English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Dóiteán a chosc

Bíonn cúis le gach dóiteán agus go minic, bíonn modh stuama, simplí um chosc ann. Tá aird nó úsáid mhíchúramach do lastóirí agus cipíní toitíní, caitheamh tobac, leictreachas, teallaigh, téitheoirí, coinnle agus trealamh cócaireachta ina bpríomhchúiseanna le bás agus díobháil ó dhóiteáin. Is iad na haoisghrúpaí is mó atá i mbaol daoine faoi 12 bhliain d’aois agus daoine os cionn 60 bliain d’aois. Mínigh na contúirtí a bhaineann le dóiteáin do pháistí, beidh iontas ort cá mhéad a bheidh ar eolas acu cheana ón scoil nó cá mhéad a thuigeann siad, má mhínítear mar is ceart dóibh é.

Is é an dóigh is fearr le dóiteán a chosc foinsí breosla a choinneáil ar shiúl ó fhoinsí teasa féideartha. Agus é sin á choinneáil i gcuimhne amharc thart ar do theach chun teagmhais fhéideartha nach dteastaíonn de bhreosla ag buaileadh le teas a aimsiú. Ba chóir duit gach seomra i do theach a iniúchadh go córasach lena chinntiú go bhfuil sé sábháilte duitse agus do theaghlach 24 uair sa lá.

  • ná lig do bhruscar bailiú i do sheomra suite nó áit ar bith eile i do theach
  • ba chóir péinteanna, caolaitheoirí, ceimiceáin srl. a stóráil go cúramach taobh amuigh den teach.

National Directorate for Fire and Emergency Management

Seoladh:
Department of Housing, Local Government and Heritage, Rm. G59, Custom House, Dublin 1, D01 W6X0