English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Conas dóiteán i do theach a bhrath

Cuimhnigh: D’fhéadfadh doleigheasta tarlú trí ionanálú deataigh i gcionn 3 nóiméad go díreach**.


Aláraim Dheataigh

Tarlaíonn a lán dóiteán san oíche nuair a bhíonn daoine ina gcodladh. Is féidir le deatach ó dhóiteán daoine atá ina gcodladh faoi chodladh níos troime, b’fhéidir nach músclódh sé iad. Trí aláraim dheataigh a shuiteáil beidh luathrabhadh faoi dhóiteán agat, rud a thabharfaidh am duit rud éigin a dhéanamh sula sáraíonn an deatach agus an múch díobhálach tú féin agus do theaghlach.

  • ba cheart ceithre bhrathadóir a shuiteáil i dteach meánmhéide
  • déan cinnte go ndéantar na haláraim dheataigh/theasa ar fad a shuiteáil agus a chothabháil mar is ceart
  • tástáil na haláraim gach seachtain agus a gceallraí gach bliain.

Aláraim Dheataigh - Tuilleadh Eolais

Cá mhéad aláraim dheataigh atá dhíth ort

I ngnáth-theach dhá urlár, ba chóir ceithre bhrathadóir a shuiteáil – brathadóirí deataigh ar gach ceann staighre agus sa seomra suite agus brathadóir teasa sa chistin.

Cá háit a suiteálfaidh tú iad

Ar an tsíleáil chomh gar do lár an tseomra agus is féidir leat. Déan cinnte go gcloisinn tú an t-aláram deataigh san oíche nuair a dhúntar na doirse.

Na cineálacha éagsúla Aláraim Dheataigh atá ann

Tá dhá chineál éagsúla Aláraim Dheataigh ann - “Ianúchán” agus “Optúil”

Aláraim Dheataigh Ianúcháin

Is é seo an cineál aláraim dheataigh is saoire agus is coitianta. Tá sé an-íogair do cháithníní beaga deataigh ó dhóiteáin “lasrach” amhail pannaí sceallóg. Braithfidh sé an cineál seo dóiteáin ag na luathchéimeanna agus sula mbíonn an deatach ró-thiubh le héalú.

Aláraim Dheataigh Optúil

Cineál atá beagáinín níos daoire ach níos éifeachtúla chun cáithníní níos mó ó dhóiteáin “malldóite” a bhrath, amhail cnádú cúir nó sreangú PVC.

Tá aláraim dheataigh Ianúcháin nó Optúil 10 mbliana ar fáil agus feistítear iad le ceallra litiam fadsaoil nó le paca cumhachta séalaithe a mhaireann 10 mbliana.

Cé chomh minic ar cheart duit na haláraim dheataigh a thástáil

Ní bhíonn mórán cothabhála de dhíth ar aláraim dheataigh ach ní mór a chinntiú go n-oibreodh sé nuair a bheidh gá leis:

  • uair amháin in aghaidh na seachtaine, tástáil an t-aláram deataigh tríd an gcnaipe tástála a bhrú agus a choinneáil go dtí go ngníomhachtaíonn sé
  • gach sé mhí déan an chásáil a fholúsghlanadh agus a scuabadh le réidh a fháil le dusta
  • athraigh an ceallra gach bliain (ach amháin más ceallra 10 mbliana atá ann)
  • thsholáthair an t-aláram deataigh gach 10 mbliana.

Cén t-aláram deataigh is oiriúnaí don taobh amuigh den chistin

Is iad na aláraim Dheataigh Optúla na cinn is oiriúnaí don áit seo toisc nach bhfuil siad ró-íogair i leith cáithníní beaga deataigh amhail cócaireacht tósta nó slisíní ag dó ach oireann siad go maith do cháithníní móra deataigh.

Cad is brathadóir teasa ann

Déanann brathadóir teasa go díreach mar a shílfeá - braitheann sé teas ach ní bhraitheann sé deatach nó múch. Tá sé an-oiriúnach le húsáid i gceantair ina bhféadfadh gníomhachtú bréagach a bheith ann mar gheall ar ghal, slisíní bagúin a dhó, múch gluaisteán agus mar sin de.

National Directorate for Fire and Emergency Management

Seoladh:
Department of Housing, Local Government and Heritage, Rm. G59, Custom House, Dublin 1, D01 W6X0