English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ag Cur Fios ar an mBriogáid Dóiteáin


Diailigh 112 nó 999

Nuair a thabharfar freagra ar do ghlao labhróidh tú le hoibreoir a fhiafróidh duit cén tseirbhís a theastaíonn uait, is é sin, an Garda Síochána, Otharcharr, Briogáid Dóiteáin nó Garda Cósta.. A luaithe is a deir tú go dteastaíonn an Bhriogáid Dóiteáin uait aistreoidh an t-oibreoir tú go dtí Ionad Cumarsáide na Briogáide Dóiteáin. Cuirfidh an tOibreoir roinnt ceisteanna ort ionas go mbeifear ábalta an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú:

  • cad atá trí thine?
  • cad é seoladh an áitribh?
  • cad é d’uimhir theileafóin?
  • an bhfuil daoine ar bith san fhoirgneamh?
  • an bhfuil aslonnú ar siúl?
  • cén cineál foirgnimh atá trí thine?
  • an bhfuil guaiseacha ar bith san fhoirgneamh nó thart air?
  • faisnéis eile de réir mar is ábhartha.

Ní gá duit ceann cuimhne a choinneáil ar cheann ar bith de na ceisteanna thuas. Ach tá sé tábhachtach go ndéanfá an méid seo a leanas:

  • fan socair
  • éist go cúramach leis an oibreoir
  • labhair go mall agus go soiléir
  • ná críochnaigh an glao go dtí go n-iarrfaidh an t-oibreoir ort.

B’fhéidir go gceapfá go bhfuil an glao ag glacadh barraíocht ama de bharr na gceisteanna atá á gcur ach tig leat bheith cinnte a luaithe is a fhaigheann an t-oibreoir an seoladh déantar na Foirne Dóiteáin is gaire atá ar fáil a sheoladh láithreach agus níl á dhéanamh ag an t-oibreoir ach tuilleadh faisnéise tábhachtaí a bhailiú uait lena tabhairt do na foirne dóiteáin freagartha is gaire atá ar fáil.


Suíomh Gréasáin EU 112

Is í 112 an uimhir éigeandála a oibríonn gach áit ar fud an Aontais Eorpaigh, ó líne talún nó ó fhón póca, saor in aisce. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig [external-link https://ec.europa.eu/digital-single-market/en/112 | suíomh gréasáin EU 112 ].

National Directorate for Fire and Emergency Management

Seoladh:
Department of Housing, Local Government and Heritage, Rm. G59, Custom House, Dublin 1, D01 W6X0