Conair chun Soláthar Tithíochta Nua a Mhéadú
- Foilsithe: 2 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 19 Bealtaine 2023
Tá dlúthbhaint ag soláthar a mhéadú chun cuid mhór dár ndúshláin tithíochta a réiteach. Léiríonn taighde go bhfuil 33,000 teach nua ar an meán in aghaidh na bliana ag teastáil ón Stát suas go dtí 2030. In 2021, tógadh 20,570 teach. In 2022, tógadh 29,851 teach. Sháraigh iomlán na dtithe a tógadh in 2022 an sprioc a bhí ag Tithíocht do Chách 24,600 teach a thógáil in 2022.
Thar shaolré Thithíocht do Chách go dtí 2030, beidh an Stát ar an soláthraí tithíochta sóisialta inacmhainne is mó. In éineacht leis an earnáil phríobháideach, ardóidh sé an soláthar tithíochta go suntasach chun freastal ar an éileamh.
I measc na bpríomhghníomhaíochtaí a gealladh nó atá curtha ar fáil faoin gconair sin, tá na nithe seo a leanas:
- Tá ciste nua Croí Cónaithe (Cathracha) atá i bhfeidhm chun dul i ngleic leis na constaicí atá le i dtaca le forbraíochtaí árasáin a thógáil d'úinéirí lonnaitheacha i gceantair uirbeacha. Sáróidh sé an "Bearna Inmharthanachta" atá ann idir an costas a bhaineann sé árasáin a thógáil agus praghas díola an mhargaidh (nuair atá an costas tógála níos airde). Tá €450 milliún dáilte go dtí an bhliain 2026, agus táthar ag súil go soláthrófar suas go 5,000 árasán sa bhreis do dhaoine aonair atá ag iarraidh áit chónaithe a cheannach
- Cáin ar Thithe Folmha a tugadh isteach sa bhliain 2023. Is é príomhchuspóir na cánach nua seo ná an soláthar tithe atá ar cíos nó le ceannach a mhéadú chun freastal ar éileamh
- Cáin ar Thalamh Chriosaithe Cónaithe a thabhairt isteach. Is é a príomhchuspóir atá léi ná chun soláthar tithíochta a mhéadú trí thailte seirbhíse atá criosaithe d'fhorbairt chónaithe (tailte ilchineálacha san áireamh) a ghníomhachtú do thithíocht. Tá sé mar aidhm aici freisin úinéirí talún a dhreasú chun ceadanna pleanála atá ann cheana a úsáid le haghaidh tithíochta
- Ranníocaíochtaí ó fhorbróirí go tithíocht shóisialta inacmhainne a ardú - ó 10% go 20% - i luach ardaithe na bhforbairtí cónaithe criosaithe
- Comhroinnt Luachanna Talún a thabhairt isteach le deimhniú go roinntear an t-ardú ar luachanna talún a eascraíonn as cinntí criosaithe. Cuirfear an cion a fhaigheann an Stát isteach i dtreo an infreastruchtúir áitiúil chun tacú le forbairt, lena n-áirítear tithíocht shóisialta agus tithíocht inacmhainne rud a thabharfaidh an fiúntas is mó don phobal
- 'Criosanna Forbartha Uirbí' a bhunú, a sholáthróidh cur chuige comhordaithe pleantreoraithe maidir le forbairt chónaithe agus uirbeach a chur ar fáil
- Próiseas pleanála nua a thabhairt isteach d'fhorbairtí cónaithe mórscála, ag teacht in ionad an phróisis 'Forbairt Straitéiseach Tithíochta". Táthar i ndiaidh an méid seo a leanas a thabhairt isteach *Tá banc talún an Stáit chun suas le 15,000 teach a chur ar fáil, agus tá an Stát chun maoiniú a thabhairt d'údaráis áitiúla ar mhaithe le ceannach talún
- €2.4 billiún sa mheán de mhaoiniú díreach Stáit a chur ar fáil in aghaidh na bliana go dtí 2025, agus €3.5 billiún de mhaoiniú a chur ar fáil tríd an nGníomhaireacht Forbartha Talún
- Athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar reachtaíocht phleanála agus í a dhaingniú. Tá Dréachtbhille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2022 foilsithe ag an Rialtas. Tabharfaidh an bille, má achtaítear é, níos mó soiléireachta, comhsheasmhachta agus cinnteachta maidir le conas a dhéantar cinntí pleanála. Cinnteoidh sé go bhfuil an córas pleanála níos comhleanúnaí agus níos éasca le húsáid don phobal agus do chleachtóirí pleanála
- Seoladh an Tionscnaimh Tógála Todhchaí chun folúntas fostóirí a chur le cuardaitheoirí fostaíochta go héasca, agus chun oideachas agus oiliúint a mholadh dóibh, más gá
- Chun beartán gníomhartha a chur chun cinn a chumasóidh agus a fheabhsóidh gníomhachtú earcaíochta idirnáisiúnta agus fórsa oibre na tíre san fhoirgníocht
- Athruithe cuimsitheacha ar chóras na gceadanna fostaíochta a dheimhníonn go bhfuil gach gairm bheatha san earnáil tógála incháilithe do Chead Fostaíochta Ginearálta. Táthar i ndiaidh na hathruithe seo a chur a i bhfeidhm
- Plean Gníomhaíochta don Phrintíseacht 2021-25 a chur i bhfeidhm
- Reachtaíocht a fhoilsiú chun ligean d'Ollscoileanna Teicneolaíochta iasachtaí a fháil ón nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe
- Anailís a dhéanamh ar gach gné de chostas tógála (lena n-áirítear costas an chomhlíonta) a bhaineann le forbairt tithe agus árasán, atá bunaithe ar chomparáidí idir chostas le tíortha ón AE atá inchurtha le hÉirinn. Aontófar ar roinnt gníomhartha leantacha
- Freagairt chomhpháirteach Ardoideachais agus Bhreisoideachais ar éilimh scileanna a fhoilsiú chun ár gcuspóirí aisfheistithe do thithíocht agus d'áiteanna cónaithe a bhaint amach
- Treoracha Alt 28 d'Údaráis Phleanála maidir le Treoracha um Dhlúthlonnaíochtaí Inmharthanachta (TDI) a fhoilsiú, lena n-áirítear treoracha maidir le saintréitheachtaí tithíochta chun cur chuige nuálach a éascú do thógáil meándlúis agus ard-dlúis a d'fhéadfadh cabhrú le hinmharthanacht i dtaca le tógáil tithíochta
- Treoracha Alt 28 ar Thithíocht Uirbeach Inmharthana a leasú: Caighdeáin d'Árasáin Nua a dhearadh chun nach n-áireofar cóiríocht Tóg le Ligean ar Cíos mar chineál forbraíochta ar leith
- Clár oibre um Thaighde Earnála Tógála de chuid Ionad na Teicneolaíochta Foirgníochta a shainmhíniú agus a thionscnamh chun na réimsí teicneolaíochta a d'aithin an tIonad a chur ar fáil
- Treochlár incriminteach a fhorbairt le cuspóirí i dtaca le húsáid Modhanna Nua-Aimseartha Tógála i bhfoirgníocht a sholáthraíonn an Stát
- Plean gníomhaíochta a fhorbairt chun gairmeacha san earnáil tithíochta a chur chun cinn
- Na torthaí agus na moltaí a mheas ón Tuarascáil um Chúiseanna le hArdú Costas ar Fhorbairt Chónaithe agus um Sholáthar Airgeadais d'Fhorbairt Chónaithe. Roinnt gníomhartha a aontú le cur i bhfeidhm mar thoradh ar an tuarascáil
- Clár oibre a mheas chun an Córas Bainistíochta um Rialú Foirgníochta (CBRF) a nuashonrú rud a chuirfidh feabhas ar a chuid anailísíochta sonraí agus ar cháilíocht an eolais a fhaightear faoi thosuithe tithíochta
- Leanúint leis an méadú ar chumas oiliúna i bprintíseachtaí ceardaíochta i gceantair réigiúnacha i bprintíseachtaí mór-ráchairte a bhaineann le tógáil, lena n-áirítear pluiméireacht agus cearpantóireacht agus siúinéireacht
- Tús a chur le hathbhreithniú ar réimis na nIontaobhas Infheistíochta Eastáit Réadaigh (IIER) agus Chiste Eastáit Réadaigh na hÉireann (CERÉ) chun machnamh a dhéanamh ar conas is féidir leo leanúint orthu ag tacú le cuspóirí beartais tithíochta.
Léigh an chonair seo de ‘Tithíocht do Chách’ ina iomláine.
An tEolas is Déanaí
Tá comhoibriú riachtanach chun úsáid Modhanna Nua-Aimseartha Tógála i soláthar tithíochta a luathú
Ar an 22 Feabhra 2023, eagraíodh imeacht do pháirtithe leasmhara na hearnála tógála chun díriú ar bhealaí a aimsiú a chuirfidh an nuálaíocht chun cinn agus a ardóidh táirgiúlacht i bhfoirgníocht chónaithe, lena n-áirítear úsáid Modhanna Nua-Aimseartha Tógála (MNT).
Bhí an t-imeacht mar chuid de thionscnamh tras-roinne agus tras-ghníomhaireachta na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta um MNT faoi Thithíocht do Chách.
Chuala na páirtithe leasmhara na scéalta is déanaí faoi thionscnaimh éagsúla Rialtais a bhí ar bun chun:
- fad tógála tithe nua a laghdú
- déantúsaíocht sheachtrach a mhéadú
- athruithe san earnáil a chur chun cinn.
Tá réimeas nua pleanála céim níos gaire agus an Dréachtbhille um Pleanáil agus Forbairt 2022 foilsithe
Ar an 26 Eanáir 2023, foilsíodh an Dréachtbhille um Pleanáil agus Forbairt 2022 lenar tugadh céim níos gaire do chóras pleanála feabhsaithe.
Tabharfaidh an bille, má achtaítear é, níos mó soiléireachta, comhsheasmhachta agus cinnteachta maidir le conas a dhéantar cinntí pleanála. Cinnteoidh sé go bhfuil an córas pleanála níos comhleanúnaí agus níos éasca le húsáid don phobal agus do chleachtóirí pleanála.
Léigh tuilleadh faoin gcóras pleanála feabhsaithe
Léiríonn figiúirí go bhfuil an soláthar tithíochta bliantúil níos airde ná mar a bhí sé le deich mbliana
Ar an 26 Eanáir 2023, d'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (POS) figiúirí a bhaineann le tithe nua a críochnaíodh i gCeathrú 4 den bhliain 2022, a léiríonn gur tógadh 29,851 teach cónaithe nua sa bhliain 2022. Is ionann é sin agus ardú 45.2% ar 2021, bliain inar tugadh chun críche 20,560 teach cónaithe. Is é an líon iomlán bliantúil is mó riamh é ó chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh tús leis an tsraith sonraí in 2011. Is é 24,600 teach cónaithe nua an sprioc a bhí ag Tithíocht do Chách, plean tithíochta an Rialtais, in 2022.
Tógadh chun críche 9,148 teach cónaithe nua i gCeathrú 4 2022, an líon is mó de thithe cónaithe a críochnaíodh riamh in aon ráithe amháin ó cuireadh tús leis an tsraith sonraí.
Léigh tuilleadh faoin soláthar tithíochta bliantúil
Tuarascáil anailíse faoi reachtaíocht tógála agus scileanna tógála foilsithe
Ar an 22 Nollaig 2022, foilsíodh an Tuarascáil um Anailís ar Scileanna do Thógáil agus Aisfheistiú Cónaithe 2023 go 2030.
Mar ghníomh tosaíochta faoi Thithíocht do Chách, aithníonn an tuarascáil na riachtanais scileanna tógála atá ag an earnáil bhreisoideachais agus oiliúna agus ag an earnáil ardoideachais chun freastal ar na cuspóirí tithíochta agus aisfheistithe a leagadh amach i dTithíocht do Chách agus sa Phlean Aisfheistithe Náisiúnta.
Léigh tuilleadh sa Tuarascáil ar an Anailís ar Scileanna le haghaidh Foirgníochta Cónaithe
Foilsítear dréachtléarscáileanna talún criosaithe le haghaidh Cháin Talún Chriosaithe Cónaithe
Ar an 1 Samhain 2022, d’fhoilsigh údaráis áitiúla na Dréachtléarscáileanna Cánach Talún Criosaithe Cónaithe mar chuid de chur chun feidhme na Cánach Talún Criosaithe Cónaithe (CTCC).
Tá an beart CTCC ina chuid thábhachtach den chonair chun soláthar tithíochta nua a mhéadú, atá i bplean Tithíochta do Chách an Rialtais go dtí 2030.
Is í is aidhm don cháin, a mbeidh feidhm aici ó 2024 ar thalamh ábhartha ar ráta 3% den mhargadhluach, talamh a ghníomhachtú le haghaidh forbairt chónaitheach ar fud na tíre, seachas ioncam a chruinniú. Ní dhéantar ach an séú cuid de thalamh atá criosaithe cónaithe a ghníomhachtú le haghaidh tithíochta le linn Phlean Forbartha 6 bliana údaráis áitiúil.
Léigh tuilleadh faoi cháin talún criosaithe cónaithe (CTCC)
Feidhm tugtha le forálacha nua i dtaca le hAthbhreithnithe Breithiúnacha san Acht Um Pleanáil
Ar an 20 Deireadh Fómhair 2022, tugadh feidhm le hAlt 22 den Acht Um Pleanáil agus Forbairt, Nithe Muirí agus Luacháil 2022 (Leasú) (an tAcht) ón 20 Deireadh Fómhair 2022. Tugadh feidhm le hAlt 22 den Acht trí Ordú 2022 (Tosach feidhme Forálacha Áirithe) Alt 22 den Acht Um Pleanáil agus Forbairt, Nithe Muirí agus Luacháil (Leasú) (Uimh.3) 2022.
Léigh tuilleadh faoi na na forálacha nua a bhaineann le hathbhreithnithe breithiúnacha
Faomhann an rialtas pacáiste maoinithe dar luach €186 milliún chun baile nua a fhorbairt i gCluain Buiríosa, Baile Átha Cliath
Ar an 27 Iúl 2022, cheadaigh an rialtas pacáiste deontasmhaoinithe ilbhliantúil d'infheistíocht bhonneagair ar luach €186.3milliún do Thionscadal Cumasaithe Bonneagair atá mar chuid de Chrios Forbartha Straitéisí (CFS) Chluain Buiríosa i nDeisceart Bhaile Átha Cliath. Tá an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach (CAFU) ag soláthar infheistíochta don bhonneagar riachtanach chun baile nua, Cluain Buiríosa, a fhorbairt. Tá an baile nua lonnaithe idir Leamhcán, Cluain Dolcáin agus Gleann na Life. Cuirfidh an maoiniú ar chumas os cionn 8,700 teach a thógáil ar an láithreán CFS, rud a chuirfidh tithíocht ar fáil, meastar do 23,000 duine.
Léigh tuilleadh faoi fhorbairt an bhaile nua i gCluain Buiríosa, Baile Átha Cliath
Treoirlínte nua chun dóthain soláthair tithíochta a chinntiú i ngach limistéar údaráis áitiúil
Ar an 1 Iúl 2022, eisíodh treoirlínte náisiúnta nua maidir le hullmhú Pleananna Forbartha údaráis áitiúil. Tá sé mar aidhm ag na treoirlínte athbhreithnithe a chinntiú go gcuirfear san áireamh sna Pleananna Forbartha an méid tithíochta atá tuartha i gceantar agus gur féidir dóthain tithe nua a thógáil sna príomhlimistéir ina bhfuil an t-éileamh tithíochta. Is feidhm riachtanach de chuid gach údaráis áitiúil é Plean Forbartha a ullmhú, áit a ndéantar roghanna tábhachtacha maidir le forbairt an cheantair amach anseo do na sé bliana atá amach romhainn. Cabhróidh na treoirlínte pleanála athbhreithnithe le pleanálaithe, ionadaithe tofa áitiúla, an pobal agus leis an earnáil forbartha an plean is fearr gur féidir a fhorbairt dá gceantar.
Léigh tuilleadh ar threoirlínte nua chun soláthar tithíochta leordhóthanach a chinntiú
Tá sé mar aidhm ag Scéim Cathracha nua Chroí Cónaithe suas le 5,000 árasán úinéirí-áitithe a chur ar fáil faoi 2026
An 10 Bealtaine 2022, sheol an tAire O’Brien, agus Príomhfheidhmeannach na Gníomhaireachta Tithíochta, Bob Jordan, gairm ar Léirithe Spéise i Scéim Chroí Cónaithe (Cathracha) an Rialtais. Tá sé mar aidhm ag an Scéim soláthar árasán úinéirí-áititheoirí a mhéadú agus rogha níos fearr a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo teach a cheannach. Táthar ag súil go gcuirfidh sé suas le 5,000 árasán breise ar fáil do dhaoine aonair atá ag iarraidh teach a cheannach i gcúig chathair, Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Port Láirge.
Tacóidh sé freisin le cuspóirí an rialtais maidir le dlúthfhás agus cathracha bríomhara a chruthú do dhaoine ar mian leo cur fúthu gar don obair agus áiseanna uirbeacha.
Faoin scéim atá beartaithe, cuideoidh ciste inmharthanachta le tús a chur le tógáil scéimeanna árasán. Laghdóidh an Scéim an bhearna inmharthanachta do na forbairtí sin a mheastar a chomhlíonann na critéir incháilitheachta agus ní bheidh an tacaíocht iníoctha ach amháin ag an díolphointe le húinéir lonnaitheach incháilithe. Tá €450 milliún leithdháilte ag an Rialtas don Scéim suas go dtí 2026
Léigh tuilleadh faoi Scéim nua Chroí Cónaithe (Cathracha)
Comhroinnt Luachanna Talún agus Criosanna Forbartha Uirbí
Ar an 22 Nollaig 2021, foilsíodh Scéim Ghinearálta an Bhille um Chomhroinnt Luachanna Talún agus Criosanna Forbartha Uirbeacha. Molann an Bille go bhfaigheann pobail sciar níos mó de na harduithe ar luach talún a eascraíonn as cinntí pleanála údaráis áitiúil agus infheistíocht phoiblí i mbonneagar. Le maoiniú do bhonneagar riachtanach agus do thithíocht shóisialta inacmhainne más cuí, rachaidh an "ardú" ar luach chun sochair na bpobal.
Tá coincheap na gCriosanna Forbartha Uirbeacha bunaithe ar na Criosanna Forbartha Straitéisí atá ann faoi láthair. Beidh cur chuige pleantreoraithe i gceist agus ní mór an méid seo a leanas a chur san áireamh:
- scéim phleanála agus soláthair
- príomhról cinnteoireachta ag an údarás áitiúil
- rannpháirtíocht luath leis an bpobal áitiúil agus le húinéirí talún.
Léigh tuilleadh faoi Chomhroinnt Luachanna Talún agus Criosanna Forbartha Uirbí