Sonraí Teagmhála an Chinn Comhairimh
- Foilsithe: 23 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 30 Meitheamh 2025
Tá na cinn chomhairimh freagrach as toghcháin Dála a reáchtáil. Tá siad freagrach freisin as an vótaíocht a thógáil i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa, i dtoghcháin Uachtaránachta agus i reifrinn ar leibhéal an toghcheantair (nó limistéir údaráis áitiúil).
I dtoghcháin Dála, bíonn siad freagrach as na nithe seo a leanas:
- ainmniúcháin iarrthóirí a fháil agus rialú a dhéanamh orthu
- eagrú na vótaíochta, priontáil na bpáipéar ballóide agus comhaireamh na vótaí i ngach dáilcheantar
- cárta faisnéise vótaíochta a sheoladh chuig gach vótálaí, agus a n-uimhir ar chlár na dtoghthóirí agus an stáisiún vótála inar féidir leo vóta a chaitheamh a chur in iúl dóibh
- na socruithe riachtanacha a dhéanamh le haghaidh vótála ag vótálaithe poist agus speisialta.
Téigh i dteagmháil le ceann comhairimh do thoghcheantair.