English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Cáipéisí Céannachta agus Cártaí Faisnéise Vótaíochta


Olltoghchán - Dé Sathairn, an 8 Feabhra 2020

Caithfear vóta san Olltoghchán Dé Sathairn an 8 Feabhra 2020 agus beidh stáisiúin vótaíochta oscailte ón 7am go 10pm.

Ní theastaíonn cárta faisnéise vótaíochta uait chun vóta a chaitheamh. D'fhéadfaí, áfach, go n-iarrfaí sa stáisiún vótaíochta ort cáipéis chéannachta a sholáthar sula dtugtar páipéar ballóide duit. Mura bhfuil an cháipéis chéannachta chuí agat nó mura bhfuil an oifigeach ceannais sásta gur tú an té lena mbaineann an cháipéis chéannachta ní beidh cead agat vóta a chaitheamh.

Glacfar leis na cáipéisí seo a leanas chun críocha céannachta:

(i) pas (Leabhar Pas nó Cárta Pas); (ii) ceadúnas tiomána; (iii) cárta céannachta fostaí a bhfuil grianghraif air; (iv) cárta céannachta mic léinn arna eisiúint ag institiúid oideachais agus a bhfuil grianghraif air; (v) cáipéis taistil a bhfuil ainm agus grianghraf uirthi; (vi) leabhar Bainc nó Taisce nó Comhair Creidmheasa a bhfuil do sheoladh sa dháilcheantar air; (vii) Cárta Seirbhísí Poiblí;

le haon cheann díobh seo a leanas ach cáipéis eile a bheith ina dteannta a dhearbhaíonn seoladh an tsealbhóra sa dáilcheantar - (viii) seic leabhar; (ix) seic-chárta; (x) cárta creidmheasa; (xi) deimhniú breithe; (xii) deimhniú pósta.


Treoracha i dtaobh Vótála

Ba chóir duit na treoracha gearra atá ar an bpáipéar ballóide, a thabharfaidh an t-oifigeach ceannais duit, a léamh go cúramach. Scríobh 1 le taobh d'iarrthóra céad rogha, scríobh 2 sa bhosca le taobh d'iarrthóra dara rogha agus mar sin de. Níor chóir duit aon ní eile a scríobh ar an bpáipéar ballóide - d'fhéadfadh sin do vóta a dhéanamh neamhbhailí.

Ní theastaíonn cárta faisnéise vótaíochta uait chun vóta a chaitheamh

Tabhair leat cáipéis chéannachta Dé Sathairn an 8 Feabhra 2020.