English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Conair chun Dul i nGleic le Folúntas agus Úsáid Éifeachtach an Stoic atá ann

Tá Plean "Tithíocht do Chách" ag gníomhú le deimhniú go gcuirfear tithe folmha seasta chun úsáide fiúntaí arís. Is gné ríthábhachtach de bheartas tithíochta inmharthana é úsáid ár soláthar tithíochta reatha a uasmhéadú, go háirithe sna bailte agus sna cathracha.

I measc na bpríomhghníomhaíochtaí a gealladh nó atá curtha ar fáil faoin gconair sin, tá na nithe seo a leanas:

  • ‘Tús Áite do Lár an Bhaile – Cur chuige Beartais do Bhailte in Éirinn’. Tá an beartas nua seo ag dul i ngleic le tithe folmha agus tréigthe agus cuireann sé anam sna láir bhailte. Tá 33 gníomh ar leith ag Tús Áite do Lár an Bhaile a thabharfaidh dár mbailte na huirlisí agus na hacmhainní a theastaíonn uathu chun a bheith níos inmharthana agus níos tarraingtí chun cónaí iontu, chun obair iontu, chun cuairt a thabhairt orthu agus chun gnó a reáchtáil iontu.
  • Ciste nua Chroí Cónaithe (Bailte), a seoladh i Mí Iúil 2022. Cuireann an ciste Deontais um Athchóiriú Tithe Folmha ar fiú suas go €30,000 iad (do thithe folmha) nó €50,000 (do thithe tréigthe) ar fáil chun na tithe sin a chur chun úsáide cónaithe arís. Leathnaíodh amach an scéim le déanaí chun tacú le láithreáin le seirbhísí a sholáthar a spreagfaidh daoine chun a dtithe féin a thógáil leis an scéim 'Réidh le Tógáil".
  • Tugadh feidhm le Cáin ar Thithe Folmha sa bhliain 2023. Is é príomhchuspóir na cánach nua seo ná an soláthar tithe atá ar cíos nó le ceannach a mhéadú chun freastal ar éileamh. Gearrtar an cháin ar réadmhaoin chónaithe atá áitithe mar áit chónaithe ar feadh níos lú ná 30 lá i dtréimhse 12 mhí.
  • Tá córas clárúcháin do ligean gearrthéarmach ann a cheanglaíonn ar thithe atá ligthe ar cíos ar bhonn gearrthéarmach nó do shaoirí clárú le Fáilte Éireann chun go gcinntítear go n-úsáidtear na tithe chun na críocha is fearr i gceantair ina bhfuil riachtanas tithíochta.
  • Rinneadh athchóiriú ar Scéim Chothrom na Féinne a chuir deireadh le dídhreasachtaí a bhí ann in aghaidh tithe neamhúsáidte a dhíol nó a ligean ar cíos.
  • Tá gníomhachtú réadmhaoine folmha mar phríomhchritéar ag an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach agus an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe. Chruthaigh an Rialtas ciste nua €150 milliún do thionscadail atá ar bun ag údaráis áitiúla a bhaineann le réadmhaoine folmha.
  • Tá tacaíocht le tabhairt d'Údaráis Áitiúla chun suas le 2,500 de na réadmhaoine folmha ina gceantair a cheannach agus a athdhíol. Úsáidfear Cumhachtaí Ordaithe Ceannaigh Éigeantaigh (OCÉ) nuair is gá.
  • Foilsiú Plean Gníomhaireachta um Thithe Folmha a chuireann snáithe éagsúla oibre le chéile chun dul i ngleic le folúntas tithe cónaithe. Foilsíodh an plean i Mí Eanáir 2023, agus cuireann sé sonraí ar fáil faoi dhul chun cinn agus cur i bhfeidhm go dtí seo agus faoi na gníomhartha a bhfuiltear ag tabhairt fúthu.
  • Feidhm a thabhairt d'alt 9 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2019 agus é i gceist go gcuirfear ar chumas na nÚdarás Áitiúil dreasachtaí bunaithe ar rátaí a thairiscint chun réadmhaoine tráchtála folmha oiriúnacha a chur chun úsáide cónaithe.
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, agus é i gceist go ndeimhneofar go dtagann sé fós le prióireachtaí Thodhchaí Cheantair Thuaithe, Polasaí Thús Áite do Lár an Bhaile agus príomhstraitéisí eile, agus go rachfar i ngleic le ceisteanna a bhaineann le réadmhaoine folmha, réadmhaoine tréigthe, agus le gnóthachtáil forbartha eacnamaíche leanúnaí i gceantair tuaithe.
  • Imscrúdú a dhéanamh an bhfuil miondeontais chaipitil d'Institiúidí Ardoideachais ábalta cabhrú le tionscadail bheaga agus le hathchóiriú ar soláthar reatha chun cóiríocht a chur ar fáil dó mhic léinn ó spriocghrúpaí i gceantair ina bhfuil riachtanais tithíochta.

Léigh an chonair seo de ‘Tithíocht do Chách’ ina iomláine.

Tithíocht do Chách: Plean Tithíochta Nua d’Éirinn - Conair 4
Amharc amharc

An tEolas is Déanaí

Tá tithe tábhairne folmha ar an gcúigiú cuid de na réadmhaoine tráchtála folmha atá daoine a phleanáil a athoiriúnú go tithe in 2022

Ar an 27 Feabhra 2023, léirigh figiúirí a foilsíodh gur le seantithe tábhairne a bhaineann an cúigiú cuid de na fógraí a fuair na húdaráis áitiúla in 2022 chun áitribh thráchtála fholmha áirithe a athoiriúnú go tithe.

I Mí Feabhra 2022, cuireadh síneadh le rialúcháin sheasta a thug díolúine do chineálacha áitreabh tráchtála folamh ó riachtanais ceada pleanála - i gcás go bhfuil sé i gceist aonaid chónaithe a chur ar fáil - is leathnaíodh an díolúine sin chun seantithe tábhairne a chlúdach. Tá sé mar aidhm ag na rialúcháin athúsáid foirgneamh tráchtála folamh a chur chun cinn ar mhaithe le soláthar tithíochta a mhéadú agus chun ceantair uirbeacha a athnuachan. Leathnaíodh na rialúcháin chun tithe tábhairne a chlúdach chun soláthar tithíochta a mhéadú. Beidh na rialúcháin seo, atá mar chuid de phlean Tithíocht do chách agus Beartas Thús Áite do Lár an Bhaile an Rialtais, i bhfeidhm go dtí deireadh 2025.

Léigh tuilleadh faoi athoiriúnú áitreabh tráchtála folamh

Cuireadh 2,307 teach cónaithe sóisialta chun úsáide gníomhaí arís

Ar an 9 Feabhra 2023, foilsíodh figiúirí a léirigh gur cuireadh 2,307 teach sóisialta folamh chun úsáide gníomhaí arís in 2022 faoin gClár na dTithe Folmha. Tá an méid seo beagáinín os cionn na 2,273 teach sóisialta folamh a rabhthas ag súil leis, rud a thugann le fios gur laghdaigh an dianobair a rinne na húdaráis áitiúla ar an ábhar seo i 2020 agus 2021 líon na dtithe sóisialta folmha. Tacaíonn Clár na dTithe Folmha le húdaráis áitiúla agus iad ag ullmhú tithe folmha chun iad a ligean ar cíos arís.

Is beart tábhachtach é i bplean Tithíocht do Chách an Rialtais leas níos éifeachtúla a bhaint as soláthar tithíochta reatha. Déanann Clár na dTithe Folmha forbairt ar an obair atá ag dul ar aghaidh go fóill chun dul i ngleic le folús agus tréigean agus chun réadmhaoine folmha a chur chun úsáide arís le haghaidh tithíochta.

Léigh tuilleadh faoi thithe sóisialta folmha .

Plean Gníomhaíochta nua um Thithe Folamh agus sonraí faoi chiste nua folúntais € 150 milliún atá ag an gCiste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí

Ar an 30 Eanáir 2023, seoladh Plean Gníomhaíochta nua um Thithe Folmha agus ciste nua €150 milliún d’údaráis áitiúla chun dul i ngleic le tithe folmha agus tithe tréigthe chun tacú leis an bplean céanna. Tógann an ciste agus an phleanáil ar obair leanúnach chun dul i ngleic le folúntas agus tréigean agus chun foirgnimh fholmha a athúsáid le haghaidh tithíochta.

Tugtar breac-chuntas sa Phlean Gníomhaíochta um Thithe Folmha ar an dul chun cinn atá déanta maidir le gníomhartha a chur i bhfeidhm a bhaineann le folúntas agus le húsáid éifeachtúil a bhaint as an stoc atá ann cheana i dTithíocht do Chách, plean tithíochta an Rialtais go dtí 2030. Tacaíonn an plean freisin le daoine chun réadmhaoin fholamh a cheannach, a léasú nó a dhíol, nó réadmhaoine tráchtála folmha a thiontú ina dtithe.

Léigh tuilleadh faoin bPlean Gníomhaíochta um Thithe Folmha agus faoin gciste nua

Clár Ligean Gearrthéarmach do Thurasóirí le bunú ag reachtaíocht nua

Ar an 7 Nollaig 2022, cheadaigh an Rialtas dréachtú tosaíochta an Bhille um Ligean Gearrthéarmach do Thurasóirí a Chlárú agus foilsiú Scéim Ghinearálta an Bhille.

Tá Tithíocht do Chách tiomanta chun rialuithe nua rialúcháin a fhorbairt chun a dheimhniú go bhfuil an úsáid is éifeachtaí bainte as tithíocht i gceantair ina bhfuil riachtanais mhóra tithíochta. Cabhróidh an clár nua le deimhniú go n-úsáidfear tithe a tógadh ar mhaithe le cóiríocht chónaithe chun na críocha sin, agus measann Fáilte Ireland go bhféadfaidh suas le 12,000 réadmhaoin filleadh ar an margadh cíosa fadtéarmach nó ar an margadh tithíochta cónaithe mar thoradh air seo.

Léigh tuilleadh faoin bhfógra maidir leis an gclár ligin turasóireachta gearrthéarmach

Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh leathnaithe chuig cathracha agus ceantair thuaithe iargúlta

An 15 Samhain 2022, seoladh an Deontas méadaithe um Athfheistiú Maoine Foilmhe Chroí Cónaithe.

Cuimsíonn an deontas leathnaithe anois réadmhaoine folmha incháilithe i gcathracha agus i gceantair thuaithe níos iargúlta (chomh maith leo siúd i mbailte agus sráidbhailte, atá incháilithe ó mhí Iúil). Cuideoidh leathnú na scéime le réadmhaoin folmha agus tréigthe a thabhairt ar ais chun críocha cónaithe agus cinnteoidh sé go n-úsáidfear an soláthar tithíochta atá ann cheana a mhéad is féidir. Cuideoidh sé freisin le hastaíochtaí ó thógáil chónaithe a theorannú agus beocht a chur le cathracha agus ceantair thuaithe na hÉireann.

Faoi Dheontas Athchóirithe Réadmhaoine Foilmhe Chroí Cónaithe, tá €30,000 ar fáil do cheannaitheoirí tí chun athchóiriú a dhéanamh ar theach a mbeidh cónaí orthu ann. Sa chás go bhfuil réadmhaoin tréigthe, beidh uasmhéid deontais breisithe suas le €20,000 ar fáil, rud a fhágfaidh go mbeidh an deontas iomlán ar fáil do réadmhaoin thréigthe suas go huasmhéid €50,000. Is féidir na deontais a chomhcheangal freisin le Scéim um Fhuinneamh Níos Fearr an SEAI a chlúdaíonn oibreacha suas le €26,750.

Léigh tuilleadh faoin deontas athchóirithe réadmhaoine folmha

Laghdú ar an méid ioncaim cíosa a mheasfar faoin Scéim Chothrom na Féinne mar thoradh ar "Tithíocht do Chách"

Ar an 2 Samhain 2022, chuir an rialtas fáilte roimh thosach feidhme Chuid 9 den Bhille um Rialáil Soláthraithe Oibreacha Tógála agus Rialú Foirgníochta (Leasú) 2022. Méadóidh sé seo an méid ioncaim cíosa atá cónaitheoirí tithe altranais in ann a choinneáil faoin Scéim Chothrom na Féinne ó 20% go 60%.

Gheall an rialtas an t-athrú seo a dhéanamh faoi Thithíocht do Chách chun deireadh a chur le dídhreasacht do chónaitheoir tí altranais fadtéarmach tithe folmha a ligean ar cíos faoin Scéim Chothrom na Féinne. Meastar go ligfear idir 400 agus 2,000 réadmhaoin ar cíos leis an mbeart seo, ag aon am amháin, nuair a bheidh sé lánbhunaithe.

Léigh tuilleadh faoin measúnú Margaidh Cothrom ar laghdú ioncam cíosa

Scéim nua ‘Réidh le Tógáil’

An 21 Meán Fómhair 2022, d’fhógair na hAirí an Scéim ‘Réidh le Tógáil’. Faoin scéim seo, a mhaoineofar faoi Chiste Chroí Cónaithe, cuirfidh údaráis áitiúla suímh sheirbhíse ar fáil (is é sin, suímh a bhfuil an t-infreastruchtúr riachtanach acu ar nós leictreachais, uisce agus fuíolluisce) i mbailte agus i sráidbhailte do cheannaitheoirí ionchais ar mian leo a dteach féin a thógáil.

Díolfar na láithreáin ar ráta lascainithe suas le €30,000 ó luach an mhargaidh. Cinnfear an lascaine de réir an chostais a bhaineann le seirbhísiú a dhéanamh ar an suíomh.

Tá fadhb na láithreán folamh agus neamhfhorbartha le feiceáil i mórán ceantar i mbailte agus sráidbhailte de gach méid agus, dá mbainfí feidhm astu arís, d'fhéadfaidís anam a chur ar ais sna pobail sin. Comhlíonann an scéim gealltanas i bplean Thithíocht do Chách an rialtais, agus tacaíonn sí le beartas Todhchaí Cheantair Thuaithe agus leis an mbeartas a foilsíodh le déanaí, Tús Áite do Lár an Bhaile, a bhfuil sé mar aidhm aige aghaidh a thabhairt ar thithe folmha agus tréigthe agus anam a chur i lár ár mbailte.

Léigh tuilleadh faoin Scéim nua Réidh le Tógáil

Ciste nua €50m Chroí Cónaithe (Bailte) chun réadmhaoine Folmha a Athchóiriú, chun Úinéireacht Tí a Mhéadú agus chun Pobail a Athbheochan

Ar an 14 Iúil 2022, seoladh Ciste nua €50m Croí Cónaithe (Bailte) a thabharfaidh tacaíocht do dhaoine foirgnimh fholmha agus tearcúsáidte inár mbailte agus sráidbhailte a chur chun úsáide cónaithe arís.

Rachaidh an scéim chun tairbhe daoine atá ag iarraidh príomháit chónaithe a dhéanamh d'iartheach folamh agus atá ag iarraidh a bheith mar chuid den phobal sa cheantar.

Tá sé mar aidhm ag an scéim láir bhailte a chruthú a fheidhmíonn:

  • mar áiteanna inmharthana agus tarraingteacha chun cónaí iontu, chun obair iontu agus chun cuairt a thabhairt orthu
  • mar mhoil seirbhíse, sóisialta, chultúrtha agus fóillíochta don phobal áitiúil.

Soláthrófar an ciste seo trí na húdaráis áitiúla a chuirfidh deontas ar fáil chun tacú le hathchóiriú tithe folmha, is tabharfaidh siad tosaíocht d'iarratais ó cheantair ina bhfuil líon na dtithe folmha nó tréigthe an-ard.

Léigh tuilleadh Chiste nua Chroí Cónaithe (Bailte)

Aontaíonn an Chomh-Aireacht ar rialúcháin níos láidre a chur i bhfeidhm maidir le ligean gearrthéarmach

Ar an 10 Iúil 2022, cheadaigh an rialtas rialuithe rialála nua ar ligean gearrthéarmach i dtithe i gcriosanna brú cíosa nach príomháiteanna cónaithe iad. Mar thoradh air seo, ní bheidh ardáin ar líne in ann réadmhaoine a fhógairt i gCriosanna Brú Cíosa (CBCanna) nach bhfuil an cead pleanála riachtanach acu. Is cion é do na húinéirí réadmhaoine aonair agus do na hardáin ar líne gan na forálacha seo a chomhlíonadh.

Mar thoradh ar na rialuithe nua, beidh níos mó tithe ag filleadh ar an margadh cíosa fadtéarmach in CBCanna, ina bhfuil na cíosanna is airde agus ina bhfuil an deacracht is mó ag teaghlaigh tithíocht inacmhainne a fháil.

Léigh tuilleadh faoi na rialuithe rialála nua maidir le ligean gearrthéarmach

Níl cead pleanála de dhíth chun seantithe tábhairne a athoiriúnú go haonaid chónaithe

Ar an 25 Feabhra 2022, shínigh an tAire O'Brien Rialacháin Phleanála a thabharfaidh díolúine ó chead pleanála do dhaoine atá ag iarraidh seantithe tábhairne a athoiriúnú go haonaid chónaithe. Tá an díolúine nua seo le fáil i síneadh ar Rialacháin Phleanála 2018 a cheadaíonn athrú úsáide ar áitribh thráchtála fholmha áirithe chun úsáide cónaithe. Orthu seo áirítear limistéir fholmha os cionn áitribh ar urlár na talún, áiteanna cónaithe os cionn siopaí san áireamh. Tá sé mar aidhm ag na díolúintí seo athúsáid foirgneamh tráchtála folamh a chur chun cinn ar mhaithe le soláthar tithíochta a mhéadú agus chun ceantair uirbeacha a athnuachan.

Léigh tuilleadh faoin díolúine d'athoiriúnú seantithe tábhairne

Beartas Tús Áite do Lár an Bhaile Seolta

D'fhoilsigh an rialtas Tús Áite do Lár an Bhaile — Cur Chuige Beartais do Bhailte in Éirinn ar an 3 Feabhra 2022. Tá sé mar aidhm ag an mbeartas aghaidh a thabhairt ar thithe folmha agus tréigthe agus anam a chur i lár ár mbailte. Tá 33 gníomh ar leith ag Tús Áite do Lár an Bhaile a thabharfaidh dár mbailte na huirlisí agus na hacmhainní a theastaíonn uathu chun a bheith níos inmharthana agus níos tarraingtí chun cónaí iontu, chun obair iontu, chun cuairt a thabhairt orthu agus chun gnó a reáchtáil iontu.

Léigh tuilleadh faoin mBeartas Tús Áite do Lár an Bhaile


Bileog Eolais

Slí chun Aghaidh a thabhairt ar Fholús agus Úsáid Éifeachtach an Stoic Reatha - Bileog Eolais
Amharc amharc