English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Bainistíocht Éigeandála



Cuspóirí

Is iad cuspóirí na bainistíochta éigeandála in Éirinn:

  • bearta a chur i bhfeidhm laistigh de chreat sainithe, chun guaiseacha nádúrtha agus teicneolaíochta a aithint agus a mhaolú, agus
  • pleanáil le haghaidh an téarnaimh chomhordaithe ó mhóréigeandálaí, agus freagairt dóibh, ar éigeandálaí iad a bheadh ina mbaol do dhaoine, do bhonneagar, don chomhshaol nó do mhaoin.

Tubaistí agus Mór-rioscaí Éigeandála

Dar leis na measúnachtaí riosca a rinneadh, is iad na guaiseacha is dóichí a tharlóidh ná na cinn seo a leanas: dóiteáin, timpistí iompair, tarluithe a bhaineann le substaintí guaiseacha, tarluithe teicneolaíochta agus tionsclaíocha, tuilte áitiúla agus dóiteáin aitinn. De réir an chleachtais idirnáisiúnta is fearr déantar an bhainistíocht éigeandála in Éirinn a ailíniú leis an gcur chuige Guaiseacha Uile. Sa chreat Framework for Major Emergency Management 2006 sonraítear cur chuige córasach chun ullmhú le haghaidh móréigeandálaí agus freagairt dóibh.


Pleananna Éigeandála

Tá pleananna fairsinge éigeandála ar bun agus déantar iad a chomhordú ag an leibhéal áitiúil agus náisiúnta araon. Cuimsíonn siad raon leathan cásanna. Áirítear ina measc (ach níl siad teoranta dóibh):

  • Pleananna na bPríomhghníomhaireachtaí Freagartha do Mhóréigeandáil
  • An Coiste Náisiúnta um Shlándáil Eitlíochta Sibhialta
  • Plean Náisiúnta Éigeandála le haghaidh Timpistí Núicléacha
  • Mórdhoirteadh Ola ó Longa
  • Cuardach agus Tarrtháil Muirí
  • Galair Ainmnithe Andúchasacha.

Tá Pleananna Móréigeandálaí i bhfeidhm ag gach údarás áitiúil, bunaithe ar an gcreat A Framework for Major Emergency Management , agus d’fhéadfadh aon cheann de na Príomhghníomhaireachtaí Freagartha (na hÚdaráis Áitiúla, an Garda Síochána agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) iad a chur sa tsiúl. Leagtar amach i bPlean Móréigeandálaí gach gníomhaireachta socruithe cineálacha na gníomhaireachta maidir le conas freagairt don éigeandáil, chomh maith le fophleananna sonraithe tarluithe agus an méid a chuireann sé sin le freagra na ngníomhaireachtaí go léir.


An Creat le haghaidh Bainistíocht Móréigeandálaí

Tá doiciméad dar teideal [pdf 111468 | null | A Framework for Major Emergency Management chomh maith le Framework for Major Emergency Management Appendices i bhfeidhm ó bhí 2008 ann. Tá sé beartaithe leis an gCreat cuidiú leis na Príomhghníomhaireachtaí Freagartha ullmhú chun freagra comhordaithe a thabhairt i gcás móréigeandálaí ag eascairt ó tharluithe dála dóiteáin, timpistí iompair, tarluithe a bhaineann le substaintí guaiseacha agus dianaimsir. Sa Chreat sanntar freagracht ar gach Príomhghníomhaireacht tabhairt faoi shraith céimeanna ullmhachta éigeandála, ar bhonn inmheánach agus ar bhonn idirghníomhaireachta. Tá an Creat ina bhunchloch d’fhorbairt glúine nua de phleananna éigeandála ag na Príomhghníomhaireachtaí Freagartha.

Sraith Doiciméid Treorach, a bhfuil mar aidhm leo tacú le sainréimse na bainistíochta éigeandála.


Móréigeadnálaí – Ceisteanna Coitianta


Bí Ullamh don Gheimhreadh


Naisc Úsáideacha


Teagmháil:

National Directorate for Fire and Emergency Management

Seoladh:
Department of Housing, Local Government and Heritage, Rm. G59, Custom House, Dublin 1, D01 W6X0