English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Bainistíocht móréigeandála: Freagraí ar do chuid ceisteanna



Cad is Móréigeandáil ann

Is éard is móréigeandáil ann eachtra, gan ach beagán rabhaidh nó gan aon rabhadh de ghnáth, a bhíonn ina chúis le nó a bhagraíonn, bás nó gortú, cur isteach tromchúiseach ar sheirbhísí riachtanacha nó damáiste do mhaoin, don chomhshaol nó don bhonneagar thar ghnáthchumais na bpríomhsheirbhísí éigeandála (An Garda Síochána, an tSeirbhís Otharchairr agus an tSeirbhís Dóiteáin) sa limistéar ina dtarlaíonn an teagmhas.

Éilíonn móréigeandálaí socruithe speisialta a chur i bhfeidhm agus acmhainní breise a shlógadh ag na príomhghníomhaireachtaí freagartha (An Garda Síochána, FSS agus na húdaráis áitiúla) chun freagairt éifeachtach, chomhordaithe a chinntiú.


Príomhsheirbhísí Éigeandála (PES)

Is iad na príomhsheirbhísí éigeandála na seirbhísí gormsholais a fhreagraíonn do ghnáthéigeandálaí in Éirinn, eadhon an Garda Síochána, an tSeirbhís Otharchairr agus an tSeirbhís Dóiteáin. Tá an ceathrú príomhsheirbhís éigeandála, Garda Cósta na hÉireann, freagrach as éigeandálaí muirí a thionscnamh, a rialú agus a chomhordú in uiscí teorann, cuanta agus cósta na hÉireann. De ghnáth is iad na príomhsheirbhísí éigeandála na chéad seirbhísí a thugann freagra ar mhóréigeandálaí.


Príomhghníomhaireachtaí Freagartha (PRA)

Is iad na príomhghníomhaireachtaí freagartha na gníomhaireachtaí atá ainmnithe ag an rialtas chun freagra a thabhairt ar Mhóréigeandálaí, is é sin, an Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus na hÚdaráis Áitiúla. Tá gach príomhsheirbhís éigeandála mar chuid de phríomhghníomhaireacht freagartha níos mó, mar shampla: is seirbhís de chuid an Údaráis Áitiúil í an tSeirbhís Dóiteáin. Mar gheall ar chineál agus castacht na Móréigeandálaí, éilítear ar fhoireann agus acmhainní na gníomhaireachta níos leithne, iarmhairtí agus toradh an mhórócáide éigeandála a bhainistiú agus a bhfreagra a chomhordú leis na gníomhaireachtaí eile.


Móréigeandáil a fhógairt

Féadfaidh aon cheann de na príomhghníomhaireachtaí freagartha móréigeandáil a fhógairt. Déanann an ball is ardchéimiúla de gach ceann de na chéad fhoirne éigeandála a thagann ar an láithreán meastóireacht ar an gcás. Is é tasc na ndaoine seo suirbhé a dhéanamh ar an láithreán agus an fhaisnéis atá ar fáil a charnadh a d’fhéadfaí a úsáid chun cinneadh a dhéanamh. Tá pearsanra údaraithe agus oilte ag gach príomhghníomhaireacht freagartha sna nósanna imeachta chun móréigeandáil a fhógairt. Nuair a fhógraíonn gníomhaireacht amháin móréigeandáil, tionscnaíonn an triúr acu nós imeachta slógtha speisialta.


Ag freagairt do chásanna móréigeandála

Is iad an Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus na hÚdaráis Áitiúla na gníomhaireachtaí atá freagrach as an bhfreagairt ar chásanna éigeandála a bhainistiú. Soláthraíonn siad agus oibríonn siad príomhsheirbhísí éigeandála na hÉireann a fhreagraíonn d’éigeandálaí ar bhonn laethúil.


Plean Móréigeandála

Teastaíonn socruithe speisialta ó mhóréigeandálaí chun freagairt chomhordaithe agus éifeachtach a chinntiú. Tá Plean Móréigeandála ag gach Príomhghníomhaireacht Freagartha a leagann amach na socruithe sonracha don ghníomhaireacht sin i gcás móréigeandála. Tá pleananna den chineál céanna i bhfeidhm sa Gharda Síochána, i bhFeidhmeannas na Seirbhíse Sláinte agus sna hÚdaráis Áitiúla. Tá na pleananna reatha bunaithe ar “Chreat um Fhreagairt Chomhordaithe ar Móréigeandálaí” 1984. Déantar Pleananna Móréigeandála a athbhreithniú ar bhonn rialta agus téitear i mbun cleachtaí, lena n-áirítear cleachtaí comhpháirteacha leis an nGarda Síochána, FSS agus an tÚdarás Áitiúil ábhartha.


Comhar

Tá prótacail agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag na príomhsheirbhísí éigeandála chun tacú lena gcuid oibre ag raon imeachtaí, ó ghnáth-eachtraí beaga go móréigeandálaí.


Creat um Bainistíocht Móréigeandála

Is Creat comhaontaithe é atá faofa ag an Rialtas a chuireann ar chumas an Gharda Síochána, Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte agus Údaráis Áitiúla ullmhú agus freagairt chomhordaithe a dhéanamh i leith móréigeandálaí a eascraíonn as imeachtaí mar thinte, timpistí iompair, eachtraí substaintí guaiseacha agus drochaimsir.

Tagann an doiciméad seo in ionad an Chreata um Fhreagairt Chomhordaithe ar Mhóréigeandáil, a bhí mar bhonn agus taca ag ullmhacht mhóréigeandála agus cumas freagartha ó 1984. Tógann na socruithe Bainistíochta Móréigeandála nua sa doiciméad seo ar láidreachtaí reatha agus baineann siad lánúsáid as croí-inniúlachtaí agus láidreachtaí eagrúcháin na bpríomhghníomhaireachtaí freagartha mar bhunús le haon fhreagra.


Creat Nua

Le blianta beaga anuas tá athruithe tagtha ar an gcur chuige idirnáisiúnta maidir le hullmhacht agus freagairt i leith móréigeandálaí. Cuimsíonn an Creat nua dea-chleachtas idirnáisiúnta reatha agus tógann sé ar bhunús na pleanála éigeandála atá sna príomhghníomhaireachtaí freagartha faoi láthair.

Leagtar amach sa Chreat socruithe a éascóidh na príomhsheirbhísí éigeandála chun an freagra a theastaíonn a mhéadú, chun acmhainní iomlána na bpríomhghníomhaireachtaí freagartha a úsáid, agus chun oibriú le chéile i mbainistiú eachtraí ar mhórscála más mórthimpiste iompair, drochaimsir mar shampla atá i gceist.

Ag brath ar chineál na héigeandála, d’fhéadfadh go mbeadh gá le gníomhaireachtaí seachas na príomhghníomhaireachtaí freagartha, mar shampla: Óglaigh na hÉireann nó na Seirbhísí Éigeandála Deonacha. Sna cásanna seo bainfear úsáid as na socruithe ábhartha a leagtar amach sna Mórphleananna Éigeandála.

Leagtar amach sa Chreat socruithe trína bhféadfaidh seirbhísí eile mar Óglaigh na hÉireann, seirbhísí éigeandála deonacha, fóntais, cuideachtaí iompair, rannpháirtithe tionsclaíocha agus rannpháirtithe eile, agus go háirithe na pobail lena mbaineann, tacú leis na príomhghníomhaireachtaí freagartha agus oibriú leo chun freagairt do na móréigeandálaí agus iad a bhainistiú.


Ag freastal ar an bpobal

Tá an Creat deartha go príomha chun foráil a dhéanamh do chosaint, tacaíocht agus leas an phobail in amanna éigeandála. Tá sé de bhuntáiste ag socruithe éifeachtacha chun sábháilteacht an phobail a chinntiú in amanna éigeandála go gcuidíonn siad leis an gcomhshaol, an geilleagar, an bonneagar agus maoin a chosaint.

Tá sé mar aidhm ag an gCreat a chinntiú go mbeidh seirbhísí áitiúla in ann freagairt d’éigeandálaí, agus gur féidir iad seo a mhéadú go leibhéal réigiúnach más gá agus nasc a dhéanamh leis an leibhéal náisiúnta, agus a chinntiú go bhfuil na seirbhísí riachtanacha (bia, uisce, iompar, sláinte, seirbhísí) ag feidhmiú.


Socruithe

Mar chuid dá chinneadh an Creat nua a cheadú, cheadaigh an Rialtas clár forbartha dhá bhliain dá ngairtear an Clár Forbartha Móréigeandála (2006-2008) nó MEDP. Is é aidhm an chláir seo aistriú struchtúrtha a cheadú ó na socruithe reatha go leibhéal ullmhachta feabhsaithe tríd an bpróiseas bainistíochta éigeandála nua.

Tugadh faoi fhorbairt agus ullmhúchán an chórais nua um Bainistíocht Móréigeandála sa chéad bhliain den chlár. Chuimsigh sé seo tascanna ar nós foireann agus acmhainní a chur i bhfeidhm, oiliúint tosaigh, struchtúir a chur i bhfeidhm, cláir forbartha gníomhaireachta aonair a scríobh, measúnú riosca a dhéanamh agus Pleananna Móréigeandála a scríobh i bhformáid athbhreithnithe. Sa dara bliain den chlár, tá an bhéim ar oiliúint agus ar fheidhmiú na bpearsanra sin a mbeidh róil lárnacha acu maidir le freagairt na dtrí sheirbhís a chomhordú.

Beodh na pleananna móréigeandála atá ann faoi láthair i bhfeidhm go dtí go dtugtar sainordú do na príomhghníomhaireachtaí freagartha go léir na socruithe nua a athrú ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2008.


An Creat a rolladh amach

Sainmhíníonn an Creat struchtúir bainistíochta móréigeandála ag an Leibhéal Áitiúil, Réigiúnach agus Náisiúnta. Ag leibhéal Áitiúil tá gach príomhghníomhaireacht freagartha freagrach as tabhairt faoi na riachtanais atá leagtha amach sa Chreat, mar shampla: a Phlean Móréigeandála a ullmhú.

Ag leibhéal Áitiúil/Gníomhaireachta tá gach príomhghníomhaireacht freagartha freagrach as tabhairt faoi na riachtanais atá leagtha amach sa Chreat, mar shampla: a Phlean Móréigeandála a ullmhú.

Ag Leibhéal Náisiúnta sannadh freagracht do Ghrúpa Stiúrtha Náisiúnta as an gCreat a fhógairt agus a chur chun cinn agus a chur chun feidhme go tráthúil agus go comhsheasmhach. Tá Grúpa Oibre Náisiúnta bunaithe ag an nGrúpa Stiúrtha Náisiúnta chun tabhairt faoi thascanna cur chun feidhme agus treoir bhreise a sholáthar i réimse na Bainistíochta Móréigeandála