oifig um Sholáthar Rialtais
Is príomhfhoinse faisnéise é suíomh gréasáin na hOifige um Sholáthar Rialtais maidir le soláthar na hearnála poiblí.
Soláthraíonn sé na nithe seo a leanas chun eolas a thabhairt don phróiseas soláthair:
- réitigh fhoinsithe chomhlíontacha
- conarthaí beo
- creatlaí
- ábhar treorach
- teimpléid.
Comórtais tairisceana
Tá sonraí ar ár gcomórtais tairisceana reatha ar fad ar fáil ar shuíomh gréasáin eTenders.