English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Brexit - An Comhlimistéar Taistil


Faoin gComhlimistéar Taistil (CTA), bogann augs cónaíonn saoránaigh na hÉireann agus na Breataine faoi shaoirse i gceachtar den dá dhlínse agus baineann siad leas as cearta agus teidlíochtaí gaolmhara. Áirítear leo seo rochtain ar fhostaíocht, cúram sláinte, oideachas, sochair shóisialta agus an ceart chun vótáil i dtoghcháin áirithe. Bhí an Comhlimistéar Taistil ann roimh bhallraíocht na hÉIreann agus na Ríochta Aontaithe (RA) san Aontas Eorpach (AE) agus níl sé ag brath air. I mBealtaine 2019, shínigh Rialtas na hÉireann agus Rialtas na RA Meabhrán Tuisceana‌ (i mBéarla amháin), ag athdhearbhú a dtiomantais an Comhlimistéar Taistil a choinneáil i ngach cás.


Rochtain ar thithíocht shóisialta

Tugann an Comhlimistéar Taistil an ceart do shaoránaigh Éireannacha atá ina gcónaí sa RA, agus saoránaigh na Breataine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn, rochtain a fháil ar thithíocht shóisialta, lena n-áirítear cúnamh tithíochta agus cúnamh do dhaoine gan dídean, i stát a chéile, ar an mbonn céanna le saoránaigh an stáit sin.

I ndiaidh aistarraingt an RA ón AE ar 31 Eanáir 2020, baineann saoránaigh na hÉireann sa RA agus saoránaigh na Breataine in Éirinn leas fós as na cearta seo.


Cearta vótála

Tá sé de cheart fós ag saoránaigh Éireannacha a bhfuil cónaí orthu sa RA, agus saoránaigh na Breataine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn vótáil i dtoghcháin pharlaiminteacha áitiúla agus náisiúnta.

Tá cómhalartacht i leith cearta sibhialta, lena n-áirítear cearta vótála, ag saoránaigh Éireannacha a bhfuil cónaí orthu sa RA, agus saoránaigh na Breataine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn, ó bunaíodh socruithe an Chomhlimistéir Thaistil. Bhí na socruithe seo ann roimh bhallraíocht na hÉireann agus na RA san AE.

Tá an ceart vótála i dtoghcháin pharlaiminteacha áitiúla agus náisiúnta fós faoi réir ag an aois vótála shocraithe a bheith bainte amach ag na saoránaigh Éireannacha agus Briotanacha agus iad a bheith cláraithe ar rolla na dtoghthóirí ina ndlínsí faoi seach.


Toghcháin chuig Parlaimint na hEorpa – cearta vótála na saoránach Briotanach a chónaíonn in Éirinn

Ós rud é nach bhfuil an RA ina ball den AE a thuilleadh, níl sé de cheart ag saoránaigh Bhriotanacha a bhfuil cónaí orthu in Éirinn vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a reachtáltar in Éirinn nó seasamh sna toghcháin mar iarrthóirí.