English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Aoisliúntas



An Scéim Aoisliúntais Rialtais Áitiúil (SARÁ)

Baineann an Scéim Aoisliúntais Rialtais Áitiúil (SARÁ) le baill foirne a fhostaítear i gcáil inphinsin ag údaráis áitiúla agus i gComhlachtaí Sláinte Corparáide áirithe. Scéim sochar sainithe atá ann agus bíonn na ranníocaíochtaí ó bhaill le híoc trí asbhaint as tuarastal/pá. Clúdaítear ráta na ranníocaíochtaí agus na sochar aoisliúntais is iníoctha faoi fhorálacha reachtaíocht Local Government (Superannuation) (Consolidation) Scheme, 1998 (S.I. 455 of 1998) faoi mar a leasaíodh ina dhiaidh. I gcoitinne, bíonn cnapshuim/pinsean/aisce bháis san áireamh i gcas báis agus duine i mbun seirbhíse, agus sochair do chleithiúnaithe i gcás go raibh an duine a bhásaigh ina b(h)all de na Scéimeanna cuí.

Airgeadaítear na costais a thabhaítear in íocaíocht aon sochar aoisliúntais faoin SARÁ ar bhonn “íoc mar a úsáidtear” faoi riachtanais bhuiséadacha na n-údarás a fhostaíonn an duine.

Ba chóir fiosrúcháin a bhaineann leis an SARÁ a chur chuig an údarás áitiúil ábhartha nó an Comhlacht Sláinte Corparáide ábhartha ar an gcéad dul síos.


Acht Pinsin Seirbhíse Poiblí (Scéim Shingil agus Forálacha Eile) 2012

Ní bhaineann forálacha an SARÁ le baill foirne údaráis áitiúil a mheastar a bheith ina “n-iontrálaithe nua” faoin Acht Pinsin Seirbhíse Poiblí (Scéim Shingil agus Forálacha Eile) 2012. Bíonn siad inphinsin faoi Scéim Pinsin Shingil na hEarnála Poiblí a ndéanann an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maoirseacht air.


Ról Oiliúna/Tacaíochta

Soláthraíonn an Roinn seo treoir/tacaíocht ar bhonn leanúnach do riarthóirí pinsin Rialtais Áitiúil chun cabhrú le léirmhíniú cruinn a dhéanamh ar fhorálacha an SARÁ. Lena chois sin, soláthraíonn an Roinn seo oiliúint dhíreach maidir le haoisliúntas do chleachtóirí pinsin i bhfoirm seimineár/ceardlann oiliúna a eagraítear ar bhonn réigiúnach. Soláthraítear oiliúint cosúil leis sin don fhoireann a shanntar chuig an aonad pinsin san Ionad Seirbhísí Roinnte Párolla agus Aoisliúntais (MyPay) i gComhairle Contae Laoise.


An Nuacht is Déanaí maidir le Beartais i leith Pinsean

Bíonn an Roinn seo freagrach as faisnéis a scaipeadh ar údaráis áitiúla agus ar ghníomhaireachtaí faoi shainordú na Roinne i ndáil le hathruithe/forbairtí i mbeartais i leith pinsin na hearnála poiblí i gcoitinne, faoi mar a chuireann an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe in iúl dóibh.


An tÚdarás Pinsean

Bunaíodh an tÚdarás Pinsean (an Bord Pinsean roimhe seo) le maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta Pinsean, 1990. Caithfidh an SARÁ forálacha Acht 1990 a chomhlíonadh, agus aon athruithe a thugann an tÚdarás isteach a chur san áireamh.