An Tairseach MTT
- Foilsithe: 8 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 30 Nollaig 2024
- Cad atá i gceist leis an Tairseach MTT
- Faisnéis ar fáil ar thairseach an MTT
- Rochtain ar an Tairseach MTT
Cad atá i gceist leis an Tairseach MTT
Is suíomh gréasáin léarscáil-bhunaithe é an Tairseach MTT lena dtugtar rochtain d’úsáideoirí ar iarratais ar thoiliú forbartha in éineacht le Tuarascáil ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta a rinneadh ón 16 Bealtaine 2017. Cuimsítear gach iarratas ar thoiliú a dhéantar faoi na cóid reachtaíochta ábhartha ar an Tairseach, lena n-áirítear iarratais ar fhorbairtí amach ón gcósta.
Is féidir teacht ar shuíomh Gréasáin an Tairseach MTT ag Tairseach MTT.
Is príomhuirlis de bheartas comhshaoil an AE é Measúnú Tionchair Timpeallachta (MTT). Is é príomhchuspóir na Treorach MTT (Treoir 2011/92/AE arna leasú ag 2014/52/AE) go gcinntítear nach dtabharfar toiliú forbartha do thionscadail phoiblí agus phríobháideacha ar dócha go mbeidh tionchar suntasach acu ar an gcomhshaol ach amháin tar éis measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí comhshaoil suntasacha dóchúla a bhaineann leis na tionscadail sin i.e. Measúnú Tionchair Timpeallachta (MTT).
Déantar MTT ar bhonn na faisnéise cuí a sholáthraíonn an forbróir (Tuarascáil ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta), a d’fhéadfadh na húdaráis agus an pobal ar dócha go mbeidís buartha faoin tionscadal atá i gceist a fhorlíonadh. Is cuid thábhachtach den phróiseas measúnaithe í rannpháirtíocht an phobail agus is féidir le duine ar bith tuairimí nó imní faoi thionscadal ar leith a chur in iúl, lena mbreithniú mar chuid den phróiseas cinnteoireachta.
Chun rannpháirtíocht éifeachtach an phobail sa chinnteoireacht a áirithiú, éilíonn an Treoir MTT fógra leictreonach a thabhairt don phobal maidir le hiarratais ar thoiliú forbartha atá faoi réir Measúnaithe Tionchair Timpeallachta (MTT).
Faisnéis ar fáil ar thairseach an MTT
Is pointe lárnach é an Tairseach MTT chun fógra a thabhairt don phobal maidir le gach iarratas ar thoiliú forbartha atá faoi réir MTT, lena n-áirítear forbairt, oibreacha nó gníomhaíochtaí, arna ndéanamh ar fud na tíre agus faoi na cóid reachtaíochta éagsúla. Soláthraítear rochtain ar na hiarratais sin leis an Tairseach MTT freisin, chomh maith le nasc chuig an bhfaisnéis agus na doiciméid ábhartha a bhaineann leis an iarratas atá i seilbh na n-údarás ábhartha atá freagrach as iarratais den sórt sin a fhormheas (ar a dtugtar údaráis inniúla). Éascaítear deis luath agus éifeachtach leis an Tairseach MTT d’aon duine le bheith rannpháirteach sna nósanna imeachta cinnteoireachta nuair a bhíonn MTT ag teastáil.
Leis an Tairseach MTT, taispeántar an faisnéis maidir le hiarratais ar thoiliú forbartha atá faoi réir MTT arna ndéanamh chuig na húdaráis inniúla ábhartha ón 16 Bealtaine 2017. Chun a chinntiú go gcoimeádtar faisnéis ar gach iarratas a mbíonn MTT ag teastáil in leith ar an Tairseach MTT, ceanglaítear ar iarratasóirí ar thoiliú forbartha atá faoi réir MTT faoi chóid reachtúla éagsúla fógra a thabhairt don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faoin iarratas, ag nó roimh thús na gcomhairliúchán a mbíonn ag teastáil faoin bpróiseas MTT. Déantar aon fhaisnéis a fhaigheann an Roinn a uaslódáil chuig an Tairseach MTT faoi cheann 3 lá oibre.
Aithnítear leis an Tairseach MTT, ar léarscáil, suíomh gach iarratas ar thoiliú forbartha in éineacht le TMTT. Liostaítear ann freisin ainm an iarratasóra, an cineál forbartha atá beartaithe agus an t-údarás inniúil a ndéantar an t-iarratas chuige. Cuirfear an fógra nuachtáin a bhaineann leis an iarratas ar fáil freisin ar an Tairseach MTT.
Cuirfear nasc chuig faisnéis maidir le hiarratas ar shuíomh Gréasáin an údaráis inniúil ar fáil tar éis don údarás inniúil ábhartha an t-iarratas a fháil.
Tá an t-eolas ar an Tairseach MTT teoranta ar mhaithe le fógra tosaigh agus luath-fhógra a sholáthar maidir le tionscadail bheartaithe a mbíonn MTT ag teastáil ina leith ar fud na tíre. Beidh an fhaisnéis mhionsonraithe a bhaineann leis an iarratas le fáil ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil, lena n-áirítear doiciméid e.g. léarscáileanna, tuarascálacha etc., próiseas rannpháirtíochta an phobail agus an dul chun cinn go dtí an chéim chinnidh, agus aon achomharc.