Aeráil Tí
- Foilsithe: 19 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Nollaig 2024
Is éard atá i gceist i gcás na haerála ná aer le truailleáin dhíobhálacha agus le taise ó laistigh den fhoirgneamh a mhalartú le haer úr glan. Feabhsaíonn aeráil mhaith caighdeán an aeir laistigh agus cruthaíonn sé tithe sláintiúla.
An tábhacht a bhaineann lenár dtithe a aeráil
Tithe nua
Má tá teach nuathógtha agat in Éirinn ba cheart duit na rudaí seo a leanas a bheith agat:
- Teastas Rátáil Fuinnimh an Fhoirgnimh (RFF) a léiríonn go gcomhlíonann an áit chónaithe caighdeáin FNMNF d'éifeachtúlacht fuinnimh
- Teastas Tástáil Teinne an Aeir a léiríonn go gcomhlíonann an áit chónaithe na ceanglais teinne aeir a leagtar amach i gCuid L de na Rialacháin Tógála
- Teastas Bailíochtú Aerála a léiríonn go gcomhlíonann an áit chónaithe na ceanglais aerála a leagtar amach i gCuid F de na Rialacháin Tógála.
Rialacháin
Rinneadh dlí de na leasuithe ar Chuid L de na Rialacháin Tógála i 2019, ag cur Rialacháin Foirgnimh Nach Mór Neodrach ó thaobh Fuinnimh (FNMNF) agus Rialacháin Athchóirithe Ollmhóra i bhfeidhm. In éineacht leis sin, rinneadh dlí de na leasuithe ar Chuid F de na Rialacháin Tógála, a bhaineann le haeráil.
Cuid F (Aeráil)
S.I. No. 263/2019 - Building Regulations (Part F Amendment) Regulations 2019
Leagtar caighdeáin éifeachtúla aerála amach sna rialacháin sin agus tacaíonn siad leis na beartais a tugadh isteach i Rialacháin Chuid L agus Rialacháin ón Aontas Eorpach (Feidhmíocht Fuinnimh Foirgnimh), 2019.
Cuid L (Breosla agus Fuinneamh a Chaomhnú)
Bileog
Cabhróidh an treoirleabhar ar aeráil seo leat tuiscint níos fearr a fháil ar an aeráil i do theach. Níl sé ag teacht in ionad treoracha an déantóra, treoracha ar cheart duit a leanúint i gcónaí. Tugann sé míniú ar aeráil, cad ar cheart duit a bheith ar an eolas faoi más úinéir tí tú nó más ar cíos atá an teach agat agus má tá sé i gceist agat tabhairt faoi athchóirithe.