English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Éifeachtúlacht Fuinnimh a Fheabhsú i bhFoirgnimh Thraidisiúnta, Treoir do Shaineolaithe agus do Shuiteálaithe, 2023

Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag Éirinn chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun gealltanais idirnáisiúnta maidir le maolú ar an athrú aeráide a chomhlíonadh. Tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh sa stoc traidisiúnta foirgneamh chun na gealltanais sin a chomhlíonadh.

Cé go bhfuil an bhéim ar iarfheistiú fuinnimh foirgneamh tábhachtach, ní mór sláine ár bhfoirgneamh traidisiúnta a urramú agus athruithe á ndéanamh. Is féidir feidhmíocht fuinnimh fhormhór na bhfoirgneamh stairiúil agus traidisiúnta a fheabhsú, rud a chabhraíonn leo leanúint de bheith inmharthana, anois agus amach anseo.

Is mian linn ár bhfoirgnimh thraidisiúnta a choinneáil in úsáid agus ligean dóibh leanúint d’áiteanna compordacha, sábháilte agus álainn a chur ar fáil chun cónaí agus obair a dhéanamh.

Tá sé mar aidhm ag an treoir seo comhairle shoiléir fhónta a chur ar fáil do shonraitheoirí agus do shuiteálaithe, agus a bheith inrochtana do lucht féachana níos leithne ag an am céanna.

Improving Energy Efficiency in Traditional Buildings, Guidance for Specifiers and Installers, 2023
Amharc amharc