Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Teach an Chustaim

Tugtar meas cheann de chlocha bua ailtireachta na cathrach ar Theach an Chustaim i mBaile Átha Cliath. Saothar máistreachta sa stíl nua-chlasaiceach Eorpach atá ann agus caitheadh deich mbliana á thógáil agus cuireadh i gcrích in 1791 é. Chosain sé 200,000 steirling, a bhí ina shuim mhór airgid an tráth sin.

Ba é an t-éacht ab fhearr a bhain James Gandon amach, a bhí tugtha anall ó Shasana leis an obair a dhéanamh. Bhí Gandon roghnaithe ag John Beresford, an Príomh-Choimisinéir Ioncaim, agus ag conlán beag den dream ceannasach Éireannach a bhí i mbun an phróisis an tráth sin le sráideanna agus foirgnimh phoiblí Bhaile Átha Cliath a bhreisiú.

Rinneadh Edward Smyth, dealbhóir cáiliúil na hÉireann, na dealbha atá lonnaithe i gcodanna éagsúla den fhoirgneamh.

Bhí an foirgneamh ina cheanncheathrú ag na Coimsinéirí Custaim agus Máil go heisiach ar dtús; ach bhí príomhról Theach an Chustaim i ndáil leis an rialtas áitiúil faoi thús an fhichiú céad áfach. Dódh an foirgneamh go talamh an 25 Bealtaine, 1921 le linn Chogadh na Saoirse; cuireadh obair athchóiriúcháin i gcrích faoi 1928.

Cuireadh tús leis an dara clár athchóiriúcháin sna 1980aidí agus cuireadh i gcrích é in am le dhá chéad bliain ó bunaíodh Teach an Chustaim a cheiliúradh in 1991.

Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat