Caighdeáin Nua Éifeachtúlachta Fuinnimh do Thithe Cónaithe
- Foilsithe: 4 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 20 Deireadh Fómhair 2021
Ón 1 Samhain 2019, beidh feidhm le caighdeáin nua tógála ar gach teach cónaithe nua (tithe nó árasáin). De ghnáth beidh Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (BER) de A2 de dhíth ar thithe nua. Tá sé sin i gcomparáid leis an gceanglas reatha de rátáil A3 le haghaidh tithe cónaithe nua. Taispeánann teastas BER feidhmíocht fuinnimh foirgnimh.
Tugtar Foirgnimh Nach Mór Neodrach ó Thaobh Fuinnimh (NZEB) ar thithe nua a bhfuil an leibhéal ard feidhmíochta fuinnimh seo acu. Beidh na tithe seo 70% níos éifeachtúla nó níos tíosaí ar fhuinneamh agus astóidh siad 70% níos lú carbón dé-ocsaíde i gcomparáid leo sin a tógadh faoi na caighdeáin a bhí i Rialacháin Foirgníochta 2005.
Mar gheall ar na hathruithe beidh na tithe nua níos tíosaí nó níos éifeachtúla ar fhuinneamh agus níos saoire le téamh ná tithe reatha. Beidh buntáistí sláinte ag gabháil leo ón gcompord breise agus caighdeán feabhsaithe an aeir.
Toisc go dtagann 40% d’astaíochtaí carbóin a bhaineann le fuinneamh ó fhoirgnimh, cuideoidh na hathruithe seo chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Léirítear i staitisticí go bhfuil na Rialacháin NZEB ag cur deireadh leis an úsáid atáthar a bhaint as breosla soladach i dtithe cónaithe nua agus go bhfuil siad ag dul chun leas an chaighdeáin aeir lasmuigh.
Tagann na hathruithe sin ó Rialacháin AE maidir le Foirgnimh Nach Mór Neodrach ó Thaobh Fuinnimh (NZEB). Beidh feidhm leis na rialacháin seo maidir le dearadh agus tógáil tí nua i gcás ina dtosaíonn oibreacha an 1 Samhain 2019 nó dá éis, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
- Go ndearnadh iarratas ar chead pleanála an 31 Deireadh Fómhair 2019 nó roimhe sin agus gur cuireadh obair shubstaintiúil (is é sin, tógadh ballaí seachtracha an struchtúir) i gcrích faoin 31 Deireadh Fómhair 2020, nó
- Gur foilsíodh fógraí maidir le cead pleanála an 31 Deireadh Fómhair 2019 nó roimhe sin agus i gcás go bhfuil obair shubstaintiúil curtha i gcrích faoin 31 Deireadh Fómhair 2020
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi fhoirgnimh NZEB, téigh chuig suíomh gréasáin Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann.
Meastar go bhfuil Éire mar eiseamláir ag go leor tíortha faoi conas straitéisí éifeachtúlachta fuinnimh a dhearadh agus a chur i bhfeidhm go héifeachtach d'fhoirgnimh nua agus d’athfheistiú foirgnimh. Chun tuilleadh eolais a fháil, léigh an tuarascáil ar Tháscairí Rialála um Fhuinneamh Inmharthana (RISE) a d’fhoilsigh an Banc Domhanda.