Iarrthóirí Toghcháin Dála
- Foilsithe: 30 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 30 Meitheamh 2025
- Cé na daoine ar féidir leo seasamh mar iarrthóir Dála
- Foirmeacha Ainmniúcháin
- Teorainneacha caiteachais agus méid aisíocaíochta d’iarrthóirí Dála
- Teorainneacha caiteachais
- Teorainneacha aisíocaíochta
Cé na daoine ar féidir leo seasamh mar iarrthóir Dála
Is féidir le duine ar bith atá 21 bliain d’aois nó níos sine, ar lá na vótaíochta nó roimhe sin, agus atá ina shaoránach Éireannach, seasamh i dtoghchán don Dáil. Ní mór páipéar ainmniúcháin iarrthóra a chur isteach leis na nithe seo a leanas:
(a) Deimhniú Cleamhnachta Polaitíochta (ag deimhniú gur iarrthóir de chuid páirtí polaitíochta atá cláraithe i gCláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta an t-iarrthóir), nó
(b) (i) dearbhuithe reachtúla ó 30 aontaitheoir, atá cláraithe mar thoghthóirí Dála sa dáilcheantar ábhartha, nó
(ii) éarlais de 500 euro
Foirmeacha Ainmniúcháin
Tosaíonn an tréimhse chun ainmniúcháin a fháil ag 10am Dé Sathairn an 18 Eanáir agus críochnaíonn sí ag 12 meán lae Dé Céadaoin an 22 Eanáir.
Féadfaidh iarrthóirí iad féin a ainmniú nó féadfaidh toghthóir Dála don dáilcheantar iad a ainmniú. Is féidir foirmeacha ainmniúcháin a fháil ón gceann comhairimh. Forordaíonn an tAire na foirmeacha in Ionstraim Reachtúil Uimh. 481 2019.
Ba chóir d’iarrthóirí an Deimhniú Cleamhnachta Polaitíochta a fháil óna bpáirtithe polaitiúla.
Forordaíonn an tAire an Dearbhú Reachtúil, atá le comhlánú ag Aontaitheoirí in Ionstraim Reachtúil Uimh. 481 2019. Tá sé ar fáil freisin ó Chinn Chomhairimh agus ó údaráis chlárúcháin.
Tá an t-iarrthóir nó an moltóir freagrach as a chinntiú go seachadtar an páipéar ainmniúcháin críochnaithe chuig an gceann comhairimh roimh an am dúnta chun ainmniúcháin ag an toghchán a fháil.
Teorainneacha caiteachais agus méid aisíocaíochta d’iarrthóirí Dála
Baineann teorainneacha caiteachais nua agus méideanna aisíocaíochta le hiarrthóirí i dtoghcháin Dála. Tugadh éifeacht do na hathruithe sin san Ordú um an Acht Toghcháin 1997 (Athrú ar Mhéideanna Airgeadaíochta) 2024, a fógraíodh Dé Luain, an 21 Deireadh Fómhair 2024.
Teorainneacha caiteachais
Ní mór caiteachas toghcháin a thabhaíonn iarrthóir i dtoghchán Dála a bheith faoi bhun na dteorainneacha seo a leanas:
- €38,900 i ndáilcheantar 3 shuíochán
- €48,600 i ndáilcheantar 4 shuíochán
- €58,350 i ndáilcheantar 5 shuíochán
Baineann na teorainneacha caiteachais seo le gach costas a thabhaítear agus na híocaíochtaí a dhéantar chun maoin, earraí nó seirbhísí a sholáthar a úsáidtear chun críocha toghcháin le linn na tréimhse dar tosach dáta eisiúna an eascaire agus dar críoch an lá vótaíochta, an dá dháta sin san áireamh.
Ní mór ráiteas na gcostas toghcháin a thuairisciú don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí laistigh de 56 lá ó lá na vótaíochta.
Teorainneacha aisíocaíochta
- Féadfar na costais iarbhír a thabhaíonn siad a aisíoc le hiarrthóir a thoghtar, suas le huasmhéid de €11,200.
- Féadfar costais iarbhír arna dtabhú, suas le huasmhéid de €11,200, a aisíoc le hiarrthóir nach dtoghtar agus a sháraíonn aon cheathrú den chuóta ina ndáilcheantar nó ina dtoghcheantar.
Léigh an tOrdú um an Acht Toghcháin, 1997 (Athrú ar Mhéideanna Airgeadaíochta), 2024.