Criosanna Brú Cíosa
- Foilsithe: 16 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 19 Márta 2025
- Cad é Crios Brú Cíosa
- Criosanna Brú Cíosa Reatha
- Léarscáileanna Criosanna Brú Cíosa
- Nós imeachta dlíthiúil chun Crios Brú Cíosa a ainmniú
- Innéacs Cíosa an Bhoird Tionóntachtaí Cónaithe (RTB)
- Áireamhán Creasa Brú Cíosa
- An Ghníomhaireacht Tithíochta - Monatóireacht ar an Margadh Cíosa
- An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004,arna leasú
Cad é Crios Brú Cíosa
Is limistéar ainmnithe é Crios Brú Cíosa nach féidir na cíosanna a ardú níos mó ná boilsciú ginearálta ann, de réir mar atá taifeadta ag an Innéacs Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí (INCPT), nó 2%, má tá boilsciú níos airde.
Baineann an teorainn i dtaobh mhéadú cíosa an Criosanna Brú Cíosa le tionóntachtaí nua agus tionóntachtaí atá i bhfeidhm cheana féin seachas sa chás go bhfuil díolúine á cur i bhfeidhm. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi dhíolúintí anseo.
Faoi Thithíocht do Chách, plean tithíochta an Rialtais go dtí an bhliain 2030, tá síneadh curtha le cur i bhfeidhm Criosanna Brú Cíosa anna go dtí deireadh na bliana 2024.
Criosanna Brú Cíosa Reatha
Crios | Dáta | Reachtaíocht |
Comhairle Cathrach Chorcaí | An 24 Nollaig 2016 | Section 24B of the Residential Tenancies Act 2004-2024 |
Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath | An 24 Nollaig 2016 | Section 24B of the Residential Tenancies Act 2004-2024 |
Comhairle Contae Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin | An 24 Nollaig 2016 | Section 24B of the Residential Tenancies Act 2004-2024 |
Comhairle Contae Fhine Gall | An 24 Nollaig 2016 | Section 24B of the Residential Tenancies Act 2004-2024 |
Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath Theas | An 24 Nollaig 2016 | Section 24B of the Residential Tenancies Act 2004-2024 |
Baile an Chollaigh-Carraig Uí Leighin, Co. Chorcaí | An 27 Eanáir 2017 | SI 18 of 2017 |
Cathair na Gaillimhe Láir, Co. na Gaillimhe | An 27 Eanáir 2017 | SI 21 of 2017 |
Cathair na Gaillimhe Thoir, Co. na Gaillimhe | An 27 Eanáir 2017 | SI 23 of 2017 |
Cathair na Gaillimhe Thiar, Co. na Gaillimhe | An 27 Eanáir 2017 | SI 19 of 2017 |
Cill Droichid-Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara | An 27 Eanáir 2017 | SI 22 of 2017 |
An Nás, Co. Chill Dara | An 27 Eanáir 2017 | SI 20 of 2017 |
Cill Dara - An Droichead Nua, Co. Chill Dara | An 27 Eanáir 2017 | SI 29 of 2017 |
Cill Dhéagláin, Co. na Mí | An 27 Eanáir 2017 | SI 27 of 2017 |
An Inse - Baile an Bhiataigh, Co. na Mí | An 27 Eanáir 2017 | SI 28 of 2017 |
Ráth Tó, Co. na Mí | An 27 Eanáir 2017 | SI 26 of 2017 |
Bré, Co. Chill Mhantáin | An 27 Eanáir 2017 | SI 25 of 2017 |
Baile Chill Mhantáin | An 27 Eanáir 2017 | SI 24 of 2017 |
Cóbh, Co. Chorcaí | An 30 Márta 2017 | SI 113 of 2017 |
Maigh Nuad, Co. Chill Dara | An 30 Márta 2017 | SI 109 of 2017 |
Droichead Átha, Co. Lú | An 20 Meán Fómhair 2017 | SI 402 of 2017 |
Na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin | An 20 Meán Fómhair 2017 | SI 401 of 2017 |
Cathair Luimnigh Thoir | An 28 Márta 2019 | SI 121 of 2019 |
An Uaimh, Co. na Mí | An 28 Márta 2019 | SI 122 of 2019 |
Baile Átha Fhirdhia, Co. Lú | An 2 Iúil 2019 | SI 308 of 2019 |
An tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin | An 2 Iúil 2019 | SI 309 of 2019 |
Baile Átha an Rí - Órán Mór, Co. na Gaillimhe | An 2 Iúil 2019 | SI 310 of 2019 |
Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí | An 2 Iúil 2019 | SI 311 of 2019 |
Dún Dealgan - Cairlinn, Co. Lú | An 2 Iúil 2019 | SI 312 of 2019 |
Dún Dealgan Theas, Co. Lú | An 2 Iúil 2019 | SI 313 of 2019 |
Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí | An 2 Iúil 2019 | SI 314 of 2019 |
Guaire, Co. Loch Garman | An 2 Iúil 2019 | SI 315 of 2019 |
An Gort - Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe | An 2 Iúil 2019 | SI 316 of 2019 |
An Ghráig - Cúil an tSúdaire, Co. Laoise | An 2 Iúil 2019 | SI 317 of 2019 |
Ceanannas, Co. na Mí | An 2 Iúil 2019 | SI 318 of 2019 |
Cathair Chill Chainnigh | An 2 Iúil 2019 | SI 319 of 2019 |
Cathair Luimnigh Thuaidh | An 2 Iúil 2019 | SI 320 of 2019 |
Cathair Luimnigh Thiar | An 2 Iúil 2019 | SI 321 of 2019 |
Mainistir na Corann, Co. Chorcaí | An 2 Iúil 2019 | SI 322 of 2019 |
Port Laoise, Co. Laoise | An 2 Iúil 2019 | SI 323 of 2019 |
Baile Átha Troim, Co. na Mí | An 2 Iúil 2019 | SI 324 of 2019 |
Cathair Phort Láirge Thoir | An 2 Iúil 2019 | SI 325 of 2019 |
Cathair Phort Láirge Theas | An 2 Iúil 2019 | SI 326 of 2019 |
Baile Cheatharlach | An 26 Meán Fómhair 2019 | SI 478 of 2019 |
Maigh Chromtha, Co. Chorcaí | An 26 Meán Fómhair 2019 | SI 479 of 2019 |
Bealach Conglais, Co. Chill Mhantáin | An 18 Nollaig 2019 | SI 644 of 2019 |
Cóbh (lena n-áirítear Cnocán na Biolraí), Co. Chorcaí | An 18 Nollaig 2019 | SI 645 of 2019 |
Baile an Phoill, Co. Chill Chainnigh | An 18 Nollaig 2019 | SI 646 of 2019 |
Sligeach-An Leathros, Co. Shligigh | An 18 Nollaig 2019 | SI 647 of 2019 |
Baile Átha Í, Co. Chill Dara | An 22 Aibreán 2020 | SI 136 of 2020 |
Cill Airne, Co. Chiarraí | An 22 Aibreán 2020 | SI 137 of 2020 |
Mala, Co. Chorcaí | An 22 Aibreán 2020 | SI 138 of 2020 |
An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí | An 22 Aibreán 2020 | SI 139 of 2020 |
Tulach Mhór, Co. Uíbh Fháilí | An 22 Aibreán 2020 | SI 140 of 2020 |
Droichead na Bandan-Cionn tSáile, Co. Chorcaí | An 16 Iúil 2020 | SI 247 of 2020 |
Limistéar Riaracháin Chomhairle Contae Chill Dara | An 29 Meán Fómhair 2020 | SI 380 of 2020 |
Cathair na Mart, Contae Maigh Eo | 28 Meitheamh 2023 | SI 333 of 2023 |
Inis, Co. An Clár | 31 Lúnasa 2023 | SI 430 of 2023 |
Limistéar Riaracháin Chomhairle Contae Chill Chainnigh | 31 Lúnasa 2023 | SI 431 of 2023 |
Limistéar Riaracháin Chomhairle Cathrach agus Chontae Luimnigh | 31 Lúnasa 2023 | SI 432 of 2023 |
Limistéar Riaracháin Chomhairle Cathrach agus Chontae Phort Láirge | 31 Lúnasa 2023 | SI 433 of 2023 |
Sionainn, Co. An Clár | 30 Samhain 2023 | S.I. No. 578/2023 |
Limistéar Riaracháin Chomhairle Contae na hIarmhí | 30 Samhain 2023 | S.I. No. 579/2023 |
Limistéar Riaracháin Chomhairle Chontae na Gaillimhe | 12 Meán Fómhair 2024 | SI 455 of 2024 |
Carraig Uí Leighin, Co. Chorcaí | 12 Meán Fómhair 2024 | SI 456 of 2024 |
Droichead Átha (Tuath), Co. Lú *** | 17 Deireadh Fómhair 2024 | Alt 24B de na hAchtanna um Thionóntachtaí Cónaithe 2004-2024 |
Sligeach-Droim Chliabh, Co. Shligigh | 5 Nollaig 2024 | IR 675 de 2024 |
Baile Átha Luain (Ros Comáin) | 26 Feabhra 2025 | IR 43 de 2025 |
*** Ainmníodh Toghlimistéar Áitiúil Dhroichead Átha (Tuath) ar dtús ina Chrios Brú Cíosa an 20 Meán Fómhair 2017. Athraíodh teorainn Thoghlimistéar Áitiúil Dhroichead Átha (Tuath) an 31 Eanáir 2019 chun Ceann Chlochair a áireamh agus ina dhiaidh sin measadh an chuid eile de Thoghlimistéar Dhroichead Átha (Tuath) a bheith ina Chrios Brú Cíosa an 17 Deireadh Fómhair 2024 faoi alt 24B de na hAchtanna um Thionóntachtaí Cónaithe 2004-2024.
Léarscáileanna Criosanna Brú Cíosa
Nós imeachta dlíthiúil chun Crios Brú Cíosa a ainmniú
In Alt 24A den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004, arna leasú, leagtar amach an nós imeachta don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta limistéar a fhorordú, le hordú, mar Chrios Brú Cíosa. Foráiltear leis go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht Tithíochta, i gcomhairle leis an údarás tithíochta ábhartha, togra i scríbhinn a dhéanamh don Aire go ndéanfaí limistéar sainaitheanta a fhorordú mar Chrios Brú Cíosa. Laistigh de sheachtain tar éis dó a leithéid de thogra a fháil, iarrfaidh an tAire ar Stiúrthóir an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB) Tuarascáil Crios Cíosa a thabhairt dó, laistigh de choicís, ar cibé an gcomhlíonann an limistéar atá beartaithe na critéir a shonraítear i bhfo-alt 24A(4) lena ainmniú mar Chrios Brú Cíosa.
Chun críche an Achta, sainmhínítear ‘limistéar’ mar limistéar riaracháin údarás tithíochta nó toghcheantar áitiúil (LEA) de réir bhrí alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil 2001. Níl aon fhoráil ann go n-ainmneofar aon chineál eile ceantair mar Chrios Brú Cíosa.
Roimh an 4 Meitheamh 2019, ba iad seo a leanas na critéir a bhí le comhlíonadh ag limistéar faoi alt 24A (4) den Achtanna um Thionóntachtaí Cónaithe lena ainmniú mar Chrios Brú Cíosa:
- taispeánann an fhaisnéis a bhaineann leis an limistéar, mar a chinntear trí thagairt don fhaisnéis a úsáidtear chun gach tuarascáil ráithiúil Innéacs Cíosa RTB a thiomsú, go bhfuil an ráta méadaithe bliantúil i meánmhéid an chíosa don limistéar sin níos mó ná 7% i 4 ráithe ar a laghad de na 6 ráithe roimh an tréimhse díreach roimh dháta thogra na Gníomhaireachta Tithíochta
- tá an meánchíos don limistéar sa ráithe dheireanach, mar a chinntear trí thagairt don fhaisnéis a úsáideadh chun gach tuarascáil ráithiúil Innéacs Cíosa RTB a thiomsú, os cionn an mheánchíosa náisiúnta (dá ngairtear an cíos caighdeánaithe náisiúnta Innéacs Cíosa go coitianta) sa ráithe dheireanach.
Dá bhrí sin, caithfidh ráta bliantúil an bhoilscithe cíosa sa cheantar a bheith 7% nó níos mó i 4 de na 6 ráithe dheireanacha; agus caithfidh an meánchíos do thionóntachtaí atá cláraithe sa cheantar leis an RTB sa ráithe dheireanach a bheith os cionn cíos caighdeánaithe náisiúnta an Innéacs Cíosa sa ráithe dheireanach.
Thug an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú) 2019 isteach forálacha nua maidir leis an meánchritéar cáilitheach cíosa le haghaidh ainmniú Criosanna Brú Cíosa le héifeacht ón 4 Meitheamh 2019.
Ag baint úsáide as sonraí RTB:
- déantar cíos teaghaise i gContaetha Chill Dara, na Mí agus Chill Mhantáin a chur i gcomparáid anois leis an meánchíos ar fud na tíre, gan cíosanna Bhaile Átha Cliath a áireamh; agus
- déantar cíos teaghaise lasmuigh de Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (i.e. lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, Chill Dara, na Mí agus Chill Mhantáin) a chur i gcomparáid anois leis an meánchíos ar fud na tíre, seachas cíosanna Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.
Innéacs Cíosa an Bhoird Tionóntachtaí Cónaithe (RTB)
An Tuarascáil Innéacs Cíosa RTB is déanaí.
Léiríonn Tábla 8 den tuarascáil na hathruithe cíosa le déanaí ar leibhéal an Limistéir Toghcháin Áitiúil (LEA). I gcás gach LEA, tugtar breac-chuntas i dTábla 8 ar líon na ráithí laistigh de na 6 Ráithe deireanacha ina raibh na harduithe bliantúla cíosa níos mó ná, nó cothrom le, 7% agus an chaoi a gcuireann leibhéil chíosa i ngach LEA i gcomparáid le cíos caighdeánaithe náisiúnta an Innéacs Cíosa.
Áireamhán Creasa Brú Cíosa
Tá áireamhán Creasa Brú Cíosa ar fáil ar láithreán gréasáin an Bhord um Tionóntachtaí Cónaithe chun cabhrú le tiarnaí talún agus tionóntaí a chinneadh an bhfuil a n-áitreabh i gCrios Brú Cíosa agus chun an t-uasmhéid cíosa a cheadaítear dá n-áitreabh a ríomh.
Tuilleadh eolais
Deirtear in alt 24A(5) den Achtanna -
'I gcás go bhfaigheann an tAire [Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta] tuarascáil ar chrios cíosa ón Stiúrthóir [den RTB] agus go ndearbhaíonn an tuarascáil go bhfuil na critéir i bhfo-alt (4) comhlíonta, forordóidh an tAire le hordú an limistéar mar crios brú cíosa ar feadh tréimhse sonraithe nach faide ná 3 bliana.'
Deirtear in alt 24A (6) den Achtanna -
'I gcás ina ndéantar limistéar toghcháin áitiúil a fhorordú le hordú [i.e. ordú ainmniúcháin RPZ ón Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta] mar bhrú cíosa agus, ina dhiaidh sin, déantar aon toghcheantair áitiúla a leasú go cuí ar bhealach a théann i bhfeidhm ar limistéar an limistéir thoghcháin áitiúil a fhorordófar amhlaidh, leanfaidh an t-ordú de bheith i bhfeidhm amhail is nár leasaíodh an limistéar toghcháin áitiúil lena mbaineann amhlaidh.'
An Ghníomhaireacht Tithíochta - Monatóireacht ar an Margadh Cíosa
Leanfaidh an Ghníomhaireacht Tithíochta ag déanamh monatóireachta ar an margadh cíosa agus féadfaidh sí réimsí breise a mholadh lena n-ainmniú. Más rud é, de réir na nósanna imeachta atá leagtha amach in alt 24A den Achtanna, go bhfaighfear amach anseo go gcomhlíonann réimsí breise na critéir, ainmneofar iad mar Chriosanna Brú Cíosa.
An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004,arna leasú
Tá comhdhlúthú riaracháin déanta ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004.