English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Comhlachtaí Stáit



Comhlachtaí Tráchtála Stáit agus Comhlachtaí Neamhthráchtála Stáit

An Bord Pleanála

Is é an Bord Pleanála (an Bord) an comhlacht reachtúil neamhspleách náisiúnta a bhfuil an fhreagracht air maidir le hachomhairc phleanála agus iarratais dhíreacha ar bhonneagar straitéiseach agus ar fhorbairtí eile a chinneadh faoi Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, agus Achtanna áirithe eile.

Láithreán gréasáin - An Bord Pleanála

An Fóram Uisce

Is é An Fóram Uisce an comhlacht reachtúil náisiúnta atá ionadaíoch ar pháirtithe leasmhara a bhfuil leas acu i gcáilíocht comhlachtaí uisce na hÉireann. Áirítear le comhaltaí an Fhóraim Uisce ionadaithe ó réimse leathan eagras a bhfuil baint dhíreach acu le ceisteanna a bhaineann le cáilíocht uisce agus tomhaltóirí uisce poiblí.

Láithreán gréasáin an Fhóraim Uisce

Údarás Rialála na gComhlachtaí Ceadaithe Tithíochta

Tá sé de chúram ar an ÚRCTC rialáil Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe (CTC) a sholáthar chun críche tacú le rialachas níos láidre agus le hinmharthanacht airgeadais na hearnála CTC, le béim faoi leith ar an infheistíocht phoiblí shuntasach atá á déanamh i seachadadh tithíochta sóisialta ó thaobh na CTCanna de a chosaint. Tá sé i gceist le ÚRCTC dearbhuithe a thabhairt d'infheisteoirí, do thionóntaí, don rialtas agus d'earnáil an CTC féin go bhfeidhmíonn soláthraithe tithíochta sóisialta i dtimpeallacht dhea-rialáilte, chobhsaí.

Láithreán gréasáin an Údaráis Rialála Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta.

Clár um Tionscal Tógála na hÉireann

Beidh clár reachtúil do sholáthraithe oibreacha foirgníochta (atá faoi réir na rialachán foirgníochta) i bhfeidhm ag Clár Tionscail Foirgníochta na hÉireann.

Láithreán gréasáin Chlár Tionscail Foirgníochta na hÉireann

Fóram Formhaoirseachta Comhchomhairleach na nDugthailte

Tugann an Fóram comhairle do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus ar choistí um bheartas straitéiseach na Comhairle maidir le foirmiú bheartas na Comhairle agus forbairt, monatóireacht agus athbhreithniú air, ó thaobh fheidhmíocht fheidhmeanna na Comhairle sa mhéid go mbaineann siad le Ceantar Dhugthailte Bhaile Átha Cliath.

Láithreán gréasáin Fhóram Maoirseachta agus Comhairliúcháin na nDugthailte

An Coimisiún Toghcháin

Is é an Coimisiún Toghcháin coimisiún toghcháin neamhspleách na hÉireann. Tá sé freagrach as an daonlathas a chosaint agus a neartú in Éirinn, lena n-áirítear i réimsí a bhaineann le hoideachas vótálaithe, taighde, rannpháirtíocht dhaonlathach a chur chun cinn, le hábhar tograí reifrinn a mhíniú, clárú páirtithe polaitiúla, maoirseacht ar an gclár toghthóirí agus sláine na dtoghchán achosaint.

Láithreán gréasáin an Choimisiúin Toghcháin

Ervia

Is é Ervia an chuideachta leathstáit ilfhóntais tráchtála atá freagrach as bonneagar agus seirbhísí náisiúnta gáis agus uisce na hÉireann a sholáthar.

Láithreán Gréasáin - Ervia

Líonraí Gáis Éireann

Is fochuideachta de chuid Ervia é Líonraí Gáis Éireann, atá freagrach as gás náisiúnta na hÉireann a sholáthar.

Láithreán Gréasáin - Líonraí Gáis Éireann

An Chomhairle Oidhreachta

Is comhlacht poiblí é An Chomhairle Oidhreachta a bhfuil sé mar mhisean aici tuiscint leathan a fhorbairt ar an maitheas ríthábhachtach a dhéanann ár n-oidhreacht dár bhfolláine shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíochta.

Láithreán Gréasáin - An Chomhairle Oidhreachta

An Ghníomhaireacht Tithíochta

Tacaíonn an Ghníomhaireacht Tithíochta le húdaráis áitiúla, le comhlachtaí ceadaithe tithíochta agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le tithíocht agus seirbhísí tithíochta a sholáthar.

Láithreán gréasáin - An Ghníomhaireacht Tithíochta

An Ghníomhaireacht Airgeadais doThithe

Cuireann an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe maoiniú iasachta ar fáil d’údaráis áitiúla agus don earnáil tithíochta dheonach lena úsáid acu chun críche ar bith a údaraítear leis na hAchtanna Tithíochta, 1966-2009, agus chun cistí a fháil ar iasacht nó a chruinniú chun na gcríoch sin.

Láithreán gréasáin - An Ghníomhaireacht Airgeadais Tithíochta

An Ghníomhaireacht Forbartha Talún

Is comhlacht tráchtála stáit í an Ghníomhaireacht Forbartha Talún (GFT) a bunaíodh chun tailte a chomhordú chun áiteanna cónaithe inacmhainne agus sóisialta a sholáthar agus chun pobail a thógáil ar fud an náisiúin.

Láithreán gréasáin - An Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún

Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil

Gníomhaireacht údarás áitiúil atá sa Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, a bhfaigheann an chuid is mó dá cistiú ó údaráis áitiúla. Oibríonn sí san earnáil rialtais áitiúil, agus í ag tuairisciú ar fheidhmíocht, de réir mar is gá, don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Láithreán gréasáin - An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil

An Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta

Is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta (CNMI) a dhéanann maoirseacht ar an earnáil rialtais áitiúil. Tá feidhmeanna leathana aige, agus clúdaíonn siad gníomhaíochtaí uile an údaráis áitiúil, lena n-áirítear grinnscrúdú a dhéanamh ar fheidhmíocht go ginearálta agus feidhmíocht airgeadais go sonrach. Tá ról ag CNFI sna rudaí seo a leanas:

  • tacú leis an gcleachtas is fearr
  • maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an bheartais rialtais áitiúil náisiúnta
  • monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme pleananna corparáideacha
  • ar chomhlíonadh comhaontuithe seirbhíse agus ar leasaithe seirbhíse poiblí ag comhlachtaí rialtais áitiúla.

Láithreán gréasáin - An Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta

An Coiste Comhairleach Náisiúnta um Chóiríocht don Lucht Siúil

Cuireann an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Chóiríocht don Lucht Siúil comhairle ar an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i dtaca le haon nithe ginearálta a bhaineann le cóiríocht don Lucht Siúil agus le cláir chóiríochta don Lucht Siúil a chur chun feidhme agus comhoibriú ina leith.

An Coiste Comhairleach Náisiúnta um Chóiríocht don Lucht Siúil

An Bord um Réiteach Piríte

Tá an Bord um Réiteach Piríte freagrach as oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar dhamáiste do theaghaisí áirithe a eascraíonn as aistriú piríteach agus maoirsíonn sé cur chun feidhme éifeachtach an chláir oibreacha feabhsúcháin do theaghaisí a ndéantar difear dóibh.

Láithreán gréasáin - An Bord um Réiteach Piríte

An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe

Bunaíodh an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe (BTC) mar chomhlacht reachtúil neamhspleách gar-bhreithiúnach faoi Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (ATC) 2004 arna leasú chun an earnáil tithíochta ar cíos a rialáil; faisnéis a chur ar fáil do thionóntaí agus tiarnaí talún; clár náisiúnta tionóntachtaí a choinneáil; aighnis idir tionóntaí agus tiarnaí talún a réiteach; agus taighde a dhéanamh agus eolas a sholáthar d'fhonn eolas a dhéanamh do bheartas). Áirítear le sainchúram an BTC an earnáil cíosa phríobháidigh, na soláthraithe tithíochta neamhbhrabúis a dtugtar Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (CCTanna) go comónta orthu, soláthraithe Cóiríochta atá go Sonrach do Mhic Léinn (CSML) agus Cíos Costais.

Láithreán gréasáin an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe

Tailte Éireann

Is gníomhaireacht neamhspleách Rialtais í Tailte Éireann faoi choimirce na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Cuireann Tailte Éireann córas clárúcháin maoine, seirbhís luachála maoine, agus bonneagar náisiúnta mapála agus suirbhéireachta ar fáil don Stát.

Láithreán gréasáin Thailte Éireann

Uisce Éireann

Is é Uisce Éireann an t-údarás náisiúnta uisce do sheirbhísí uisce atá freagrach as na feidhmeanna a leagadh air de bharr Achtanna Seirbhísí Uisce 2007 go 2022 nó fúthu. Soláthraíonn sé seirbhísí uisce agus fuíolluisce phoiblí agus ar fud na hÉireann.

Láithreán gréasáin Uisce Éireann

An Binse Luachála

Déanann an Binse Luachála cinntí ar achomhairc a dhéantar i gcoinne cinntí ó Thailte Éireann maidir leis an luacháil ar mhaoin tráchtála.

Láithreán gréasáin an Bhinse Luachála

Uiscebhealaí Éireann

Is é Uiscebhealaí Éireann an tÚdarás loingseoireachta trasteorann atá freagrach as 1,100 km d'uiscebhealaí intíre inseolta agus os cionn 600 km de Ghlasbhealaí agus de Ghormbhealaí a bhainistiú, a chothabháil, a fhorbairt agus a chur chun cinn.

Láithreán gréasáin Uiscebhealaí Éireann


Ballraíocht an Bhoird Stáit


Fónamh ar bhord stáit

I gcomhar leis na Treoirlínte ar Cheapacháin chuig Boird Stáit, is é atá i suíomh Gréasáin stateboards.ie ná pointe teagmhála tiomnaithe aonair is féidir le gach iarratasóir ionchasach a úsáid chun spéis a léiriú i ndul isteach sna boird stáit a thagann faoi shainchúram na Ranna Rialtais uile. Ba cheart faisnéis agus iarratais maidir leis an bpróiseas nó conas iarratas a dhéanamh a chur ar aghaidh chuig

info@stateboards.ie

Déanfar gach ceapachán de réir na reachtaíochta rialaithe do gach Comhlacht Stáit.

Áirítear leis an gCód Cleachtais do Rialachas Comhlachtaí Stáit cur síos ar na róil atá ag Cathaoirligh, ag Comhaltaí Boird agus ag Stiúrthóirí agus ar na freagrachtaí atá orthu.