Comórtas Oscailte do cheapachán Eolaí Talmhaíochta Dobharcheantair
- Foilsithe: 11 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Roinn/Údarás Fostaithe
- Earcaíocht
- Suíomh Gréasáin an Údaráis/na Roinne atá ag Fostú
- Láithreacha
- Iarratais
- Ba cheart d’iarratasóirí foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh chuig
Tá iarratais á lorg ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar an bpost thuas ar Thionscadal Comhtháite Uiscí LIFE an AE.
Is í an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (RTRÁO) an Roinn Rialtais atá freagrach as tithíocht agus uisce, pleanáil fhisiceach agus spásúil, rialtas áitiúil, réamhaisnéisiú na haimsire agus as oidhreacht ar leith na hÉireann a chaomhnú agus a bhainistiú chun tairbhe a dhéanamh don ghlúin seo agus do na glúnta atá le teacht.
Tá clár LIFE an Aontais Eorpaigh mar chuid de mhaoiniú an Aontais ar ghníomhú ar son an chomhshaoil agus na haeráide.
Is é is aidhm do Thionscadal Comhtháite Uiscí LIFE iarracht a dhéanamh ar chailliúint na n-aibhneacha is gléigile in Éirinn a chur ar mhalairt treo. Tá cailliúint leanúnach aibhneacha ar ardstádas ar cheann de na treochtaí leanúnacha agus de na cúiseannaí imní is mó maidir le cáilíocht uisce in Éirinn. Bunófar leis an tionscadal seo tionscadal taispeána chun bearta éifeachtacha a fhorbairt, a thástáil agus a fhíorú leis an treocht laghdaitheach sin a chur ar mhalairt treo.
Roghnaíodh sé dhobharcheantar tionscadail san iomlán: cúig dhobharcheantar tástála agus dobharcheantar rialaithe amháin. Beidh tairbhí iomadúla a spreagadh ar mhaithe le gníomhú ar son na haeráide agus na bithéagsúlachta mar cuid den phróiseas a bhaineann le dobharcheantair agus bearta oiriúnacha a roghnú. Áireofar sa tionscadal ‘Scéim Íocaíochta Agra-Chomhshaoil Bunaithe ar Thorthaí’ (RBAPS) le haghaidh úinéirí talún rannpháirteacha. Beidh teagmháil agus cumarsáid a dhéanamh le páirtithe leasmhara agus leis an bpobal mar ghné thábhachtach den tionscadal.
Feidhmeoidh foireann an tionscadail mar fhoireann shlán ar leithligh ar feadh thréimhse an tionscadail. Beidh an Fhoireann ag obair i ndlúthchomhar le tionscadail eile de chuid an Phlean Bainistíochta Abhantraí agus le comhlachtaí cur chun feidhme amhail Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúl (LAWPRO) agus Clár Dobharcheantar Blue Dot na nÚdarás Áitiúil. Táthar ag súil go mairfidh an tionscadal go dtí mí an Márta 2028.
Roinn/Údarás Fostaithe
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Earcaíocht
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta ag earcú don phost seo faoina Ceadúnas Earcaíochta arna eisiúint ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CCSP) agus de réir Chód Cleachtais an CCSP.
Suíomh Gréasáin an Údaráis/na Roinne atá ag Fostú
www.gov.ie/housing
Láithreacha
Beidh an tEolaí Talmhaíochta Dobharcheantair lonnaithe i ndobharcheantar na Seabharthanaí nó na hAbha Bige (Cill Bhrain) i gContae Chorcaí, ag láithreacha atá le comhaontú leis an mbainisteoir tionscadail. Iarrfar ar iarrthóirí an(na) dobharcheanta(i)r is fearr leo a roghnú ar an bhfoirm iarratais. Tá an phríomhoifig tionscadail lonnaithe i mBaile Thiobraid Árann i gcontae Thiobraid Árann, agus beidh ar na hiarrthóirí rathúla freastal ar chruinnithe ar an láthair sin ó am go chéile.
Tá an rannóg comhordaithe de Rannóg Uisce na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta lonnaithe i dTeach an Chustaim, Baile Átha Cliath, agus d’fhéadfaí go n-iarrfaí ar an iarrthóir rathúil freastal ar chruinnithe ansin ó am go chéile.
Beidh ar na heolaithe talmhaíochta dobharcheantair taisteal chuig dobharcheantair thaispeána eile ó am go chéile chun cabhrú le measúnuithe dobharcheantair agus chun pleananna maolaithe a fhorbairt.
Iarratais
Is é 5 PM Dé hAoine 02 Bealtaine 2025 an spriocdháta le haghaidh iarratas
Ba cheart d’iarratasóirí foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh chuig
Tabhair faoi deara: Ní mheasfar ach iarratais a chuirtear isteach ar an bhfoirm iarratais oifigiúil.
www.gov.ie/housing/recruitment