An Tairseach MTT - Faisnéis d’Iarratasóirí
- Foilsithe: 8 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 29 Samhain 2024
Conas a thugaim fógra don Tairseach MTT faoi thionscadal a n-éilítear Measúnacht Tionchair Timpeallachta ina leith?
Sula ndéanann tú iarratas chuig údarás inniúil ar aon chineál toilithe forbartha a bhfuil Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta ag gabháil leis, ní mór duit fógra a thabhairt don Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil faoin iarratas sin agus faisnéis lena sainaithnítear láthair na forbartha beartaithe a thabhairt lena cur ar áireamh ar an Tairseach MTT. Tugann an t-iarratasóir cur síos achomair ar an bhforbairt bheartaithe, ainm an fhorbróra agus ainm an údaráis inniúil a ndéanfar an t-iarratas chuige. Ba cheart an fógra agus an fhaisnéis sin a thabhairt ar aon dul leis na nósanna imeachta agus leis an bpróiseas atá i bhfeidhm le haghaidh an chineáil toilithe forbartha a bhfuil iarratas á dhéanamh agat air. Mar shampla, i gcás iarratas a dhéantar chuig an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil faoin Acht Imeall Trágha, 1933, ní mór fógra a thabhairt don Tairseach MTT sula bhfoilsítear an fógra nuachtáin faoin iarratas.
Más iarratasóir thú, ba cheart duit an fhoirm a íoslódáil agus a chomhlánú anseo, agus na sonraí seo a leanas á dtabhairt agat:
- ainm an Iarratasóra
- seoladh ríomhphost an Iarratasóra (chun cabhrú le freagra a thabhairt ar cheisteanna agus le deimhniú á rá go bhfuarthas an fhaisnéis riachtanach a thabhairt) agus uimhir theileafóin teagmhála an Iarratasóra:- ní fhoilseofar an seoladh ríomhphoist ná an uimhir theileafóin ar an Tairseach MTT
- ainm teagmhálaí, más difriúil le hainm an Iarratasóra
- láthair na forbartha beartaithe. Ní bheidh tú in ann ach 256 charachtar ar a mhéad a úsáid agus an réimse seo ar an bhfoirm á chomhlánú agat. Más mó an seoladh iomlán ná an teorainn sin, mar shampla i gcás go síneann an fhorbairt thar roinnt bailte fearainn nó i gcás go bhfuil éadanas aici ar roinnt bóithre, déan cur síos ar an láthair trí thagairt do bhaile nó sráidbhaile in aice láimhe. Beidh seoladh iomlán na forbartha beartaithe le feiceáil sa chóip den fhógra poiblí a fhoilseofar ar an Tairseach MTT;
- cur síos ar an bhforbairt. Ní bheidh tú in ann ach 256 charachtar ar a mhéad a úsáid agus an réimse seo á chomhlánú agat freisin. Más mó an cur síos iomlán ná an teorainn sin, déan cur síos ar an bhforbairt ar bhealach a chuirfidh ar chumas an phobail an fhorbairt bheartaithe a thuiscint i dtéarmaí ginearálta. Mar shampla, d’fhéadfadh gur leor “Feirm ghaoithe ag a bhfuil 10 dtuirbín, airde bairr 155 m, agus nasc leis an Eangach Náisiúnta” agus d’fhéadfaí tagairtí do bhóithre rochtana, dúshraith, fálta, fostáisiún leictreachais, agus fad beartaithe an cheada, i measc nithe eile, a fhágáil ar lár dá bharr. Beidh sonraí iomlána na forbartha beartaithe le feiceáil sa chóip den fhógra poiblí a fhoilseofar ar an Tairseach MTT;
- an t-údarás inniúil a ndéanfar an t-iarratas chuige. I gcás gur gá iarratas a dhéanamh chuig níos mó ná údarás inniúil amháin ar thoiliú forbartha a n-éilítear Measúnacht Tionchair Timpeallachta ina leith (mar shampla, cead pleanála agus ceadúnas ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil), beidh sé riachtanach fógraí ar leith a thabhairt don Tairseach MTT i leith gach iarratais. Beidh sé riachtanach fógraí ar leith a thabhairt, fiú i gcás go bhfuil iarratais ar thoiliú á ndéanamh go comhuaineach;
- roghnaigh “Tá” nó “Níl”, de réir mar is cuí, le haghaidh forbairtí líneacha. De ghnáth, bainfidh sé sin le hábhar i gcás bóthair, cábla tarchuir leictreachais, píblíne nó ní gaolmhar. Roghnaigh “Tá” i gcás go bhfuil gné líneach leithleach ag an bhforbairt (mar shampla, forbairt shuíomhoiriúnaithe ag a bhfuil gné líneach ghaolmhar, amhail feirm ghaoithe ag a bhfuil nasc as an láithreán leis an ngreille).
Ní mór gach cuid den fhoirm iarratais a chomhlánú go hiomlán.
Agus í comhlánaithe, sábháil an fhoirm, agus scríobh síos ainm agus láthair an chomhaid. A luaithe atá sí comhlánaithe agus sábháilte, ní mór an fhoirm a chur isteach chuig an Roinn le ríomhphost chuig EIAPortal@housing.gov.ie. Luaigh “Fógra faoi Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta” i líne ábhair an ríomhphoist. Déan cinnte de go bhfuil na doiciméid seo a leanas ag gabháil leis an bhfoirm:
- cóip leictreonach inchuardaithe den fhógra nuachtáin beartaithe (amhail comhad inchuardaithe PDF). Ní mór gurb é an fógra an fógra poiblí atá sé beartaithe a fhoilsiú i nuachtán chun comhlíonadh a dhéanamh ar na ceanglais maidir le fógra poiblí a thabhairt, ar ceanglais iad a thagann faoin reachtaíocht lena rialaítear an nós imeachta toilithe forbartha lena rialaítear an t-iarratas. Cuirfear é sin ar an Tairseach MTT, agus
- léarscáil de láthair an láithreáin chun cabhrú le riarthóir na Tairsí MTT an fhorbairt bheartaithe a aimsiú go cruinn ar an Tairseach MTT. Ní mór an léarscáil de láthair an láithreáin a bheith de mhéid leordhóthanach agus ní mór sonraí a bheith inti faoi ghnéithe sa chomharsanacht chun sainaithint an láithreáin a éascú. Ní mór í a bheith marcáilte ar bhealach ina sainaithneofar go soiléir inti an talamh nó an déanmhas lena mbaineann an t-iarratas, agus na teorainneacha á dtaispeáint le línte dearga. Ba cheart í a bheith ar scála nach lú ná 1:1,000 i gceantair ina bhfuil go leor tógála déanta agus ar scála 1:2,500 i ngach ceantar eile (leis an scála a shainaithnítear). I gcás nach leor léarscáil láithreáin atá ar an scála ceart chun láthair na forbartha beartaithe a shainaithint, déan teagmháil leis an Tairseach MTT chun scála cuí a chomhaontú. Ní chuirfear an léarscáil láithreáin ar an Tairseach MTT. Ba cheart comhad na léarscáile de láthair an láithreáin a chur ar fáil i bhformáid PDF.
Is é 18 MB an teorainn mhéide fhoriomlán don ríomhphost agus do na ceangaltáin.
Gheobhaidh tú ríomhphost admhála a ghinfear go huathoibríoch ó EIAPortal@housing.gov.ie tar éis don Roinn an fógra faoi Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta a fháil.
Mura bhfaigheann tú an admháil uathoibríoch sin, déan cinnte de gur laistigh den teorainn mhéide cheadaithe atá méid fhoriomlán na gcomhad. Má leanann na fadhbanna ar aghaidh, déan teagmháil le riarthóir na Tairsí MTT ag na seoltaí teagmhála atá liostaithe thíos.
Laistigh de 3 lá oibre ón bhFógra faoi Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta a chur isteach, i.e. foirm chomhlánaithe, fógra poiblí agus léarscáil láithreáin, gheobhaidh tú ceann amháin díobh seo:
- Fógra deimhnithe ríomhphoist á rá gur cuireadh an Fógra faoi Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta ar áireamh ar an Tairseach MTT go rathúil.
- Iarraidh ó riarthóir na Tairsí MTT ar thuilleadh soiléirithe nó faisnéise maidir leis an bhfógra
Maidir leis an bhfaisnéis a uaslódáiltear chuig an Tairseach MTT, beifear in ann amharc uirthi ar an suíomh ón uair a eisítear an fógra deimhnithe i leith. Tabhair faoi deara nach mór an fógra deimhnithe a chur isteach chuig an údarás inniúil ábhartha i dteannta d’iarratais.
Cad é an chéad chéim eile?
Tar éis d’iarratas ar thoiliú forbartha a fháil agus a phróiseáil ar dtús, tabharfaidh an t-údarás inniúil don Tairseach MTT uimhir thagartha comhaid do d’iarratas agus an URL chun nascadh chuig an iarratas ar a shuíomh Gréasáin agus chuig aon doiciméid atá bainteach leis an iarratas, lena n-áirítear Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta. Beidh an uimhir comhaid agus an URL bainteach leis an bhfógra ábhartha ar an Tairseach MTT.
A luaithe atá an uimhir comhaid agus an URL atá bainteach leis an bhfaisnéis ar fáil ar an Tairseach MTT, tabhair faoi deara nach gcuirfear aon fhaisnéis bhreise leis an Tairseach MTT. Ní dhéanfar an fógra tosaigh a nuashonrú le faisnéis faoin iarratas, amhail aon chinneadh, aistarraingt nó neamhbhailiú a dhéantar ar an iarratas agus aon fhaisnéis bhreise faoi. Ba cheart faisnéis a chur ar fáil ar shuíomh Gréasáin an údaráis inniúil ábhartha de réir mar a dhéantar dul chun cinn ar an iarratas.
Sonraí teagmhála do riarthóir na Tairsí MTT:
Seoladh ríomhphoist: EIAPortal@housing.gov.ie
Uimhir theileafóin: 01 8882142