English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Acht um Thionóntachtaí Cónaithe - Bord um Thionóntachtaí Cónaithe (BTC)

Rialaíonn an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004, arna leasú, an caidreamh tiarna talún-tionónta san earnáil chónaithe phríobháideach ar cíos, lena gcumhdaítear cíos príobháideach, cíos costais, cíos sóisialta ag comhlachtaí tithíochta ceadaithe agus cóiríocht ar cíos a bhaineann go sonrach le mic léinn, agus leagtar amach cearta agus oibleagáidí tiarnaí talún agus tionóntaí.

Bunaíodh an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe (BTC) mar chomhlacht reachtúil neamhspleách faoin Acht chun:

  • córas náisiúnta um chlárú tionóntachta a oibriú;
  • réiteach díospóidí idir tiarnaí talún agus tionóntaí a éascú
  • iompar míchuí áirithe ag tiarnaí talún a imscrúdú agus a cheadú;
  • treoirlínte a fhoilsiú maidir le dea-chleachtas san earnáil,
  • faisnéis a sholáthar,
  • taighde a dhéanamh
  • Comhairle pholasaí agus moltaí a chur ar fáil don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le hathrú reachtaíochta.

Sa chás go bhfuil díospóid idir tiarna talún agus tionónta, is féidir an t-aighneas a tharchur chuig an BTC lena réiteach. Is í an idirghabháil an modh réitigh is éifeachtaí agus is tapúla ach tá breithniú ar fáil freisin, le hachomharc chuig binse tionóntachta.

Ní féidir le tiarnaí talún leas a bhaint as an tseirbhís um réitieach díospóide leis an BTC ach amháin má tá an tionóntacht lena mbaineann an díospóid cláraithe leis an BTC. Is féidir le tionóntaí, áfach, leas a bhaint as an tseirbhís um réitieach díospóide fiú mura bhfuil an tionóntacht cláraithe leis an BTC ach gur tionóntacht í atá faoi chosaint ag an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004. Tá acmhainní breise á gcur ar fáil don BTC ionas gur féidir le héascaitheoirí oilte BTC idirghabháil a dhéanamh go luath chun cosc a chur ar dhíospóidí idir páirtithe. Cuirtear idirghabháil chun cinn mar phríomhsheirbhís réitithe díospóide BTC.

Tá eolas luachmhar ar shuíomh gréasáin an BTC do thiarnaí talún agus do thionóntaí maidir lena gcearta agus a n-oibleagáidí. Tugann an suíomh gréasáin rochtain éasca ar fhaisnéis a bhaineann le seirbhísí BTC freisin. Tá cóipeanna de thuarascálacha BTC agus foirmeacha úsáideacha ar fáil le híoslódáil.

Ní mór do thionóntachtaí cónaithe atá clúdaithe ag an RTA a bheith cláraithe ag an tiarna talún leis an BTC agus táille chlárúcháin a íoc mura bhfuil aon táille i gceist — féach an treoir clárúcháin bhliantúil ar www.rtb.ie).

Le héifeacht ón 4 Aibreán 2022, ceanglaítear ar thiarna talún gach tionóntacht a chlárú leis an BTC, laistigh de mhí amháin ón dáta tosaithe, nó ó chothrom lae an dáta sin. Cuireann an riachtanas maidir le clárú bliantúil tionóntachtaí feabhas ar shonraí BTC chun cabhrú le tuiscint níos fearr a fháil ar earnáil na gcíosanna cónaithe agus chun bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht agus forbairt beartais. Cuidíonn an córas clárúcháin nua agus sonraí feabhsaithe cíosa leis an BTC dlíthe tionóntachta cónaithe a fhorfheidhmiú go ginearálta ach go háirithe, na ceanglais maidir le clárú tionóntachta agus socrú cíosa.

Tá Foirmeacha Clárúcháin um Iarratas Tionóntachta (RTB1) agus Foirmeacha Nuashonraithe Tionóntachta ar fáil ar shuíomh gréasáin an BTC.

Tá tuilleadh eolais faoi chlárú bliantúil ar fáil anseo.

Na daoine ar féidir leat teagmháil a dhéanamh leo chun tuilleadh comhairle a fháil

Cuireann an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe (BTC) eolas ar fáil ar chúrsaí tionóntachta cónaithe ar a shuíomh gréasáin – www.rtb.ie – agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis trí webchat/ríomhphost (féach ‘teagmháil a dhéanamh linn’ ar www.rtb.ie) nó ar 0818 303037.

Cuireann an carthanas náisiúnta tithíochta, Threshold, seirbhísí comhairle agus abhcóideachta ar fáil dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu laistigh de thionóntacht.

Tá réimse leathan faisnéise, comhairle agus íoslódálacha ar fáil ar shuíomh gréasáin Threshold.

De rogha air sin, is féidir dul i dteagmháil leo ar an nguthán ag 1800 454 454.