Córais chóireála fuíolluisce tí (Dabhcha séarachais)
- Foilsithe: 22 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 9 Iúil 2024
- Córais chóireála fuíolluisce tí (Dabhcha séarachais) a chlárú
- Cigireachtaí agus caighdeáin feidhmíochta
- Cad iad na Scéimeanna Deontais Córais Chóireála Fuíolluisce Tí
- Conas a bheith cháilithe
- Conas iarratas a dhéanamh
- Freagraí na ceisteanna
Córais chóireála fuíolluisce tí (Dabhcha séarachais) a chlárú
Tá ar theaghlaigh atá ceangailte leis na córais chóireála fuíolluisce tí a gcórais a chlárú ar aon dul leis na external-link http://www.irishstatutebook.ie/eli/2012/si/220/made/en/print | Rialacháin um Chórais Cóireála Dramhuisce Tí (Clárú), 2012 ] (i mBéarla amháin) (Uimh. I.R. 220 de 2012), arna leasú ag na Rialacháin um Chórais Cóireála Dramhuisce Tí (Clárú) (Leasú), 2013 (i mBéarla amháin) (I.R. Uimh. 180 de 2013). Áirítear leis seo teaghlaigh atá ceangailte le dabhcha séarachais agus lena mhacasamhail de chórais.
Is féidir le teaghlaigh clárú agus íoc ar líne trí chárta creidmheasa nó dochair trí chuntas a chruthú ar an láithreán gréasáin Cosain ár nUisce nó i bpearsan ag a n-oifig údaráis áitiúil.
Tá foirmeacha clárúcháin ar fáil ó:
- Oifigí Údaráis Áitiúil
- Leabharlanna Poiblí
- Ionaid um Fhaisnéis do Shaoránaigh
Is í an táille chlárúcháin €50. Ba cheart do shealbhóirí tí nár chláraigh go fóill é sin a dhéanamh a luaithe agus is féidir mar gheall gur cion é mura gcláraíonn sealbhóir tí agus, má chiontaítear é/í, fíneáil a mhéid le €5,000 atá i gceist leis an bpionós. Íocann an táille as na costais a bhíonn ar an gclár a riar agus cigireachtaí a bhainistiú a dtugtar fúthu faoin Acht um Sheirbhísí Uisce (Leasú), 2012 (i mBéarla amháin).
Tugadh clárú isteach chun dul i ngleic le rialáil Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aghaidh na hÉireann i nDeireadh Fómhair 2009. Níos tábhachtaí ná sin, cabhróidh sé le cáilíocht an screamhuisce agus an uisce dromchla a chosaint, go háirithe foinsí uisce óil, ó rioscaí a chruthaíonn córais lochtacha.
Tá an reachtaíocht ábhartha go léir faoi chórais chóireála fuíolluisce tí ar fáil ar ár láithreán gréasáin.
Cigireachtaí agus caighdeáin feidhmíochta
Is é an caighdeán bunúsach a mbíonn súil leis go mbainfidh gach córas cóireála fuíolluisce tí amach nach gcruthaíonn siad baol do shláinte dhaoine nó don chomhshaol. Tugtar faoi chigireachtaí chun córais chóireála a shainaithint nach sásaíonn an caighdeán seo. Gan aird ar aois nó ar shaghas an chórais atá i bhfeidhm, mura bhfuil fianaise ar bith ann go bhfuil baol á chruthú do shláinte dhaoine nó don chomhshaol, ní gá gníomh ar bith a dhéanamh. Níl baol dá laghad ann go ndéanfar caighdeáin nua-aimseartha a chur i bhfeidhm ar chórais níos sine, nó ní gá do shealbhóirí tí talamh bhreise a fháil chun córais a réiteach mar thoradh ar chigireacht.
Sa chás go dteipeann ar chóras ar an láthair i gcigireacht, tá an obair réitigh a theastaíonn bunaithe ar thosca ar nós an mhéid seo a leanas:
- cineál na faidhbe,
- méid an bhaoil do shláinte an phobail nó don timpeallacht,
- méid reatha an tsuímh agus na dálaí hidreolaíocha agus geolaíocha atá ann.
Cad iad na Scéimeanna Deontais Córais Chóireála Fuíolluisce Tí
Tá na deontais seo ar fáil chun cabhrú le sealbhóirí tí le costais oibreacha chun córas cóireála fuíolluisce tí (DWWTS) atá ag freastal ar theach a fheabhsú, a dheisiú, a uasghrádú nó a athsholáthar. D’fhéadfá a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar dheontas chuig d’údarás áitiúil má chomhlíonann tú na critéir atá leagtha amach sna Téarmaí agus Coinníollacha don scéim.
Tá deontais ar fáil faoi thrí scéim ar leith:
- Deontas DWWTS faoin bPlean Náisiúnta Cigireachta
- Deontas DWWTS i Limistéir Tosaíochta le haghaidh Gníomhaíochta
- Deontas DWWTS i nDobharcheantar Cuspóir Ard-Stádais
Is iad seo a leanas na rialacháin lena bhforáiltear dóibh sin:
Rialacháin na dTithe (Deontas um Chórais Cóireála Dramhuisce Tí faoin bPlean Cigireachta Náisiúnta) 2023
Tá freagracht ar an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) as Plean Cigireachta Náisiúnta a ullmhú le haghaidh cigireacht agus monatóireacht a dhéanamh ar DWWTS, chun cabhrú le DWWTS nach bhfuil an caighdeán a bhfuiltear ag súil leis a bhaint amach a shainaithint. Tá sé de fhreagracht ar na húdaráis áitiúla an plean a chur i bhfeidhm thar ceann an GCC.
Rialacháin na dTithe (Deontas na gCóras Cóireála Fuíolluisce Tí do Limistéir Tosaíochta le haghaidh Gnímh) 2023
Tugadh an deontas seo isteach chun tacú le cuspóirí cáilíochta uisce a bhaint amach i Réimsí Tosaíochta le haghaidh Gnímh, mar atá leagtha amach sa Phlean Náisiúnta Bainistíochta Abhantraí d’Éirinn 2018-2021 (RBMP).
Rialacháin na dTithe (Deontas na gCóras Cóireála Fuíolluisce Tí do Dhobharcheantar Cuspóir Ard-Stádais), 2023
Tugadh an scéim seo isteach chun tacú le baint amach cuspóirí cáilíochta uisce i nDobharcheantar Cuspóir Ard-Stádas mar atá leagtha amach sa Phlean Náisiúnta Bainistíochta Abhantraí d’Éirinn 2018-2021 (RBMP).
Conas a bheith cháilithe
Ní mór gach obair incháilithe ar DWWTS chun críche ceann amháin de na deontais seo a fháil a dhéanamh de réir Chód Cleachtais an GCC 2021 do Chórais Chóireála Fuíolluisce Tí.
Tábhachtach: Ní cháilíonn costais a thabhaítear le haghaidh gnáthchothabháil, seirbhísiú nó baineadh sloda DWWTS le haghaidh deontais.
Is iad seo a leanas téarmaí agus coinníollacha na dtrí scéim deontais:
Deontas DWWTS faoin bPlean Cigireachta Náisiúnta
Chun a bheith incháilithe don deontas seo, ní mór go n-eascródh oibreacha ar DWWTS go díreach ó chigireacht a rinneadh faoin bPlean Cigireachta Náisiúnta, agus ó eisiúint Fógra Comhairleach don sealbhóir tí ag an údarás áitiúil ina dhiaidh sin.
Tá téarmaí agus coinníollacha na scéime le fáil anseo:
Deontas DWWTS i Limistéar Tosaíochta le haghaidh Gníomhaíochta
Chun a bheith incháilithe don deontas seo, ní mór don DWWTS a fhreastalaíonn ar theach a bheith suite i Réimse Tosaíochta le haghaidh Gníomhaíochta de réir an Phlean Bainistíochta Abhantraí d’Éirinn 2018-2021, agus ní mór litir a bheith faighte ag an iarratasóir ó Oifig Chlár Uiscí an Údaráis Áitiúil thar ceann an údaráis áitiúil, ag deimhniú incháilitheachta chun iarratas a dhéanamh ar dheontas.
Tá téarmaí agus coinníollacha na scéime le fáil anseo:
Deontas DWWTS i nDobharcheantar Cuspóir Ard-Stádais
Chun a bheith incháilithe don deontas seo, ní mór don DWWTS a fhreastalaíonn ar theach a bheith suite i nDobharcheantar Cuspóir Ard-Stádais de réir an Phlean Bainistíochta Abhantraí d’Éirinn 2018-2021, agus ní mór litir a bheith faighte ag an iarratasóir ón údarás áitiúil ag dearbhú incháilitheachta chun iarratas a dhéanamh ar dheontas.
Chun cabhrú le fáil amach an bhfuil teach i gceantar HSOCA, is féidir é seo a sheiceáil trí ÉIRCÓD a ionchur sa léarscáil.
Tá téarmaí agus coinníollacha na scéime le fáil anseo:
Conas iarratas a dhéanamh
Leanfaidh na húdaráis áitiúla ar aghaidh ag riar na scéimeanna deontais thar ceann na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Is féidir na foirmeacha iarratais agus éilimh cearta atá le húsáid le haghaidh aon cheann de na deontais a fháil ó d’údarás áitiúil a bhfuil an DWWTS lonnaithe ina limistéar feidhme..
Ba chóir aon fhiosruithe a sheoladh chuig an Oifigeach Idirchaidrimh Uisce Tuaithe san údarás áitiúil ábhartha.