English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (AHBanna)


Cad iad Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta?

Is eagraíochtaí neamhspleácha neamhbhrabúis iad Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (AHBanna) (ar a dtugtar cumainn tithíochta nó cumainn dheonacha tithíochta freisin). Soláthraíonn siad tithíocht ar cíos inacmhainne do dhaoine nach bhfuil in acmhainn cíosanna na hearnála príobháidí a íoc nó a dtithe féin a cheannach; nó do ghrúpaí áirithe, mar shampla daoine aosta nó daoine gan dídean.

Cuimsíonn AHBanna comharchumainn tithíochta, ar eagraíochtaí tithíochta iad atá á rialú ag a mbaill/a dtionóntaí a ghlacann páirt ghníomhach i socrú a gcuid beartas agus cinntí a dhéanamh.

Cuireann Alt 6 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1992 ar chumas údaráis tithíochta, i measc rudaí eile, cúnamh a sholáthar do AHBanna chun tithíocht a sholáthar. Tugann Alt 6(6) den Acht cumhacht don Aire stádas ceadaithe a dheonú chun na críche seo.


Údarás Rialála na gComhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (AHBRA)

Ón 1 Eanáir 2022 a cuireadh de chúram an Údaráis Rialála Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe (ar a dtugtar ‘ÚRCTC’ freisin) chun clár na CTCanna a bhunú agus a choiméad agus eagraíochtaí a chlarú mar CTCanna. Measadh gach CTC a bhí ar chlár na Roinne mar chláraithe le ÚRCTC go huathoibríoch amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2022. Chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gClár CTC, téigh chuig suíomh an Údaráis Riálála Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe.

Ba chóir d'eagraíochtaí nua atá ag iarraidh clárú mar CTC teagmháil a dhéanamh go díreach le ÚRCTC ag:registration@ahbregulator.ie