Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Comórtas do Chomhairleoir Pleanála


Achoimre

Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag lorg iarratas don phost Comhairleoir Pleanála.

Is é misean na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tacú le seachadadh inbhuanaithe agus éifeachtúil tithe dea-phleanáilte agus rialtas áitiúil éifeachtach.

Áirítear mar chuid de Rannóg Pleanála an RTRÁO sé aonad faoi stiúir Rúnaí Cúnta. Tá comhairleoirí pleanála gairmiúla na Roinne suite laistigh den Aonad Náisiúnta Pleanála Straitéisí agus oibríonn siad faoi threoir agus faoi cheannaireacht straitéiseach an Phríomhchomhairleora/an Phríomhphleanálaí.

Beidh an Comhairleoir Pleanála ag tuairisciú do Chomhairleoir Sinsearach (Pleanáil) agus beidh sé mar chuid d’fhoireann comhairleoirí gairmiúla na Roinne. Áirítear mar chuid den ról oibriú i gcomhar le comhghleacaithe chun tacú le straitéisí agus cuspóirí na Rannóige Pleanála agus na Roinne i gcoitinne agus iad a fhorbairt agus a chur i gcrích.

Eolas Breise

An Roinn/An tÚdarás Fostaithe

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

Láthair

Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath

Iarratais

12 meán lae an 25 Meán Fómhair 2025 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

Ba chóir d’iarratasóirí a gcuid foirmeacha iarratais a sheoladh ar aghaidh chuig recruitment@housing.gov.ie.

Tabhair ar aird: Ní dhéanfar ach iarratais a chuirtear ar aghaidh ar an bhfoirm iarratais oifigiúil amháin a bhreithniú.

www.gov.ie/housing/recruitment

Dáta an Fhógra

11 Meán Fómhair 2025

Dáta Deiridh chun Iarratas a dhéanamh

12 meán lae an 25 Meán Fómhair 2025

Documents

Planning Adviser Booklet 2025
Amharc amharc
Planning Adviser Application Form
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat