An Cúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráite 2022-2025
-
Ó: An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta; An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
- Foilsithe: 11 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 14 Márta 2022
- Amharc ar an gClár
- Cad atá nua sa Chlár?
- An dteastaíonn uait eolas breise a fháil faoi cháilíocht an uisce?
D’fhoilsigh an Rialtas Cúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráite 2022-2025 na hÉireann. Leagtar amach sa Chlár bearta nua a tugadh isteach ón gCeathrú Clár.
Bronntar feidhm i gClár Gníomhaíochta Níotráite na hÉireann i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint), 2022 ( I.R. Uimh. 113 de 2022). Tá bearta sonracha sna rialacháin chun uiscí dromchla agus screamhuisce a chosaint ó thruailliú cothaithigh a eascraíonn as foinsí talmhaíochta.
Forbraíodh an Cúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráite i ndiaidh comhairliúchán poiblí tosaigh, a cuireadh ar bun go déanach in 2020, agus tar éis an dara tréimhse chomhairliúcháin a críochnaíodh i Meán Fómhair 2021. Dhírigh tríú tréimhse chomhairliúcháin ar an dréacht-Ráiteas Tionchair Natura agus ar dhréacht-Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta don Chlár agus críochnaíodh é in Eanáir 2022. Fuarthas thart ar 70 aighneacht i rith na dtrí thréimhse chomhairliúcháin agus chuir iad seo eolas ar fáil don Chlár deiridh.
Amharc ar an gClár
Cad atá nua sa Chlár?
Rinneadh roinnt beart a neartú agus a chur leis an gClár ón gCeathrú Clár Gníomhaíochta Níotráite agus áirítear leo an méid seo a leanas:
- Clár Díolacháin Leasacháin Cheimicigh le bunú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (an RTBM) don bhliain 2023
- Feabhas a chur ar Chomhlíonadh agus Forfheidhmiú – Déanfaidh an GCC Clár Cigireachta Talmhaíochta Náisiúnta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm d’údaráis áitiúla. Beidh na cigireachtaí seo níos dírithe agus níos rioscabhunaithe agus beidh béim níos láidre ar chomhlíonadh agus ar fhorfheidhmiú leantach. Méadóidh an RTBM an líon cigireachtaí maolaithe ó 5 go 10%
- Stóráil agus Bainistíocht Sciodair agus Uisce Ithreach – síneadh dátaí na tréimhse dúnta
- Rátaí Eisfheartha Beostoic – Tá trí bhanda ráta nua eisfheartha á dtabhairt isteach a ríomhfar mar 80kg/heicteár, 92 kg/heicteár agus 106 kg/heicteár. Ciallaíonn seo, d’fhonn gan na hualaí uasta ceadaithe nítrigine orgánaí 250 kg/heicteár a shárú sa mhaolú go mbeidh líon níos lú ba le bheith ann sa heicteár
- Leasachán Ceimiceach a Rialú – Cuirfear tús leis seo trí laghdú 10% a dhéanamh ar an nítrigin cheimiceach a scaiptear go náisiúnta agus is féidir an laghdú a mhéadú aníos go dtí 15% go náisiúnta i ndiaidh go ndéanfar athbhreithniú meántéarma ar an gclár
- Slodaí Camrais/Tionsclaíochta – Déanfar athbhreithniú ar bhainistiú agus ar mhaoirseacht
- Carnadh Fosfair – Cuirtear seo ar fáil d’fheirmeoirí a bhfuil de bhreis ar 130kg/heicteár acu
- Cumhdach Glas ar Thalamh Churaíochta - Le haon chaillteanais fhéideartha chothaithigh a laghdú titfidh saothrú iarfhómhair / cur barr amach laistigh d’amlínte níos déine. Tabharfar bearta breise isteach sna míonna amach anseo chun dul i ngleic le buarthaí faoi limistéir bheathaithe d’éin atá á gcailleadh
- Próitéin Gharbh i nDlúthbhianna – Ceadaítear ábhar uasta próitéine gairbhe 15% i ndlúthbhiianna ainmhithe do bheostoc innilte idir an 15 Aibreán agus an 30 Meán Fómhair
- Cinntiúchán faoi Ábhar Orgánach - ó 2022, tá tástáil ithreach i dtaobh Ábhar Orgánach le déanamh ar na hithreacha go léir ina bhfuil breis agus Ábhar Orgánach 20%
- Caithfear Tástálacha Ithreach a dhéanamh ar ghabháltais ag a bhfuil breis agus 170kg/heicteár faoin mbliain 2022, agus faoin mbliain 2023 i gcás gabháltas ag a bhfuil breis agus 130kg/heicteár agus i gcás talamh arúil churtha
- Talamh Innilte a Bhainistiú – I gcás pleanáil cothaithigh, is é an ráta stocála do choimíneacht 50kg/heicteár agus ní cheadaítear aon nítrigin cheimiceach ar choimíneacht
- Táblaí teicniúla a athbhreithniú – Rinneadh roinnt táblaí a nuashonrú leis an gcomhairle eolaíochta is déanaí agus déanfar roinnt táblaí a nuashonrú amach anseo don athbhreithniú eatramhach nuair a bheidh an fhianaise eolaíochta ar fáil
- Glacfar le cur chuige céimnithe maidir le Sciodar Astaíochtaí Ísle a Scaipeadh (2023-2025) d’fheirmeacha ag a bhfuil níos mó ná 100kg/heicteár agus caithfear é a úsáid freisin nuair a bhíonn sciodar muisce á scaipeadh
- Déanfar Athbhreithniú Eatramhach ar an gClár laistigh de 2 bhliain.
An dteastaíonn uait eolas breise a fháil faoi cháilíocht an uisce?
Le heolas a fháil faoi cháilíocht an uisce i do cheantar áitiúil nó faoi ghníomhaíochtaí cháilíocht an uisce ar fud na tíre, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin Dobharcheantar an GCC.
Tá treoir, léarscáileanna, sonraí, acmhainní, cás-staidéir agus nuacht a bhaineann le huisce ó áiteanna mórthimpeall na hÉireann ar an láithreán gréasáin. Is féidir leat clárú freisin le Nuachtlitir ráithiúil faoi Dhobharcheantair agus nuashonruithe a fháil faoi imeachtaí ábhartha i do chontae.