English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Caighdeáin tógála



Achoimre

Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Clár Thionscal Tógála na hÉireann (CIRI) ag lorg breithnithe, tuairimí agus tráchtanna ar an dréachtchód cleachtais do Sholáthraithe Oibreacha Tógála mar a cheanglaítear faoi Alt 20 den Acht um Rialáil Soláthraithe Oibreacha Tógála agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2022


Cúlra

Is é príomhchuspóir an Achta um Rialáil Soláthraithe Oibreacha Tógála, 2022 cultúr inniúlachta, dea-chleachtais agus comhlíonta i dtaobh na rialachán tógála a fhorbairt agus a chur chun cinn a rachaidh chun sochair do thomhaltóirí agus don phobal i gcoitinne. Ceapadh Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta (CTF) ina comhlacht clárúcháin reachtúil do Chlár Thionscal Tógála na hÉireann (CIRI).

De réir mar a chuirtear Rannáin den chlár ar fáil, is féidir le tógálaithe tosú ar iarratas a dhéanamh chun bheith ina gcláraí CIRI ó 2025. Beidh tionchar suntasach ag an gclár reachtúil ar gach cuid den tionscal tógála ó chonraitheoirí beaga agus ó cheardaithe go dtí na cuideachtaí foirgníochta is mó.

Beidh Bord reachtúil Iontrálacha agus Clárúcháin agus Coiste Achomhairc ann. Feidhmeoidh CIRI ar bhealach atá cosúil le scéimeanna clárúcháin reachtúla do ghairmeacha eile.

Is í príomhfheidhm an Bhoird Iontrálacha agus Clárúcháin inniúlacht aon eintitis a dhéanann iarratas ar chlárú a cheadú trí úsáid a bhaint as critéir a leagfar amach sa reachtaíocht do gach rannán nó fo-rannán de chuid CIRI. Seo a leanas na critéir a bheidh i gceist:

• taithí ábhartha,

• cáilíochtaí ábhartha, nó

• meascán den dá rud.

Tar éis an phróisis sin, ní mór d’eintitis a dhéanann iarratas ar bheith ar an gclár inniúlacht a léiriú sa rannán nó sna rannáin ar leith a bhfuil siad ag déanamh iarratais orthu.

Tá lamháil san Acht do ghearáin i gcoinne Soláthraithe Cláraithe Oibreacha Tógála a dhéanamh ar roinnt foras – go háirithe eintiteas a sholáthraíonn seirbhísí tógála i gcatagóir nach bhfuil siad cláraithe. Foráiltear ann do raon smachtbhannaí comhréireacha a fhorchuirfear tar éis imscrúdaithe.

Is féidir le gach tógálaí, cibé acu an trádálaithe aonair, comhpháirtíochtaí nó cuideachtaí cláraithe iad, cur isteach ar an gclár a dhéanann na rudaí seo a leanas:

• Inniúlacht a léiriú maidir le tógáil ar an leibhéal cuí clárúcháin.

• Tiomantas a thabhairt d’fhorbairt leanúnach eolais ar chleachtas foirgníochta, rialacháin foirgníochta agus oibleagáidí rialála.

• Gealltanas a thabhairt cloí leis an gCód Cleachtais


Dhréachtchód Cleachtais do Sholáthraithe Oibreacha Foirgníochta


Conas is féidir leat a bheith páirteach:

Tríd an aighneacht seo, ba mhaith leis an gcomhlacht clárúcháin do thuairimí ar an dréachtchód cleachtais sin a chloisteáil. Ba cheart aighneachtaí a sheoladh i ríomhphost chuig: codeofpractice@cif.ie le líne an ábhair: Aighneacht maidir leis an gCód Cleachtais

Treoirlínte d’aighneachtaí

I gcás aighneachtaí, ba cheart go mbeidh:

1. Ainm agus seoladh ríomhphoist an tseoltóra, an ghnó nó an chomhlachta aonair curtha leo

2. Siad gonta, teoranta do níos lú ná 500 focal

3. Trácht foriomlán tugtha ar oiriúnacht an chóid iontu

4. Tuairimí ar cheann amháin nó níos mó de na cúig chuid sa dréachtchód tugtha iontu mar is cuí:

i. Réamhrá

ii. Prionsabail Ghinearálta

iii. Seirbhís Ardchaighdeáin Do Chustaiméirí

iv. Comhlíonadh Dlíthiúil agus Rialála

v. Forbairt Ghairmiúil Leanúnach agus Inniúlacht

5. Siad curtha isteach laistigh de chorp an ríomhphoist

6. Ceangaltáin ar bith curtha leo

7. Siad seolta ar ríomhphost chuig: codeofpractice@cif.ie le Líne an Ábhair: Aighneacht maidir leis an gCód Cleachtais

8. Siad seolta faoin spriocdháta Dé Céadaoinan 13 Samhain.