English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Caighdeán uisce snámha



An bhfuil cáilíocht an uisce snámha in Éirinn go maith?

Tá cáilíocht uisce snámha na hÉireann thar a bheith ard. Comhlíonann nó sáraíonn beagnach gach ceann dár suíomhanna snámha dianchaighdeáin an Aontais Eorpaigh.

Sáracmhainn nádúrtha don úsáid chaithimh aimsire is ea uisce snámha ar dhea-chaighdeán, chomh maith le bheith ina fhachtóir tábhachtach de gheilleagar na hÉireann. Tá cuid de na huiscí is fearr i dTuaisceart na hEorpa ag Éirinn. Tá rialacháin curtha i bhfeidhm againn chun:

  • cosaint sláinte a fheabhsú don lucht snámha trí chaighdeáin níos déine a thabhairt isteach maidir le cáilíocht uisce chomh maith le modh nua measúnachta
  • cur chuige níos réamhghníomhaí a bhunú i leith measúnú ar nithe a d’fhéadfadh a bheith ina n-údar baoil truaillithe, agus i leith uiscí snámha a bhainistiú
  • rannpháirtíocht mhéadaithe ón bpobal a chur chun cinn agus faisnéis fheabhsaithe faoi cháilíocht uisce snámha a scaipeadh i measc an phobail i gcoitinne.

Cé a bhíonn freagrach as cáilíocht an uisce snámha?

In Éirinn, bíonn údaráis áitiúla freagrach as cáilíocht an uisce snámha ina gcuid limistéar. Áirítear monatóireacht ar cháilíocht an uisce snámha leis seo agus faisnéis a thabhairt don phobal maidir le cáilíocht an uisce i rith shéasúr snámha an tsamhraidh. Is féidir leat breathnú ar an bhfaisnéis is déanaí maidir le cáilíocht an uisce snámha ag limistéir ainmnithe ar an shuíomh idirlíon splash (i mBéarla amháin).

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a aimsiú maidir le cáilíocht uisce snámha ar shuíomh idirlíon na EPA (i mBéarla amháin).


Snámh lasmuigh den séasúr in Éirinn

Tá méadú tagtha ar líon na ndaoine a théann ag snámh ar feadh na bliana in Éirinn le blianta beaga anuas. Mar thoradh air sin, choimisiúnaigh an Sainghrúpa Náisiúnta Uisce Snámha (BWEG), faoi chathaoirleacht na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Coláiste na hOllscoile Corcaigh chun dul i mbun taighde le fiosrúcháin a dhéanamh ar chuir chuige indéanta le feabhas a chur ar bhainistiú cháilíocht an uisce shnámha, agus ar riosca sláinte an tsnámhaí lasmuigh de shéasúr ainmnithe an tsamhraidh. Is féidir leat teacht ar an staidéar taighde thíos.

Supporting Policy Development for Out-of-Season Bathing in Ireland


Céard é Scéim na mBratacha Gorma?

Tá Scéim na mBratacha Gorma i bhfeidhm in Éirinn ó 1988. Caighdeán cáilíochta is ea é a aithnítear go hidirnáisiúnta le haghaidh taitneamhachtaí cois cósta. Is ionann Brat Gorm agus comhartha chuig taitneamhacht cois cósta atá glan, a bhainistítear go maith, agus a chomhlíonann caighdeáin arda sábháilteachta agus comhshaoil. Taispeánann bratach gorm go bhfuil sárchaighdeáin cháilíochta uisce, arna leagan síos le rialacháin Eorpacha agus náisiúnta, comhlíonta.

In Éirinn, tugaimid cúnamh airgid do An Taisce (i mBéarla amháin) chun Scéim na mBratacha Gorma a reáchtáil. Scéim dheonach atá ann, arna feidhmiú ag an Foundation for Environmental Education (FEE) (i mBéarla amháin). Cinneann Giúiré Eorpach na Fondúireachta na critéir cháilíochta a leagtar síos do Bhratacha Gorma agus maidir le Bratacha Gorma a bhonnadh.


Conas a dhéanfaidh mé iarratas ar stádas Brataí Goirme?

Chun iarratas a dhéanamh ar stádas Brataí Goirme, caithfidh limistéar snámha a bheith ainmnithe faoi Bathing Water Quality Regulations (i mBéarla amháin) agus caighdeán na treoirlíne a chomhlíonadh, a leagadh síos in European Union Bathing Waters Directive (i mBéarla amháin). Caithfear an dhá choinníoll a chomhlíonadh le linn an tséasúir shnámha den bhliain sula ndéanfar an t-iarratas.

Thairis sin, caithfidh an limistéar snámha ceanglais a chomhlíonadh i ndáil leis na háiseanna atá ar fáil agus maidir le bainistíocht ghinearálta ag an trá. Cuirtear fianaise de phleananna le haghaidh feabhsuithe comhshaoil agus tionscadal oideachais chomhshaoil amach anseo san áireamh freisin agus cinneadh á dhéanamh le Bratach Gorm a bhronnadh. Is féidir tuilleadh faisnéise faoin scéim a aimsiú ag An Taisce Blue Flag Scheme (i mBéarla amháin).


Cá háit a bhfaighidh mé tuilleadh faisnéise?

Le haghaidh tuilleadh mionsonraí maidir le huisce snámha in Éirinn, téigh i dteagmháil linn sa rannán maidir le Cáilíocht Uisce nó seol ríomhphost chuig wau@housing.gov.ie nó ar +353 (0)1 888 2000.