English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Conair chun Deireadh a Chur le hEaspa Dídine, Seachadadh Tithíochta Sóisialta a Mhéadú agus Tacú le Cuimsiú Sóisialta


Tá an rialtas tiomanta chun freastal ar riachtanais na ndaoine is leochailí sa tsochaí le bearta a chur i bhfeidhm a chuirfidh deireadh le fadhb na heaspa dídine, a mhéadóidh soláthar tithíochta sóisialta agus a thacóidh le hionchuimsiú sóisialta.

I measc na bpríomhghníomhaíochtaí atá ar bun a gealladh nó a soláthraíodh faoin gconair sin, tá na nithe seo a leanas:

  • Reachtaíocht a cuireadh i bhfeidhm in 2021 a chuireann uasteorainn 2% in aghaidh na bliana pro rata le méaduithe ar chíos i gCriosanna Brú Cíosa nuair atá an tInnéacs Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí níos airde
  • 1,319 tionóntacht Tús Áite Don Tithíocht chur ar fáil idir 2022 agus 2026 do dhaoine a chaith tréimhsí fada ina gcodladh amuigh nó a bhain úsáid fhadtéarmach as cóiríocht éigeandála agus a bhfuil riachtanais chasta acu
  • Bunaíodh Coiste Náisiúnta um Ghníomhú in aghaidh Easpa Dídine a fheabhsóidh comhordú idir bearta agus gníomhartha beartais
  • Cuireadh €250 milliún de mhaoiniú ar fáil chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do theaghlaigh agus do dhaoine aonair atá gan dídean
  • Seoladh Straitéis um Easpa Dídine i measc Daoine Óga i Mí na Samhna 2022, a mhairfidh trí bliana is atá ag obair ar mhaithe le deireadh a chur le fadhb na heaspa dídine do dhaoine óga atá in aois 18-24 trí thoirmeasc agus trí thaithí daoine óga a úsáideann cóiríocht éigeandála a fheabhsú
  • Cistiú caipitil a chur ar fáil do thithíocht do ghrúpaí leochaileacha áirithe atá incháilithe do chistiú Scéime Cúnaimh Caipitil. Áirítear orthu seo, seandaoine agus daoine le míchumas
  • Tairseach agus suíomh idirlín Tithe Aoisbháúla , a seoladh i Mí an Mheithimh 2021, chun mol lárnach d'acmhainní, treoir agus faisnéis faoi thithíocht aoisbháúil a chur ar fáil
  • Foilsiú na tuarascála forfheidhmithe deiridh, de chuid ráitis phoiblí bheartais Roghanna Tithíochta dár nDaonra Aosaithe ar an 22 Meitheamh 2022
  • Feabhsuithe ar chaighdeán agus méid na cóiríochta atá go sonrach don Lucht Siúil
  • Deireadh a chur le léas fadtéarmach tithíochta sóisialta atá ar siúl ag údaráis áitiúla
  • Grinnanailís a dhéanamh ar an talamh atá ar fáil chun bonn a chur faoi sholáthar tithíochta sóisialta go dtí 2030, a chuireann na sonraí atá ar fáil ó Phleananna Gníomhaíochta um Sholáthar Tithíochta na nÚdarás Áitiúil san áireamh agus a aithníonn an bhearna talún atá fágtha
  • Straitéis a chur a bhfeidhm chun cabhrú le húdaráis áitiúla agus le Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (CCTanna) chun bainc talún oiriúnacha a aimsiú agus a fháil chun freastal ar an riachtanas tithíochta sóisialta go dtí 2030
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr agus feidhmiú na Saoráide Léasaithe Réamhíocaíochta Caipitil chun measúnú a dhéanamh an gá aon mhionchoigeartú a dhéanamh ar an tsaoráid chun tacú leis an earnáil CCT tithíocht shóisialta a sholáthar do réimse níos leithne de cheantair Údarás Áitiúil. Foilsíodh an t-athbhreithniú seo i Márta 2023 agus cuirfear a leasuithe i bhfeidhm
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar an Scéim Cóiríochta Cíosa chun ról na Scéime sa mhargadh príobháideach a mheas agus a chuireann tionchar Íocaíocht Cúnamh Tithíochta agus rannpháirtíocht CCT san áireamh. Cuirfear na torthaí i bhfeidhm
  • Teorainneacha incháilitheachta ioncaim athbhreithnithe do thithíocht shóisialta a cuireadh i bhfeidhm in Eanáir 2023
  • A dheimhniú go n-úsáidfear athbhreithnithe meántéarma na nÚdarás Áitiúil ar a gCláir Chóiríochta don Lucht Siúil ar bhealach cuí chun eolas a dhéanamh do sholáthar na cóiríochta go dtí deireadh 2024
  • Tithíocht agus tacaíocht a chur ar fáil chun imeascadh teifeach sa phobal a éascú, tús a chur le pleanáil do chur chuige nuashonraithe fadtéarmach do riachtanais tithíochta, a chuireann na tionchair nua imirce san áireamh (tionchar an chogaidh san Úcráin san áireamh).

Léigh an chonair seo de ‘Tithíocht do Chách’ ina iomláine.

Tithíocht do Chách: Plean Tithíochta Nua d’Éirinn - Conair 2
Amharc amharc

An tEolas is Déanaí

Samhail mhaoinithe feabhsaithe nua chun iarratais ar cheadú maoinithe a spreagadh do na mílte teach sóisialta eile

Ar an 22 Márta 2023, fógraíodh athruithe ar shamhail mhaoinithe na Saoráide Réamhléasaithe Caipitil (SRC), an phríomhscéim mhaoinithe a úsáideann earnáil na gComhlachtaí Tithíochta Faofa (CTF) chun tithíocht shóisialta a sholáthar. Tabharfaidh na hathruithe aghaidh ar na dúshláin atá roimh an earnáil maidir le teacht ar ioncam chun tithe sóisialta a thógáil, go háirithe i mbailte agus sráidbhailte tuaithe.

Táthar ag súil go leanfaidh iarratais ar cheadú maoinithe do na mílte tithe a sholáthraíonn CTF do cheantair nach raibh scéimeanna a chuir CTF ar fáil chomh hinmharthana céanna roimhe sin.

Léigh tuilleadh faoin múnla maoinithe feabhsaithe do Chomhlachtaí Tithíochta Ceadaithe

Bearta breise chun soláthar tithe sóisialta a mhéadú de réir mar a chuirtear deireadh de réir a chéile le cosc ar dhíshealbhú geimhridh

An 7 Márta 2023, d’fhógair an rialtas bearta breise chun soláthar tithe sóisialta a mhéadú i gcomhthráth le deireadh a chur de réir a chéile leis an gcosc ar dhíshealbhú an gheimhridh de réir théarmaí an Achta um Thionóntachtaí Cónaithe (Dáta Foirceannaidh Thionóntachtaí Áirithe a Dhíchur) 2022.

Rinne an tAcht seo foráil le haghaidh bac ar fhógraí díshealbhaithe don tréimhse suas go dtí an 31 Márta 2023, agus foircinn tionóntachta iarchurtha le teacht i bhfeidhm thar thréimhse agaithe ón 1 Aibreán go dtí an 18 Meitheamh 2023.

Léigh tuilleadh faoi bearta breise chun an soláthar tithe sóisialta a mhéadú

Cuireadh 2,307 teach cónaithe sóisialta chun úsáide gníomhaí arís

Ar an 9 Feabhra 2023, foilsíodh figiúirí a léirigh gur cuireadh 2,307 teach sóisialta folamh chun úsáide gníomhaí arís in 2022 faoin gClár na dTithe Folmha. Tá an méid seo beagáinín os cionn na 2,273 teach sóisialta folamh a rabhthas ag súil leis, rud a thugann le fios gur laghdaigh an dianobair a rinne na húdaráis áitiúla i 2020 agus 2021 ar an ábhar seo líon na dtithe sóisialta folmha. Tacaíonn Clár na dTithe Folmha le húdaráis áitiúla agus iad ag ullmhú tithe folmha chun iad a ligean ar cíos arís.

Is beart tábhachtach é i bplean Tithíocht do Chách an Rialtais leas níos éifeachtúla a bhaint as soláthar tithíochta reatha. Déanann Clár na dTithe Folmha forbairt ar an obair atá ag dul ar aghaidh go fóill chun dul i ngleic le folús agus tréigean agus chun réadmhaoine folmha a chur chun úsáide arís le haghaidh tithíochta.

Léigh tuilleadh faoi tithe folmha a cuireadh chun úsáide gníomhaí arís

Comórtas Deartha Ailtireachta “Maireachtáil i Lár an Bhaile” seolta

Ar an 27 Eanáir 2023, sheol an tAire Darragh O'Brien agus Uachtarán Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann, Charlotte Sheridan, na Comórtais Deartha Ailtireachta "Maireachtáil i Lár an Bhaile" ar mhaithe le ceithre scéim tithíochta a dhearadh, le scéim amháin i ngach ceann de na ceithre láithreán láir bhailte trasna na tíre.

Tá sé mar aidhm ag na comórtais dearadh nuálach a spreagadh do thithíocht shóisialta laistigh de láir bhailte agus cuspóirí bheartas an Rialtais, Tús Áite do Lár an Bhaile, i dtaca le dlúthfhás agus athbheochan na lár bailte a chur chun cinn. Táthar ag iarraidh go spreagfar, de dheasca na gcomórtas seo níos mó gnólachtaí ailtireachta chun dul i mbun iomaíochta do thionscadail deartha tithíochta sóisialta.

Léigh tuilleadh faoin gcomórtas dearadh ailtireachta

Beagnach 600 teach nua sóisialta le cur ar fáil i gCorcaigh, Cill Dara, Muineachán, Sligeach agus Cill Mhantáin

Ar an 9 Eanáir 2023, chuir an tAire O'Brien fáilte roimh sheoladh beart tionscadal faoi Bheart 6 den Chlár Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí (CPP).

Tá an seoladh seo ag cur leis an gclár tithíochta rathúil CCP atá á gcur i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht Náisiúnta Forbartha Airgeadais, i gcomhpháirt leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag údaráis áitiúla ábhartha.

Léigh tuilleadh faoi beagnach 600 teach sóisialta nua atá le seachadadh

Tagann teorainneacha nua incháilitheachta ioncaim i bhfeidhm do thithíocht shóisialta

Ar an 1 Eanáir 2023, d’fhógair an rialtas go raibh éifeacht le teorainneacha nua incháilitheachta ioncaim do thithíocht shóisialta. Ón 1 Eanáir 2023, tá méadú €5,000 tagtha ar thairseacha incháilitheachta ioncaim do thithíocht shóisialta in Údaráis Áitiúla ar fud na tíre.

Léigh tuilleadh faoi theorainneacha incháilitheachta

Tá beagnach 6,000 duine fágtha ina dtithe de bharr na scéime Morgáiste go Cíos

Ón 8 Nollaig 2022 i leith, tá iarratais ar Mhorgáiste go Cíos (MGC) a ceadaíodh ar fud na tíre tar éis an sprioc 2,000 a shárú ó cuireadh tús leis an scéim. Mhol an tAire O’Brien d’aon duine atá i mbaol a dteach a chailleadh machnamh a dhéanamh ar an scéim agus dul i dteagmháil leis na tacaíochtaí eile rialtais agus leis an gcomhairle eile atá ar fáil.

Cuidíonn morgáiste chun Cíosa le daoine atá i mbaol a dtithe a chailleadh mar gheall ar riaráistí morgáiste. Tá an 2,000 cás a cuireadh i gcrích go dtí seo (ó cuireadh tús leis an scéim in 2012) ag dul chun tairbhe do 5,910 duine (3,249 duine fásta agus 2,661 leanbh).

Léigh tuilleadh faoin Scéim Náisiúnta Morgáiste go Cíos agus faigh amach an bhfuil tú incháilithe di

An Chéad Straitéis um Easpa Dídine i measc Daoine Óga le breis agus 20 bliain seolta

Ar an 9 Samhain 2022, seoladh an Straitéis um Easpa Dídine i measc Daoine Óga 2023-2025. Sa straitéis seo, an chéad Straitéis um Easpa Dídine i measc Daoine Óga le scór bliain, leagtar amach 27 gníomh ar leith chun daoine óga a chosc ó bheith gan dídean, chun eispéiris daoine óga i gcóiríocht éigeandála a fheabhsú agus chun cabhrú le daoine óga éirí as easpa dídine.

Léigh tuilleadh faoin Straitéis do Dhaoine Óga gan Dídean

Seoladh Plean Cur Chun Feidhme Náisiúnta 2022-2026 ‘Tithíocht ar dtús’

Ar an 20 Nollaig 2021, seoladh Plean Náisiúnta Cur Chun Feidhme Thithíocht ar dTús 2022-2026. Tugann an clár ‘Tithíocht ar dTús’ teach buan agus príomhthacaíochtaí sláinte agus sóisialta do dhaoine a chaith tréimhsí fada ina gcodladh amuigh nó a bhain úsáid fhadtéarmach as cóiríocht éigeandála agus a bhfuil riachtanais chasta acu. Cuirfidh an Plean 1,319 tionóntachtaí tacaithe nua a fhaigheann príomhthacaíochtaí ar fáil chun tionóntaí a choinneáil ina dtithe.

Léigh tuilleadh faoin bPlean 'Tithíocht ar dtús'


Bileog Eolais

Slí chun Deireadh a chur le Easpa Dídine Seachadadh Tithíochta Sóisialta a Mhéadú agus Tacú le Cuimsiú Sóisialta - Bileog Eolais
Amharc amharc

Grafaicí Faisnéise na Meán Sóisialta

Plean Tithíocht ar dTús do Dhaoine gan Dídean

Housing First: Plan for Homeless People - Infographic
Amharc amharc
Housing First: Plan for Homeless People Infographic - Accessible Version
Amharc amharc

Ag Cur Deireadh le hEaspa Dídine

Housing for All: Eradicating Homelessness - Infographic
Amharc amharc
Housing for All: Eradicating Homelessness Infographic - Accessible Version
Amharc amharc

Físeáin

An Scéim Morgáiste go Cíos a Bhreisiú