English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Bonneagar Seirbhísí Uisce arna Soláthar ag Forbróir (DPI)



Cad is Bonneagar Seirbhísí Uisce arna Solathar ag Forbróir

Catagóir eastát tithíochta isea Bonneagar Seirbhísí Uisce arna Soláthar ag Forbróir (DPI) ar a bhfreastlaíonn bonneagar seirbhísí uisce neamhspleácha, a sholáthraíonn forbróir an eastáit. Tugtar DPI ar an mbonneagar seo de ghnáth. Níl sé ceangailte leis an líonra seirbhísí uisce poiblí (Uisce Éireann).

Áiseanna cóireála fuíolluisce den chuid is mó atá i mbonneagar DPI ach is éard ata i líon beag díobh seirbhísí uisce óil don eastát. Is áiseanna faoi úinéireacht phríobháideach iad.


Glacadh ar Láimh

Sna cásanna seo freisin, níl an t-údarás áitiúil tar éis glacadh le freagracht as cúram agus cothabháil seirbhísí poiblí agus bonneagar atá suite laistigh de na comhlimistéir agus na ceantair phoiblí sna heastáit mar:

  • bóithre
  • spásanna oscailte
  • carrchlóis
  • naisc seirbhíse.

Mar sin níl na heastáit “glactha ar láimh” ag an údarás áitiúil.

Tá sé tábhachtach go mbeadh clár gníomhach glacadh ar láimh leanúnach ag na húdaráis áitiúla do na heastáit seo.


Clár Uisce Éireann

clár i bhfeidhm ag Uisce Éireann d’eastáit, lena n-áirítear iad siúd le DPI, áit gurb é an réiteach a nasc le líonra fuíolluisce nó uisce poiblí (Uisce Éireann) agus ag tógáil an DPI as an áireamh.


Clár Réitigh Bonneagair Seirbhísí Uisce arna Soláthar ag Forbróir Ilbhliantúil

Tá clár maoinithe ilbhliantúil i bhfeidhm chun réiteach eastáit DPI a éascú de réir a chéile, ar bhealach inbhuanaithe, chun tacú le glacadh ar láimh na n-eastát seo.

Cuireann údaráis áitiúla a bhfuil eastáit DPI ina gceantar féin tairiscintí faoi bhráid na roinne le haghaidh maoiniú caipitil faoin gclár. Ansin déantar na hiarratais ar mhaoiniú a chuirtear faoi bhráid na roinne a mheas le cúnamh ó Phainéal Saineolaithe.

Clár Réitigh Bonneagair Seirbhísí Uisce arna Soláthar ag Forbróir Ilbhliantúil 2019-2021

eolas faoi na heastáit/tionscadail atá á maoiniú faoin gclár reatha ar fáil i gCiorclán L(DPI) 01-2020 a eisíodh chuig údaráis áitiúla an 21 Meán Fómhair 2020. Tá tuarascáil an Phainéil Saineolaithe san áireamh leis an gCiorclán seo freisin.

Tugtar sonraí faoi scóip na dtionscadal maoinithe i gCiorclán L1(DPI) 01-2019 a eisíodh chuig údaráis áitiúla an 24 Iúil 2019.