Cruinniú Mullaigh Oidhreacht Éireann 2030
- Foilsithe: 20 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 20 Eanáir 2025
Mar cheann de na gealltanais sa phlean náisiúnta oidhreachta – Oidhreacht na hÉireann 2030 – tugann an cruinniú mullaigh bliantúil le chéile geallsealbhóirí oidhreachta ó na hearnálacha príobháideacha agus poiblí, ó phobail agus ó phobail leasmhara. Is deis iontach é an cruinniú mullaigh chun dul i ngleic le díospóireachtaí ar leibhéal náisiúnta ar thodhchaí oidhreacht na hÉireann, eolas a fháil ar thionscnaimh éagsúla agus bualadh le daoine a bhfuil baint acu le caomhnú agus cur chun cinn oidhreacht na hÉireann agus a bhfuil suim acu ann.
Reáchtáladh an tríú Cruinniú Mullaigh Bliantúil Oidhreacht na hÉireann 2030 in Ionad Imeachtaí agus Taispeántas Printworks, Caisleán Bhaile Átha Cliath ar an 11 Meán Fómhair 2024 agus sruthaíodh ar líne é.
Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi Chruinniú Mullaigh 2024, agus faoi Chruinnithe Mullaigh a reáchtáladh roimhe sin, féach ar na tuarascálacha éagsúla thíos.