Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2024 - Glao ar Thionscadail
- Foilsithe: 16 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 16 Samhain 2023
Bunaíodh Ciste na Séadchomharthaí Pobail in 2020 chun infheistíocht a sholáthar in oidhreacht seandálaíochta na hÉireann.
Tugtar tús áite do mhaoiniú d’údaráis áitiúla, d’úinéirí agus do chaomhnóirí príobháideacha agus do ghrúpaí pobail le haghaidh cúram, caomhnú, cothabháil, cosaint agus cur chun cinn séadchomharthaí seandálaíochta.
Is é an maoiniú iomlán a bheidh ar fáil go náisiúnta do thionscadail faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail 2024 ná €7,000,000.
Infheistíonn Ciste na Séadchomharthaí Pobail in oidhreacht seandálaíochta agus cabhraíonn sé le húinéirí agus le caomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iad a chosaint amach anseo ar mhaithe le pobail agus leis an bpobal i gcoitinne.
Tá tionchair an athraithe aeráide ar ár séadchomharthaí ag éirí níos soiléire. Le méadú ar an síonchaitheamh agus ar imeachtaí aeráide anróiteacha, tá an timthriall deisiúcháin ar an oidhreacht thógtha ag éirí níos giorra. Tá cothabháil agus deisiú méadaithe ríthábhachtach chun seasmhacht a thógáil inár séadchomharthaí chun cur ar a gcumas tionchair timpeallachta atá ag athrú a sheasamh.
Bunaidhmeanna an Chiste
Is iad príomhaidhmeanna an Chiste ná séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú, a chothabháil, a chosaint agus a chur i láthair. Déanfaidh sé na nithe seo a leanas:
- oibreacha caomhantais ar shéadchomharthaí a mheastar a bheith suntasach agus a dteastaíonn tacaíocht phráinneach uathu a chumasú
- seasmhacht a thógáil inár séadchomharthaí le cur ar a gcumas tionchair an athraithe aeráide a sheasamh
- rochtain ar shéadchomharthaí a spreagadh agus a gcur i láthair a fheabhsú.
Spreagann an Roinn tionscnóirí tionscadail chun gné oiliúna scileanna traidisiúnta a bheith mar chuid de na tionscadail.
Sruthanna 1-3
Tá 3 Shruth ag Ciste na Séadchomharthaí Pobail:
- Tairgfidh Sruth 1 deontais suas le €100,000 atá dírithe ar dheisiúcháin riachtanacha agus oibreacha caipitil chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus a dheisiú
- Tairgfidh Sruth 2 deontais suas le €30,000 chun Pleananna/Tuarascálacha Bainistíochta Caomhantais a fhorbairt atá dírithe ar bhearta a aithint chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus rochtain phoiblí a fheabhsú.
- Tairgfidh Sruth 3 deontais suas le €30,000 chun bonneagar rochtana agus léirmhíniú (lena n-áirítear fíorúil/ar líne) a fheabhsú ag séadchomharthaí seandálaíochta.
Tionscadail Incháilithe
Cuireann an Ciste Séadchomharthaí Pobail maoiniú ar fáil do thionscadail a bhaineann le:
- Séadchomharthaí Seandálaíochta atá san áireamh i dTaifead na Séadchomharthaí agus Áiteanna (TSÁ) faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 (arna leasú)
- Séadchomharthaí Seandálaíochta atá aitheanta sa Taifead Láithreán agus Séadchomharthaí arna thiomsú ag an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta.
Gheofar tionscadail incháilithe as na catagóirí seo a leanas:
- tionscadail atá molta ag Údarás Áitiúil a bhaineann le séadchomharthaí seandálaíochta atá faoi úinéireacht phoiblí, i gcás ina bhfuil béim shoiléir oidhreachta agus leas pobail nó poiblí léirithe
- tionscadail atá molta ag Údarás Áitiúil de bharr iarratas ó iarratasóirí príobháideacha atá ina n-úinéirí nó ina gcaomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iomchuí i gcás ina bhfuil leas poiblí follasach ann
- tionscadail a bhfuil béim oidhreachta sainithe go soiléir acu agus a bhfuil leas pobail nó poiblí acu, atá molta go díreach don Roinn ag eagraíocht Státmhaoinithe atá ag obair in earnáil na hoidhreachta.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, íoslódáil na doiciméid seo a leanas le do thoil: