English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ceanglais ID


Fianaise ar Chéannacht

D’fhéadfaí go n-iarrfar ort fianaise ar chéannacht a thabhairt ag an ionad vótaíochta.

Ní ligfear do dhuine ar bith vóta a chaitheamh mura bhfuil fianaise ar chéannacht acu, arna iarraidh sin, nó mura bhfuil an tOifigeach Ceannais sásta go mbaineann an fhianaise ar chéannacht leis an duine os a gcomhair.

Glacfar leis na cáipéisí seo a leanas chun críocha céannaithe:

  • pas
  • ceadúnas tiomána
  • cárta aitheantais fostaí ar a bhfuil grianghraf
  • cárta aitheantais scoláire arna eisiúint ag institiúid oideachais agus ar a bhfuil grianghraf
  • doiciméad taistil ar a bhfuil ainm agus grianghraf
  • leabhar bainc nó coigiltis nó comhar creidmheasa ar a bhfuil seoladh sa toghcheantar nó toghlimistéar áitiúil (más cuí)
  • Cárta Seirbhísí Poiblí

aon cheann de na nithe seo a leanas in éineacht le doiciméad breise a dheimhníonn seoladh an tsealbhóra sa toghcheantar nó toghlimistéar áitiúil (más cuí):

  • seicleabhar
  • seic-chárta
  • cárta creidmheasa
  • teastas breithe
  • deimhniú pósta