Comórtas do Phríomh-Chomhairleoir (Pleanáil), Rannóg Pleanála, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
- Foilsithe: 26 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Eolas Breise
- An Roinn/An tÚdarás Fostaithe
- Earcú
- Suíomh Gréasáin na Roinne/an Údaráis Fostaíochta
- Ionaid
- Iarratais
- Doiciméid
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag lorg iarratais ar phost mar Phríomhchomhairleoir (Pleanáil) sa Rannóg Pleanála
Is é misean na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ná tacú le seachadadh inbhuanaithe agus éifeachtúil tithe dea-phleanáilte agus rialtas áitiúil éifeachtach.
Is é príomhról an Phríomh-Chomhairleora (Pleanáil) comhairle phleanála ghairmiúil a sholáthar laistigh den Roinn, maidir le forbairt polasaí pleanála, treorach agus reachtaíochta. Chomh maith le laistigh den Rannóg Pleanála, áirítear leis seo oibriú ar bhonn tras-rannach, go háirithe le Rannáin Tithíochta na Roinne, agus ar bhonn idir-rannach freisin.
Beidh an Phríomh-Chomhairleoir (Pleanáil) ina bhall d’Fhoireann Bainistíochta Sinsearaí na Roinne agus tuairisceoidh sé chuig Rúnaí Cúnta na Rannóige Pleanála.
Eolas Breise
Féach ar an leabhrán eolais iniata chun tuilleadh eolais agus sonraí a fháil faoin bpost.
Competition for Principal Adviser (Planning) Information Booklet
An Roinn/An tÚdarás Fostaithe
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Earcú
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag earcú don phost seo faoina Ceadúnas Earcaíochta arna eisiúint ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CCSP) agus de réir Chód Cleachtais an CCSP.
Suíomh Gréasáin na Roinne/an Údaráis Fostaíochta
www.gov.ie/housing
Ionaid
Baile Átha Cliath
Iarratais
Is é 12 méan lae ar an 11 Aibreán 2025 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Ba chóir d’iarratasóirí a gcuid foirmeacha iarratais a sheoladh ar aghaidh chuig
Tabhair ar aird: Ní dhéanfar ach iarratais a chuirtear ar aghaidh ar an bhfoirm iarratais oifigiúil amháin a bhreithniú.
Doiciméid
Competition for Principal Adviser (Planning) - Appendix 2 - Competencies
Competition for Principal Adviser (Planning) - Appendix 3 - Privacy Statement
Competition for Principal Adviser (Planning) Information Booklet
Dáta Deiridh chun Iarratas a dhéanamh
12 méan lae ar an 11 Aibreán 2025