English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ag tacú leis na Ceithre Chonair: Córas Tithíochta Inbhuanaithe a Chumasú


Tá plean fadtéarmach ag an rialtas chun soláthar seasta tithíochta a bhaint amach do na háiteanna cuí le hinmharthanacht eacnamaíochta, sóisialta agus timpeallachta curtha san áireamh sa chóras ann. Tá roinnt tionscnamh agus leasuithe curtha i gcrích ag Tithíocht do Chách cheana féin a dheimhníonn go mbeidh ár gcóras tithíochta inmharthana don am atá le teacht. Áirítear orthu sin:

  • Tionscnaimh chun acmhainn oibre agus earnála a mhéadú, lena n-áirítear athruithe ar an gcóras ceada fostaíochta agus ar an Tionscnamh Tógála Todhchaí chun fostóirí agus cuardaitheoirí poist a chur le chéile, oiliúint agus oideachas a mholadh, agus chun earcaíocht idirnáisiúnta agus fórsa oibre na tíre seo a ghníomhachtú
  • Tá Grúpa Comhtháite agus Ceannaireacht na Modhanna Nua-Aimseartha Tógála (MNT) ag cur úsáid MNT, agus ag cur nuálaíochta agus táirgiúlachta chun cinn chun costais tógála chónaithe a laghdú
  • Anailís ar gach gné de chostas tógála (lena n-áirítear costas an chomhlíonta) a bhaineann le forbairt tithe agus árasán, atá bunaithe ar chomparáidí ar chostas le tíortha ón AE atá inchurtha le hÉirinn
  • Athbhreithniú ar chóras um rialú tógála (rialú caighdeán agus cleachtas tógála)
  • Gníomhartha chun comhlachtaí mórscála a mhealladh agus tacaíocht a thabhairt do thógálaithe beaga agus meánmhéide
  • Rialtóir neamhspleách um Chaighdeáin Foirgníochta a chruthú chun maoirseacht a dhéanamh ar rialú tógála go náisiúnta agus chun feidhmiú mar fheighlí ar an gCóras Bainistíochta um Rialú Foirgníochta (CBRF)
  • Tacaíocht a thabhairt d'fhorbairt riachtanach bonneagair
  • An líonra uisce a leathnú chun tacú le soláthar tithíochta
  • Bonneagar digiteach um monatóireacht ar fhorbairt tithíochta náisiúnta a fhorbairt. Áireofar orthu seo, soláthar bliantúil tithíochta a chuirfear i gcomparáid le spriocanna lonnaíochta réigiúnacha agus náisiúnta agus spriocanna pleananna forbartha réigiúnacha agus náisiúnta chomh maith le rianaire forbraíochtaí tithíochta suntasacha do limistéir chathrach/uirbeacha/bhail i gcomhpháirt le hÚdaráis Áitiúla
  • Clár náisiúnta do thalamh tithíochta criosaithe a fhorbairt atá bunaithe ar Phleananna Forbartha Údaráis Áitiúil. Mar chuid de seo, beidh an táirgeacht/acmhainn tithíochta fhéideartha, ar féidir leis a bheith mar bhonn freisin do ríomh na luachanna úsáide talún atá ag teastáil do na bearta Comhroinnte Luachanna Talún
  • Tuairisciú ag an gCoimisiún Tithíochta faoina théarma tagartha don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Léigh an chuid seo de ‘Tithíocht do Chách’ ina hiomláine.

Tithíocht do Chách: Plean Tithíochta Nua d’Éirinn - Caibidil 5
Amharc amharc

An tEolas is Déanaí

Comhairliúchán Poiblí an Choimisiúin Tithíochta

Ar an 20 Márta 2023, seoladh comhairliúchán thar ceann an Choimisiúin Tithíochta. Is í aidhm an chomhairliúcháin ná eolas a dhéanamh do mhachnamh an Choimisiúin Tithíochta ar bheartas tithíochta atá fadtéarmach i ndiaidh 2030. Chomh maith leis sin, tá sé ag breathnú ar cheisteanna reatha tithíochta a d'fhéadfadh iarmhairtí a bheith acu don fhadtéarma. Is é an dáta deiridh d'aighneachtaí ná an 18 Aibreán 2023.

Léigh tuilleadh faoi Chomhairliúchán Poiblí an Choimisiúin Tithíochta

Tá comhoibriú riachtanach chun úsáid Modhanna Nua-Aimseartha Tógála i soláthar tithíochta a luathú

Ar an 22 Feabhra 2023, eagraíodh imeacht do pháirtithe leasmhara na hearnála tógála chun díriú ar bhealaí a aimsiú a chuirfidh an nuálaíocht chun cinn agus a ardóidh táirgiúlacht i bhfoirgníocht chónaithe, lena n-áirítear úsáid Modhanna Nua-Aimseartha Tógála (MNT).

Bhí an t-imeacht mar chuid de thionscnamh tras-roinne agus tras-ghníomhaireachta na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta um MNT faoi Thithíocht do Chách.

Chuala na páirtithe leasmhara na scéalta is déanaí faoi thionscnaimh éagsúla Rialtais a bhí ar bun chun:

  • fad tógála tithe nua a laghdú
  • déantúsaíocht sheachtrach a mhéadú
  • athruithe san earnáil a chur chun cinn.

Léigh tuilleadh faoin bhfóram

Scéim fabhtanna a bhunú d’árasáin agus d'árasáin dhá urlár

An 18 Eanáir 2023, d’fhormheas an rialtas dréachtú reachtaíochta chun tacú le feabhsúchán árasán agus árasáin dhá urlár, a tógadh idir 1991 agus 2013, le sábháilteacht dóiteáin, sábháilteacht struchtúrach agus fabhtanna isteach uisce. Cuirfidh an reachtaíocht bonn reachtúil ar fáil chun scéim feabhsúcháin a bhunú a bheidh dírithe ar shábháilteacht agus leas na ndaoine sin a bhfuil cónaí orthu in árasáin nó in árasáin dhá urlár a chosaint agus a bhfuil a leithéid de locht orthu le linn na tógála.

Léigh tuilleadh faoi scéim lochtanna d’árasáin agus árasáin dhá urlár

Tuarascáil anailíse faoi reachtaíocht tógála agus scileanna tógála foilsithe

Ar an 22 Nollaig 2022, foilsíodh an Tuarascáil um Anailís ar Scileanna do Thógáil agus Aisfheistiú Cónaithe 2023 go 2030.

Mar ghníomh tosaíochta faoi Thithíocht do Chách , aithníonn an tuarascáil na riachtanais scileanna tógála atá ag an earnáil bhreisoideachais agus oiliúna agus ag an earnáil ardoideachais chun freastal ar na cuspóirí tithíochta agus aisfheistithe a leagadh amach i dTithíocht do Chách agus sa Phlean Aisfheistithe Náisiúnta

Léigh tuilleadh sa Tuarascáil ar an Anailís ar Scileanna le haghaidh Foirgníochta Cónaithe

Seolann an Coimisiún Tithíochta Comhairliúchán Poiblí ar Reifreann ar Thithíocht in Éirinn

Ar an 1 Iúil 2022, sheol an Coimisiún Tithíochta comhairliúchán poiblí ag lorg tuairimí ar Reifreann ar Thithíocht in Éirinn. Iarradh sa chomhairliúchán ar aighneachtaí féachaint ar cheart leasú bunreachtúil a chuir i bhfeidhm agus, dá mba cheart, cén cruth ba cheart a bheith air.

Léigh tuilleadh faoi chomhairliúchán an Choimisiúin Tithíochta

Treoirlínte Measúnachta Straitéisí Timpeallachta (MST) nuashonraithe foilsithe

Ar an 10 Márta 2022, foilsíodh treoirlínte Measúnachta Straitéisí Timpeallachta (MST) nuashonraithe. Téann na treoirlínte i ngleic le roinnt de na laigí atá sa phróiseas MST. Cabhróidh na treoirlínte le húdaráis áitiúla ceisteanna timpeallachta a chur isteach i bPleananna Forbartha is cabhróidh siad le spriocanna forbartha inbhuanaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaint amach.

Léigh tuilleadh faoi na treoirlínte Measúnachta Straitéisí Timpeallachta (MST)

Caighdeáin d'Earnáil na gComhlachtaí Ceadaithe Tithíochta faofa

Ar an 16 Feabhra 2022, faomhadh na caighdeáin do Chomhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (CCTanna). Forbraíodh na caighdeáin do CCTanna tar éis dul i dteagmháil leis an earnáil agus le raon leathan pháirtithe leasmhara. Bunaíonn siad sraith torthaí atá ar CCTanna a bhaint amach chun cosaint sócmhainní tithíochta arna soláthar nó arna mbainistiú ag CCTanna a léiriú.

Is eagraíochtaí neamhspleácha, neamhbhrábúis iad CCTanna a sholáthraíonn tithíocht, in éineacht le húdaráis áitiúla, do dhaoine ar an liosta feithimh do thithíocht shóisialta nó do ghrúpaí áirithe, amhail daoine aosta nó daoine gan dídean.

Léigh tuilleadh faoi na caighdeáin d'earnáil na gcomhlachtaí ceadaithe tithíochta

200 Post Nua Tithíochta d'Údaráis Áitiúla

I Mí na Nollag, 2021, faomhadh breis is 200 ball foirne nua d'fhoirne seachadta tithíochta na nÚdarás Áitiúil. Méadóidh na poist seo an cumas atá ag údaráis áitiúla, scéimeanna tithíochta nuathógtha a thionscnamh, a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm.

Léigh tuilleadh faoi 200 post nua tithíochta dúdaráis áitiúla

Ceanglóidh reachtaíocht ar sholáthraithe seirbhísí foirgníochta clárú le Clár Tionscail Tógála na hÉireann

Ar an 12 Eanáir 2021, foilsíodh an Bille um Rialáil Soláthraithe Oibreacha Tógála 2021. Ón uair a thabharfar feidhm dó, ceanglóidh an reachtaíocht ar gach eintiteas a chuireann seirbhísí foirgníochta ar fáil clárú le Clár Tionscail Tógála na hÉireann. Cuirfidh an reachtaíocht an clár ar bhonn reachtúil.

Tá sé mar aidhm ag an mBille tairbhe a dhéanamh do thomhaltóirí agus don phobal i gcoitinne, le gealltanas a thabhairt do gach duine a fhostaíonn tógálaí cláraithe go bhfuil siad ag déileáil le hoibrí inniúil agus comhlíontach. Táthar ag súil go ndéanfaidh sé cultúr inniúlachta, dea-chleachtais agus comhlíontachta le rialachán tógála a fhorbairt agus a chur chun cinn. Tá sé i gceist go bhféadfaidh tógálaithe tosú ar chlárú sa bhliain 2023 agus tabharfar feidhm do chlárú reachtúil go luath sa bhliain 2024.

Léigh tuilleadh faoin gClár Tionscail Tógála na hÉireann


Bileog Eolais

Tacú leis na Ceithre Bhealach Córas Tithíochta Inbhuanaithe a Chumasú 󠄀- Bileog Eolais
Amharc amharc

Físeáin

Cuidigh linn árais chónaithe inbhuanaithe na todhchaí a chruthú

Scéal Susie - 'Sular thug mé faoin obair thógála rinne mé staidéar ar theiripe scéimhe...'

Scéal Emer - 'Bhí an-chuid daoine éagsúla ag filleadh abhaile ó thar lear'

Scéal Peter - 'Tá neart deiseanna ar fáil sa tionscal'

Scéal Nithya - 'Tháinig mé ar Éirinn.....ina bhfuil go leor deiseanna ar fáil sa tionscail tógála.'

Tá an Cúrsa Feasachta Buneolais ar Fhoirgneamh Nach Mór Neodrach ó Thaobh Fuinnimh á dhéanamh ag an Sainchomhairleoir Fuinnimh Connell