An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh
- Foilsithe: 10 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 10 Meán Fómhair 2025
Is córas achainíocha é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) arb é is aidhm dó cead cainte níos mó a thabhairt do shaoránaigh an Aontais i gceapadh beartais an Aontais. Tugadh na Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh isteach in 2012 trí Chonradh Liospóin agus spreagann siad rannpháirtíocht agus comhoibriú i bpróisis dhaonlathacha trí chead a thabhairt do shaoránaigh an Aontais tograí nua a thionscnamh agus tacú leo lena mbreithniú ag an gCoimisiún Eorpach. Sna tograí a chuirtear chun cinn, cumhdaítear ábhair éagsúla a bhfuil inniúlacht ag an Aontas reachtaíocht a rith ina leith. Áirítear orthu sin beartas maidir leis an gcomhshaol, talmhaíocht, iompar agus sláinte phoiblí.
Bíonn bliain amháin ag eagraithe na dTionscnamh Eorpacha ó na Saoránaigh chun ráitis tacaíochta a bhailiú ó shaoránaigh den Aontas. Féadfaidh gach saoránach den Aontas atá in aois vótála i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa (18 mbliana d’aois nó níos sine in Éirinn) tacú le TES. Tá gá le milliún ráiteas tacaíochta ar a laghad chun go mbreithneoidh an Coimisiún Eorpach togra. Ina theannta sin, tá íoslíon sínitheoirí ag teastáil i seacht mBallstát den Aontas ar a laghad. Is é 10,080 an tairseach do shínitheoirí íosta na hÉireann.
A luaithe a shroichfidh TES tairseach na ráiteas tacaíochta is gá, ní mór do gach Ballstát na ráitis a bhailítear a fhíorú agus a dheimhniú. Tá an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta freagrach as aon ráitis tacaíochta Éireannacha a fhíorú agus a dheimhniú. Cuirtear TESanna ina bhfuil na ráitis tacaíochta is gá faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh lena mbreithniú. Níl sé de cheangal ar an gCoimisiún tionscnamh a leanúint ach ní mór dó freagra a thabhairt laistigh de thrí mhí.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, lena n-áirítear Tionscnaimh a bhí ann roimhe seo agus Tionscnaimh atá ann faoi láthair, tabhair cuairt ar https://citizens-initiative.europa.eu/_en