English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta (CNM&I)

Bunaíodh an Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta (CNM&I) an 1 Iúil 2014 mar chuid den phróiseas athchóirithe faoin Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014.

Tá feidhmeanna forleathana ag CNMI, lena n-áirítear gníomhaíochtaí uile na n-údarás áitiúla agus iniúchadh ar fheidhmiú go ginearálta agus ar fheidhmiú airgeadais go sainiúil.

Chomh maith leis sin, tá ról ag CNMI maidir leis na nithe seo a leanas:

  • tacú leis an gcleachtas is fearr
  • maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an bheartais rialtais áitiúil náisiúnta
  • monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme pleananna corparáideacha
  • ar chomhlíonadh comhaontuithe seirbhíse agus ar leasaithe seirbhíse poiblí ag comhlachtaí rialtais áitiúla.

Ceapadh Michael McCarthy mar Chathaoirleach an Choimisiúin Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta i Meán Fómhair 2018.

Is iad seo a leanas na feidhmeanna a shanntar do CNM&I:

  • grinnscrúdú a dhéanamh ar fheidhmíocht aon chomhlacht rialtais áitiúil in aghaidh táscairí ábhartha a roghnóidh CNM&I, nó mar a fhorordóidh an tAire i rialacháin
  • grinnscrúdú a dhéanamh ar fheidhmíocht airgeadais, lena n-áirítear luach ar airgid, aon chomhlacht rialtais áitiúil i ndáil lena acmhainní airgeadais
  • tacú le dea-chleachtas (forbairt agus feabhsú) i bhfeidhmíocht comhlachtaí rialtais áitiúil ina gcuid feidhmeanna
  • faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcomhaontuithe seirbhíse déanta ag aon chomhlacht rialtais áitiúil
  • maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an bheartais náisiúnta don earnáil rialtais áitiúil ag comhlachtaí rialtais áitiúil
  • faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme athchóiriú na seirbhíse poiblí ag aon chomhlacht rialtais áitiúil
  • faireachán a dhéanamh ar leordhóthanacht na bpleananna corparáideacha arna n-ullmhú ag comhthionóil réigiúnacha nó ag údaráis áitiúla, agus cur chun feidhme na bpleananna ag aon chomhlacht rialtais áitiúil, nó go ginearálta, a mheasúnú
  • bearta a ghlacadh faoina fheidhmeanna eile chun críche aon tuarascáil a iarrfaidh an tAire de réir alt 126D den Acht 2001 a tháirgeadh
  • tuarascálacha a chur ar fáil ar a thionscnamh féin, sa bhreis ar na tuarascálacha arna n-iarraidh faoi alt 126D agus faoi cheanglas alt 126K ar thuarascáil bhliantúil
  • feidhmeanna breise a thabharfar ar Ordú ón Aire a chur i gcrích.

Foilsítear tuarascálacha CNM&I ar an láithreán gréasáin