Éire 2040 - An Tionscadal - An Creat Náisiúnta Pleanála
-
Ó: An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta; An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
- Foilsithe: 18 Eanáir 2019
- An t-eolas is déanaí: 26 Eanáir 2023
Is creat pleanála é an doiciméad seo, an Creat Náisiúnta Pleanála, chun forbairt agus infheistíocht a threorú sna blianta amach romhainn. Ní sholáthraíonn sé gach mionsonra do gach cearn den tír ach cuireann sé ar chumas gach réigiún a bheith i gceannas ar phleanáil agus ar fhorbairt a bpobail, ina bhfuil sraith cuspóirí náisiúnta agus príomhphrionsabail óna leanfaidh pleananna níos mionsonraithe agus níos beaichte.